Cliseadh cumarsáide ina údar aighnis?

‘Tá siad tar éis muid a chaitheamh amach ón ár séipéal féin’

 

Foclóir: Beagnach - almost, glaoch - call, scothmhór - fair-sized, diomá - disappointment, Coiste Tréadach - Pastoral Committee, cór - choir, tráthrialta - regularly, constaic - difficulty, agóidíocht - protesting, beartaithe - intended/planned.

Tá cúl tugtha ag an Eaglais do phobal Gaeilge pharóiste Dhún Laoghaire. Sin é an dearcadh atá ag tuataí sa pharóiste úd ó cuireadh deireadh leis an Aifreann Gaeilge in Eaglais Naomh Mícheál beagnach dhá bhliain ó shin.

Baineadh geit as pobal an Aifrinn Ghaeilge i Samhradh 2017 nuair a d’fhógair an Sagart Paróiste Paul Kenny amanna nua Aifrinn gan trácht ar bith ar an Aifreann Ghaeilge a ceiliúradh sa pharóiste le caoga bliain roimhe sin.

Ag labhairt di le Tuarascáil rinne Bríd Nic Shamhráin cur síos ar an díomá atá ar an bpobal faoin mbealach in a ndúirt sí gur caitheadh leo.

“Bhíos féin as baile. Fuaireas glaoch ag rá go raibh siad tar éis stop tobann a chur leis an Aifreann as Gaeilge. Dúradh go raibh líon na nAifreann dhá laghdú acu mar nach raibh go leor sagart ann.”

“Bhí grúpa láidir tar éis a bheith ag canadh, ag casadh ceoil agus ag léamh léachtaí le blianta. Agus gan faic, gan aon chumarsáid leis na daoine sin, gan bhuíochas, nó aon rud a rá leo, bhí an tAifreann stoptha”.

“Mothaím go láidir faoi mar is iad m’athair agus mo mháthair féin a bhí bainteach le tús a chur leis an Aifreann 50 bliain ó shin,” a deir sí.

“Nuair a scríobhas chuig an sagart paróiste dúras é sin. Dúras go raibh m’athair ar cheann de na daoine a chuaigh timpeall ó theach go teach ag bailiú airgid leis an séipéal nua a thógáil nuair a dódh an séipéal sna seascaidí. Is cuimhin liom gach uile oíche Aoine m’athair ag bailiú airgid don séipéal sin agus mothaíonn muid anois go bhfuil muid curtha amach as.”

“Ach, ní bhfuair mé aon fhreagra ar an litir sin.”

Bhíodh grúpa scothmhór ann gach Domhnach, a deir sí, le thart ar 100 duine ag freastal ar an Aifreann go tráthrialta. “Sa lá atá inniu ann, sin méid suntasach nuair atá an Eaglais ag iarraidh daoine a choimeád. Tá siad tar éis muid a chaitheamh amach ón ár séipéal féin. Sin mar a mhothaíonn muid.”

I ráiteas a d’eisigh an tAth Kenny le Tuarascáil, mhaigh sé gur cuireadh tús le comhairliúchán paróiste go luath i 2016 maidir le líon na nAifreann Domhnaigh a laghdú.

Dúirt sé gur iarr cathaoirleach an Choiste Tréadach, an tAth Ó Cochláin, i 2017 ar bheirt bhall de chór Phobal Aifreann Dhún Laoghaire “róta a chothú de chléir áitiúil a bheadh sásta Aifreann a cheiliúradh as Gaeilge.”

“Is léir nár tharla sé seo,” a deir sé.

Anuas ar sin, dúirt sé nar thug an cór aghaidh ar na hamanna nua Aifrinn agus dhá bharr seo, nach gceiliúrtar Aifreann Gaeilge sa pharóiste.

Dúirt Pauline Uí Argáin, stiúrthóir chór Phobal Aifreann Dhún Laoghaire, nach é an cór an t-údar sáraíochta.

“Ní h-é an cór amháin atá i gceist, is pobal le Gaeilge atá tréigthe mar nach bhfuil an tAifreann acu as Gaeilge. De réir an doiciméid a scríobh an tArd Easpag i 2016 tá Dún Laoghaire ina lár-ionad don Aifreann Gaeilge,” a dúirt sí.

Imlitir 2016

In imlitir a bhí sínithe ag Ard Easpag ard-dheoise Átha Cliath, an Dr Diarmuid Ó Máirtín, i Mí Eanáir 2016, dúirt sé go raibh méadú tar éis teacht ar an éileamh atá ar sheirbhísí Eaglasta trí mheán na Gaeilge. Dúirt sé gur mhian leis go gcothófaí an liotúirge trí Ghaeilge in Ard-deoise Átha Cliath agus go gcuirfí leis “i ngach slí gur féidir”.

Thagair sé ann d’imlitir a sheol sé i 2008 in ar ainmnigh sé lár-ionaid do phobal na Gaeilge (bhí Dún Laoghaire ina measc ) agus in ar luaigh sé “nach gcuirfí ar ceal aon Aifreann Gaeilge gan dul i gcomhairle liomsa agus leis an gCoiste Tréadach”.

“Is mian liom a chur in iúl go tréan, gurb é seo polasaí Ard-deoise Átha Cliath,” a dúirt sé sa litir.

Dar le Pádraig Ó Cearbhaill, Cathaoirleach Phobal Aifreann Gaeilge Dhún Laoghaire, níor tugadh aird ar litir an Ard Easpaig.

“Cad faoi litir an Ard Easpaig - ní raibh aon plé ann faoi seo! Fógraíodh sa nuachtlitir go raibh sagart ag imeacht agus seachtain ina dhiaidh sin fógraíodh go raibh deireadh dhá chur leis an Aifreann.”

“An tseachtain dar gcionn, léadh an tAifreann as Béarla. ‘Séard a tharla de facto ná gur cuireadh deireadh leis an Aifreann Gaeilge.”

Scríobh Pobal an Aifrinn chuig an sagart paróiste agus chuig an Ard Easpag ag súil go n-athrófaí an cinneadh.

“Ar dtús báire thóg muid an bealach béasach. Rinneamar gach iarracht. Ní thaitníonn agóidíocht linn, agus ní thaitníonn linn a bheith ag cur as do dhaoine eile,” a dúirt Bríd Nic Shamhráin.

“Chuireamar ríomhphoist, chuireamar litreacha go dtí an sagart paróiste, go dtí an tArd Easpag, agus freagra ní bhfuaireamar riamh.”

Mar iarracht ar an chonstaic a shárú, dúirt Ó Cearbhaill go mbeadh lucht an Aifrinn Ghaeilge sásta glacadh leis an am nua dá gceiliúrfaí as Gaeilge é.

“Da mba rud é go raibh an tAifreann ag a 9.15 dhá léamh as Gaeilge, dar ndóigh rachadh pobal na Gaeilge agus an cór ann,” a deir sé.

Tá cruinniú beartaithe ag Pobal an Aifrinn Gaeilge leis an gCoiste Tréadach an tseachtain seo áit a ndéanfar plé ar an aighneas.

Níor fhreagair Oifig Ard Easpag Átha Cliath iarratas ar agallamh ó Thuarascáil ach eisíodh ráiteas in ar dúradh gur chas ionadaithe ón gCoisteTréadach leis an ngrúpa seo cheana agus go bhfuil tuilleadh cruinnite beartaithe sa ghearrthéarma.