Chun na spéire!

Bhíomar le dul in airde taobh amuigh de Bhaile Átha Troim

FOCLÓIR: Díograiseach - fervent/devoted; cliabh - basket; ráiteas míchúramach - throwaway/careless remark; guth muinteartha - familiar voice; rois na ndóirí - the blast of the burners; níolón doloiscthe - flame-retardant nylon; gaothrán - fan; aighneas - argument/disagreement; léim bhuinsí - bungee jump.

]Roinnt blianta ó shin, ag cóisir dúinn, d’inis fear a bhí ar m’aithne, Tom McCormack, dom gur balúnaí díograiseach é. B’ionadh liom é seo a chloisteáil agus dúirt mé leis, i ráiteas míchúramach, gur bhreá liom dul in airde leis ach an t-am a bheith tráthúil.

Dhearbhaigh sé go gcoinneodh sé áit dom sa “chliabh” nuair a bheadh uain aige air. D’imigh bliain agus ba dhóigh liom go raibh dearmad glan déanta aige ar ár gcomhrá nó go raibh braon sa stuaic againn nuair a labhraíomar le chéile agus nach raibh rún dá laghad againn an scéal a chur i ngníomh.

Baineadh stad asam mar sin, i mí na Bealtaine na bliana ina dhiaidh sin nuair a bhuail m’fhón póca oíche Shathairn. Chuir guth muinteartha i gcuimhne dom an spéis a chuir mé san eitilt agus mhaígh go raibh dhá áit sa chliabh ar fáil aige an tráthnóna dár gcionn ach an aimsir a bheith tirim agus an ghaoth bheith bog. Bhí orm cur le m’fhocal agus thoiligh mé láithreach cé gur bhraith mé snaidhm bheag imní i mo bholg. Bhíomar le dul in airde taobh amuigh de Bhaile Átha Troim agus eitilt siar thar mhachairí na Mí gan éirí thar airde mhíle dhá chéad troigh.

READ MORE

An tráthnóna dár gcionn bhailigh Tom, agus a bhean chéile Noelle, muid. Bhí a n-iníon álainn Clara sa jíp freisin agus bhí ar intinn aici páirt ghníomhach a ghlacadh san eitilt de bharr go raibh Tom ag tabhairt ceachtanna di cheana féin. Bhí an dubhiontas orm nuair a thuig mé go raibh balún lánmhéide istigh sa bhosca cruach dlúth a bhí sa leantóir taobh thiar den jíp.

Ghiorraigh mionchomhrá an bóthar agus, faoi dheireadh, shroicheamar páirc mhór taobh amuigh de Bhaile Átha Troim. Bhí foirne balún sa pháirc cheana féin agus bhí an-teannas agus an-atmaisféar le blaiseadh fad a chuir siad a mbalúin i bhfearas.

Chualamar rois na ndóirí agus ansin chuaigh balún suas go grástúil maorga agus ceann eile díreach ina dhiaidh. Ba linne ansin é. Ó ba phaisinéirí muid bhí orainn páirt ghníomhach a ghlacadh san obair ó thús báire.

Bhí saothar orainn ag tarraingt ochtó troigh de níolón doloiscthe ón mbosca agus é a shéideadh le gaothrán. Ansin sheas an cliabh go cothrom ar an talamh. Isteach linn ceathrar agus sheas ‘chuile dhuine ar chúinne an chléibh d’fhonn é a bheith cothrom. D’fhan Noelle chun an jíp a thiomáint go dtí an áit a mbeimis ag tuirlingt.

Bhí an spás istigh an-chúng ar fad ach bhí trí cheanastar gáis ann. Sula raibh seans ar bith athrú intinne a bheith againn bhrúcht an dóire go tobann agus, leis sin, bhíomar míle troigh ar airde.

Bhraith mé ingne mo mhná céile i láimh liom nuair a tuigeadh dúinn go rabhamar théis muid féin a chur i bpriacal ár n-anamacha.

Thíos fúinn leath an radharc tíre glas le sneachta na sceacha geala ag roinnt na bpáirceanna óna chéile. Dúirt Tom go raibh sé tar éis éirí go tapa chun teacht suas leis na balúin eile a bhí romhainn. Thugamar chun grinnis splancacha oráiste a ndóirí i bhfad os ár gcionn.

Ní raibh ach luas seacht muirmhíle fúinn agus ansin d’iarr Tom ar a iníon Clara dul i gceann stiúrtha. Ghlac sí seilbh ar an mbalún aer te agus tháinig anuas go dtí trí chéad troigh. Faoin am seo bhíomar ag dul i dtaithí ar an eitilt agus ní rabhamar chomh himníoch is a bhí roimhe sin.

Bhíomar ag baint taitnimh as an taisteal neamhghnách seo ag stánadh síos ar eireabaill bhána na ngiorriacha agus iad ag teitheadh romhainn sna páirceanna fúinn. Sna tithe feirme i bhfad thíos fúinn chonaiceamar idir pháistí agus thuismitheoirí ag féachaint aníos le hiontas.

Rud a chuaigh i gcion go mór orm ná cineál na fuaime agus muid thuas sa spéir. Bhí gach uile fhuaim le cloisteáil go soiléir glé, ó mhéileach na gcaorach go géimneach na mbó ní áirím guthanna na ndaoine a sheas chun breathnú aníos orainn.

‘Cuir síos an citeal,’ a bhéic Tom agus ba ghearr go raibh freagra aníos: ‘An socróimid áit duit don dinnéar mar sin?’

Ba léir thíos fúinn jíp Noelle, agus í ag cuardach áit tuirlingthe dúinn. Bhí sí i dteagmháil le Tom i gcónaí ar an bhfón póca go dtí gur thogh sí áit dheas slán chun tuirlingthe.

Ba í seo Cnoc an Línsigh, (Summerhill) Contae na Mí, i bpáirc fhairsing in aice leis an séipéal. Thángamar anuas go ciúin réidh agus chonaiceamar muintir an tsráidbhaile ag féachaint aníos orainn.

Ba ghearr go rabhamar ar thalamh slán agus muid ag brú an aeir ón mbalún go raibh sé beag go leor chun dul isteach sa bhosca cruach.

Lig Tom do na páistí áitiúla léimt isteach sa chliabh agus bhí an-spraoi acu.

Tamall ina dhiaidh sin, sa teach tábhairne áitiúil, bhuaileamar le balúnaithe eile agus roinneamar scéalta ar nós seansaighdiúirí.

Bheadh cuimhne chruinn againn ar an lá seo agus bhí mé cinnte go luafainn go bródúil na h-imeachtaí sa todhchaí cé go mbeinn pas beag níos cúramaí faoi spóirt ghuaiseacha ar nós spéirthumadóireacht nó léim bhuinsí.

Fiú tar éis braon faoin bhfiacail ní fearr rud a dhéanfaidh mé ach srian a chur le mo theanga!

Nótaí:

* Is ábhar bróin dúinn gur bhásaigh beirt a raibh aithne orthu go forleathan i saol na Gaeilge le gairid – Micheál Ó Gruagáin – iar-phríomhfheidhmeannach ar Bhord na Gaeilge agus níos déanaí ar Fhoras na Gaeilge agus Rónán Ó Dubhthaigh fear ildánach a bhí ar an chéad bhainisteoir ar Raidió na Life. Suaimhneas síoraí dá n-anamacha agus sólás dóibh siúd atá go huaigneach ina ndiaidh.

* Réiteach ar Aighneas faoi Aifreann Gaeilge: Thuairiscigh an colún seo i mí an Mhárta in 2019 gur éirigh aighneas idir tútaigh agus sagart paróiste Dhún Laoghaire nuair a fógraíodh go tobann nach mbeadh an tAifreann as Gaeilge in Eaglais Naomh Mícheál a thuilleadh. Ach ceapadh sagart paróiste nua ó shin agus cé gur chuir an phaindéim Covid 19 moill ar chúrsaí, tháinig na páirtithe ar chomhaontú le gairid agus ceiliúrfar Aifreann seachtainiúil Gaeilge arís i nDún Laoghaire ag tús na hAidbhinte, ar an Domhnach 28 Samhain 2021.

* Féiríní na Nollag: An bhfuil gnó agat a fheidhmíonn agus a dhíolann earraí/seirbhísí trí Ghaeilge? Má tá, agus más mian leat go luafaí é in Tuarascáil, seol eolas (le grianghraf más féidir) chuig tuarascail@irishtimes.com roimh an 24 Samhain.