Chugainn Arís

Is fíor nach é Amhrán na bFiann an ceol is binne sa chruinne

Grianghraf: Tom Honan/The Irish Times

Grianghraf: Tom Honan/The Irish Times

 

Táthar chugainn arís. An cleas is déanaí le stoitheadh siar as a bhfuil bainte amach mar stát neamhspleách. An tAmhrán Náisiúnta a mhalartú ar rud éigin eile. Rud éigin nach gcuirfeadh isteach ar aon duine, rud éigin a bheadh inchlúisibh, rud éigin nach gcorródh cleite íogair an té is goilliúnaí amuigh. Is fíor go gcaithfear amhrán náisiunta nua a bheith againn nuair a thiocfaidh Éire aontaithe, ach is í an cheist mhór ná cén t-amhrán a d’oirfeadh? Táimse chomh hullamh le haon duine eile a bheith íogair agus so-ghortaithe pé rabhcán a n-aontófar air.

Is fíor nach é Amhrán na bFiann an ceol is binne sa chruinne. Fós féin, nuair a thagann ann do na móimintí sin i bPáirc an Chrócaigh nuair atáimid ‘shoving connie around the green’ roimh thús an chluiche tagann ardú meanman agus croí agus spride agus eile aníos ionainn de ruathar. Ardú meanman é sin níos airde ná ceann an rugbaí, óir is deacair do chroí a ghéilleadh go hiomlán don racht: ‘Island, Island, forever standing tall, shoulder to shoulder we answer Island’s call’.

Nuair a bhímse ag cluiche idirnáisiúnta rugbaí is mór é mo mhearbhall an ag scairtigh ar son an Bhlascaoid, nó na Cipire, nó Malta, nó EorÁise féin a bhím. Tar éis an tsaoil tá oileán amháin chomh maith le hoileán eile agus níl aon chúis go mbeifeá níos dílse do St Helena seachas do na Galapalogs.

Fág sin mar atá, caithfear díriú ar amhrán náisiúnta nua. Ní dhéanfaidh ‘Danny Boy’ an chúis, mar tá fadhb leis an teideal oifigiúil féin. Gearrann ‘Mná na hÉireann’ leath an phobail amach. Níl ‘Dónall Óg’ óg i gcónaí. ‘Uir-chill an Chreagáin’ ró-olagánach. Ceoltar ‘The Fields of Athenry’ go minic ag cluichí idirnáisiúnta sacair, ach is róbhaol go bhfuil sin maslaitheach do na tiarnaí talún a dhein a ndícheall tionóntaí a dhíbirt go daonna.

Is é mo rogha féin ‘Salonika’ a mbeidh eolas áirithe ag daoine air ó leagan Jimmy Crowley. Tar éis an tsaoil ticeálann sé gach bosca maidir le hamhrán náisiúnta a bheith againn. Ar an gcéad dul amach, tá sé bríomhar, agus d’ardódh croí gach imreora ar pháirc ar bith agus é á raideadh amach go fíochmhar, gan trácht ar an bhfuinneamh a chuirfeadh sé sa lucht féachana.

Clúdaíonn na daoine a throid ar son na saoirse agus iad siúd a throid ar son na hImpireachta araon, óir caithfear a bheith cothrom le cách.

‘And when the war is over what will the soldiers do/ They’ll be hobbling around on a leg and a half/ and the slackers they’ll have two’.

Is fior gurb amhrán Corcaíoch atá ann, ach ós rud é gurbh iad muintir Chorcaí is mó a throid ar son na saoirse, níor mhiste beagán aitheantais a thabhairt dóibh siúd mura mbeadh ach ar son na hinchlúisibhíochtúlachta amháin.

Admhaím, áfach, go gcaithfí an taobh Aontachtach thoir-thuaidh a chur sa mheá. Ní raghadh sé thar chumas beirte focail oiriúnacha a chur leis an bhfonn.

Níl anseo ach iarracht: ‘We are the Orange Billy boys/ with Taigs we are one/ we trashed those pesky Europeans/ at Aughrim and the Somme. ’ Oireann don fhonn.

Agus: ‘We love our own royal family/ It’s them we want to rule/ they deserve the richest caviar/ Though we live on thinnish gruel.’

Agus ar eagla na heagla: ‘For we are all just only islanders/ from a country without a name/ Let us all just mingle mangle/ for in pastry we are all the same.’

Ná habradh aon duine nach bhfuil mo dhícheall á dhéanamh agam comhthuiscint agus comhbhá agus comhbhráithreachas agus comhdheirfiúrachas a chothú le gach duine sa tír/oileán/fhearann/inis/chríoch/dúiche seo.

Rí Séarlas Liam Seoirse Pádraig Parnell Dev Carson abú!