Comóradh anoir

Tá an duine níos casta, níos ainrialta, níos do-inste ná córas ar bith

Balla Bheirlín. Grianghraf: John MacDougall/Getty Images

Balla Bheirlín. Grianghraf: John MacDougall/Getty Images

 

Tá comóradh á dhéanamh le tamall anuas ar thitim bhalla Bheirlín, agus ar lean d’athruithe in oirthear na hEorpa. Tá sin intuigthe go follas, óir ba stát diansmachtúil é An Ghearmáin Thoir, ina ndeirtear go raibh duine as triúr ag obair ar shlí amháin nó eile mar spiaire de chuid an rialtais. Cuireann sé ola ar mo chroí nach raibh a fhios ag duine ar bith cad a bhí le titim amach in ainneoin an eolais, na faisnéise, na gcomhad mionsonaithe, in ainneoin an innill mhóir gan chrích a bhí in ainm is a bheith os cionn a raibh ar siúl.

Tá an duine níos casta, níos ainrialta, níos do-inste ná córas ar bith. Smaoinítear gur féidir gach eolas fút a chur i gcomhad, gach blúire amuigh ansin a bhreacadh fút, gach algartam a chnuasach is a ghreanadh i gcloich, agus ní sin tusa, in aon chor, beag ná mór, ná idir eatarthu, ar chor ar bith, a chuigint féin. Bhí anam eile ag preabadh is ag bualadh in oirthear na hEorpa seachas an ceann a raibh áireamh air. Óir, níl áireamh ar an duine.

Dheineas féin taisteal i gcríocha oirthear na hEorpa nuair a bhí faoin gcumannachas. Is ea, ní raibh oiread sin le ceannach. Thuairimeoinn nár airigh mé an focal ‘tomhaltóireacht’ riamh ag an am sin. Ach dúirt mé amhráin le hamhránaithe sa Bhulgáir a raibh a nós ceoil gaolmhar go leor lem aithris lag féin ar an nós dúchais againn féin. Agus léigh mé filíocht ar ardán traenach sa tSeirbia le filí a raibh folt fada orthu nach raibh ar Charles Manson féin. Cheapas, gan toit a chaitheamh, go raibh siad a bheag nó a mhór cosúil lem leitheidse, fág nárbh fhéidir leo guth a chaitheamh ar son Fuine Fáil ná Funna Gale, ná Páirtí an Luch Oibre ach oiread.

Níor ráinig mé an Ghearmáin Thoir go raibh an balla ar lár. Is tamall gairid tar éis a leagtha a bhí mé ann. Pábháil bhriste ar na sráideanna in Leipzig, soilse gáis fós ag siosarnach in Dresden. Ba léir an difríocht idir oirthear agus iarthar gan aon bhréig.

Tamall ina dhiaidh sin, tharla sinn ar thuras eagraithe go dtí Beirlín ar son margaí na Nollag. Bhí bean óg dheas léannta oilte mar threoraí againn. Thug eolas uaithi go fial agus go heolgaiseach agus go béasach.

Níor chuaigh stad ná sánas ná cónaí uirthi, áfach, ach ag caitheamh anuas ar oirthear Bheirlín agus ar na cumannaigh a bhíodh i gceannas ann. Ba chuma liom sin, mar bhí craiceann na fírinne, nó seithe éigin den taobh amuigh den fhírinne sa mhéid a bhí á chur os ard aici. Is é a ghoill orm, áfach, ná a thiomanta is a bhí sí a teachtaireacht féin a thiomáint gan teorainn chugainn. Is ea, níorbh áit sholasmhar í Oirthear Bheirlín d’fhormhór na ndaoine a bhí ina gcónaí ann. Ach bhí rud éigin ag brúchtaíl ionam an t-am ar fad, rud éigin gur theastaigh uaim a chur díom.

B’é rud é, a leithéid seo: ‘Tá seo ceart go leor, fad a ritheann. Ach smaoinítear mar seo air. Bhí sé i gceist agaibhse an tAontas Sóivéadach ar fad a chur faoi chois. Ba sibhse an máistirchine. Bhí sé i gceist agaibh ar a laghad a leath a mharú scun scan agus sclábhaithe a dhéanamh den leath eile. B’in an plean. Bhí sa phlean sclábhaithe a dhéanamh de mhuintireacha oirthear na hEorpa, sclábhaithe a dhéanamh de na Slavaigh ar fad. Fuair 26 milliún Rúiseach bás san iorghal is san ár a thionscain sibh. Ba sibhse an máistirchine, dar libh. Ach chloígh fodhaoine na Slavach sibh. Cad leis a raibh sibh ag súil? Go mbeadh siad go deas libh?’