Coincréit anuas ar chneá

Tá dochar mór déanta ag an chríochdheighilt dár meon; tír stairiúil is ea Éire. Chan oileán.


Tá sé lá caite cheana féin ó tharla sé. Sin cúig lá trí huaire an chloig agus dhá scór móide cúig shoicind déag rófhada le go dtabharfaí aon aird air níos sia. Tá imithe isteach sa díchuimhne cheana féin. Caithfidh go bhfuarthas amhránaí éigin marbh ina chuid urlacain féin in árasán uaigneach éigin in San Francisco a bhain na cinnlínte dínn ó bhreac mé an méid seo.

Tá eagla orm é a lua. Tá léitheoirí gann go leor gan a thuilleadh a chur ó dhoras. Comóradh Chomhaontú Aoine an Chéasta atá i gceist agam, comóradh ar buaileadh na tairní isteach ann scór bliain is an Mháirt seo caite. Ná himítear anois! Go háirithe sibhse nach mbaineann leis an stáitín ó thuaidh, seachas leis an stát mór lándéanta misniúil ó dheas.

Má bhí eilifint sa seomra riamh, nó muc sa pharlús, nó easpag sa drúthlainn, nó baincéir bocht, nó síceolaí gaoismhear, nó cuileog sa chuiginn b’é pobal na náisiúntóirí ó thuaidh é in aigne na ndaoine ó dheas (seachas Inis Eoghain agus Inis Trá Tholl níos faide ó thuaidh, agus Rocál agus na Trí Mic ó gCorra).

Níorbh fhada ann don teorainn shnámhar ná gur shíl daoine gurbh ann di ariamh anall. Tarraingíodh línte cama san aigne níos daingne ná mar a bhí riamh ar léarscáil ar bith.

READ MORE

Rinne go leor de phobal an tSaorstáit dearmad glan ar an gcúinne thoir-thuaidh dá chríoch féin agus bheannaigh uathu le mallacht é.

Nuair a bhuail an Dún seacht gcineál bualtraí as Ciarraí don chéad uair, don chéad uair i measc mórán buillí eile, i gcraobh-chluiche peile na bliana 1960 bhí exotica áirithe ag baint leo. B’í seo an chéad uair d’fhoirinn ‘aduaidh’ an chraobh a thabhairt leo (tá’s agam, An Cabhán, ach sin saghas ‘no-mans-land’ dar le cách eile a chéile), agus bhí idir dhraíocht agus dhánaíocht agus dhalbacht á leanúint. Ba mheasa fós ná gurbh fhoireann ó na ‘sé chontaetha’ iad. Níor dhual dúinn seo.

Nuair a shroich Ard Mhacha an cluiche ceannais in aghaidh na nDubanna sa bhliain 1977 bhí an lasair sa bharrach cheana le nach mór deich mbliana. Ba náireach mar a cuireadh i gcró faoi leith a lucht leanúna agus mar ar cuireadh slándáil i bhfeidhm amhail is gurbh iad Millwall a bhí ag imirt. Bhí an meon críchdheighilteach ó dheas in airde láin. B’é an meon críchdheighilteach sin an bac ba mhó in aghaidh aontú, nó comhaontú, nó conradh réitigh ar bith soir ó thuaidh le leathchéad bliain.

Ní raibh an stát ó dheas (dearmadtar Inis Eoghain etc…) ag smaoineamh ar an stáitín thuaidh-thoir mar chuid den, abraimis é, mar chuid den aon dioscúrsa amháin. Ach b’ea. Chaithfeá a bheith iomlán aineolach, nó neamhliteartha, nó bodhar, nó id bhall d’Fhine Gael, nó d’Fhianna Fáil Nua, nó den Luch Oibre, nó de Niú Agenda, nó de Pháirtí an Allais, nó de Thóraithe Shasana, nó de Shinn Féin Leasaithe, nó PídíDeamhna chun drannaidh leis an amaidí neamhstairiúil seo.

Cuid den bhrútam prúcam prácam sin is ea ‘oileán’ a thabhairt ar an tír seo againne go leanúnach.

Tá náire orthu ‘tír’/’country’ a thabhairt ar an áit. Bheadh sin ag dul thar fóir. ‘Stát’ is ea an fearann atá faoi chumandracht ag rialtas Bhaile Átha Cliath; ‘stáitín’ (más maith nó muran maith leat é) atá ar na críocha sin eile lastuas dínn.

Oileán is ea an Eoraip, an Áis agus an Afraic arna gcur le chéile.

Tír stairiúil is ea Éire. Chan oileán. Chuir Comhaontú Aoine an Chéasta coincréit anuas ar chneá a bhí ann le fada. Ach is ann don chneá fós. Cuid ghránna di ó dheas.