Coiste chun tuarascáil an Choimisinéara Teanga a phlé

Tiocfaidh Rónán Ó Domhnaill os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán

An Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill. Grianghraf: Seán Ó Mainnín

An Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill. Grianghraf: Seán Ó Mainnín

 

Tiocfaidh an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill os comhair Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán amárach (Dé Máirt) nuair a thiocfaidh an Coiste le chéile chun an tuarascáil bhliantúil óna oifig do 2018 a phlé.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile: “Fáiltíonn an Comhchoiste roimh an deis plé a dhéanamh leis an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill. Ba tháirgiúil agus ba thábhachtach an bhliain í 2018 don Choimisinéir Teanga.”

“Rinneadh roinnt inscrúdúchán fíorthábhachtach a bhaineann le deacrachtaí maidir le rochtain a fháil ar sheirbhísí trí Ghaeilge, ar leibhéal náisiúnta agus sa Ghaeltacht, a thionscnamh agus a thabhairt chun críche.

“Bunaíodh córas nua faireacháin freisin de dheasca a laige an bhí córas na Scéimeanna Teanga, rud a d’fhág go raibh acmhainní faireacháin na hOifige, den chuid is mó, dírithe ar scéimeanna a bhí, ó am go chéile, lochtach nó mí-eifeachtach. Tógfaidh sé roinnt ama sara mbunófar an córas faireacháin go hiomlán, ach is forbairt dhearfach í,” a dúirt sí.

Léirigh an Coimisinéir i dtuarascáil na bliana seo caite go raibh líon clár trí Ghaeilge a chraoltar ar RTÉ thar a bheith easnamhach agus go raibh an seirbhís “ar neamhréir le toil an Oireachtais agus ag sárú forálacha teanga an Achta Craolacháin, 2009. Léiríodh san imscrúdú go bhfuil níos lú ná 1 faoin gcéad de na cláir a craoladh ar theilifís RTÉ sonraithe mar chláir Ghaeilge in ainneoin dualgas reachtúil réimse cuimsitheach clár a chraoladh sa teanga.”

Mhol sé go gcuirfeadh RTÉ plean feidhmithe faoina bhráid ina sonrófaí na bearta a ghlacfaidh an craoltóir chun na dualgais reachtúil teanga a comhlíonadh.

“Is léir go dteastaíonn cur le líon na gclár Gaeilge ar bhealach córasach agus cuimsitheach, i go leor réimsí clár, chun go gcomhlíonfaí na dualgais san Acht Craolacháin,” a dúirt an tUas Ó Domhnaill ag an am.

Cothrom na Féinne

Cuireadh borradh faoin bhfeachtas ar son Acht Teanga sa Tuaisceart an tseachtain seo caite nuair a shínigh 11 ball de Chumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga litir a thacaigh le hiarrachtaí gníomhaithe teanga atá ag troid ar son cothrom na féinne le fada an lá.

Agus cainteanna tosaithe arís chun an tsáinn in Stormont a shárú, b’fhéidir go gcabhróidh an tacaíocht ó choimisinéirí teanga Cheanada, tír na mBascach, na Cosaive, na Catalóine, na hÉireann agus na Beilge, chun é a chur ina luí ar mhuintir an DUP gur cheist níos leithne í ceist na gcearta teanga ná mar a ghlacann siad leis faoi láthair.

Mar a dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge an Dr Niall Comer agus é ag cur fáilte roimh an litir: “Is eisceacht muid sa phictiúr idirnáisiúnta. Tá reachtaíocht teanga ar fáil ar fud na n-oileán seo agus go deimhin ar fud na cruinne.”

Stocaireacht

Cé gur dóigh nach n-airíonn an gnáth shaoránach go bhfuil baint aige nó aici le polaiteoirí na linne, is féidir leis na saoránaigh, ar a laghad, tionchar éigin a imirt orthu le linn aimsir toghchánaíochta. Bheadh sé faillitheach gan leas a bhaint as seo agus ní nach ionadh mar sin gur thapaigh Conradh na Gaeilge an deis é sin a dhéanamh.

Tá trí ghealltanas lorgtha ag an gConradh ó iarrthóirí sna toghcháin áitiúla. Tagann siad le spriocanna An Stráitéis 20 Bliain don Ghaeilge, le pleananna teanga a chur i bhfeidhm agus le forbairt straitéiseach, chomhtháite a dhéanamh do chur chun cinn na Gaeilge.

1. Go bhfostóidh an údarás áitiúil Oifigeach Gaeilge lánaimseartha.

2.Go n-oibreoidh iarrthóirí chun a chinntiú gur ainmneacha i

nGaeilge amháin a chuirfear ar scéimeanna nua tithíochta.

3.Go gcuirfidh an t-údarás áitiúil plean teanga le chéile chun an Ghaeilge a chur chun cinn go straitéiseach i gceantar an údaráis.

Ó thaobh toghchán na hEorpa de, tá na gealltanais seo a leanas lorgtha ag an gConradh:

1. Go mbeidh comhaltaí sásta Gaeilge a labhairt go tráthrialta sa Pharlaimint.

2. Go gcinnteodh comhaltaí go mbeidh deireadh le maolú na Gaeilge san Aontas ag deireadh 2021.

3. Go mbeidh comhaltaí toilteanach tacú le pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge leas a bhaint as polasaithe agus scéimeanna tacaíochta an AE.

Ní éilimh mhóra iad cheapfá, ach nuair a smaoinítear go bhfuil breis agus cúig bliana déag caite ó reáchtáladh Stádas, an feachtas le teanga oifigiúil a dhéanamh den Ghaeilge san AE agus gurb iad rialtais na tíre seo a chuir moill ar chúrsaí, cheapfá go mbeidh aitheantas iomlán ag an nGaeilge mar theanga oibre faoi seo.