Ceist: Cé dhéanfadh é?

Ní foláir nó bhí na trí seachtaine a d’imigh tharainn, agus a leithéid eile riamh, ar an tréimhse is measa i saol an pholaiteora.

Saoirse McHugh (Comhaontas Glas) ag stocaireacht i mBéal Easa  an tseachtain seo caite. Grianghraf: Bryan O Brien/The Irish Times

Saoirse McHugh (Comhaontas Glas) ag stocaireacht i mBéal Easa an tseachtain seo caite. Grianghraf: Bryan O Brien/The Irish Times

 

Anois agus crot na Dála ag dul i soiléireacht níos fearr ná mar a bhí sé maidin inné, na teachtaí nua ag cur snasa ar a gcuid málaí, na daoine nár éirigh leo ag cur pus orthu féin sa chúinne thiar, agus faoiseamh ar an gcuid eile den phobal go bhfuil an holam halam go léir thart, is maith is fiú an cheist a chur, cé a bheadh ina theachta Dála?

Ní foláir nó bhí na trí seachtaine a d’imigh tharainn, agus a leithéid eile riamh, ar an tréimhse is measa i saol an pholaiteora. Ag dul ó dhoras go doras ag cur straoise fáilte ort agus an doicheall romhat idir dhá ursain; leanaí a phógadh gan na prioslaí a bhaint ded bheola; glacadh le maslaí is le heascainí ó thaobh na dtaobhanna; miongháire leamh a choimeád ar an taobh amuigh ded chraiceann nuair a scaoiltear amaidí chugat; lámh a chraitheadh le daoine agus tú gan fios cén áit a raibh an lámh sin tamall roimhe; aontú le polasaithe nach bhfuil do chroí iontu ar son an pháirtí; bréaga corónta a insint nuair is gátar agus is riachtanach; madraí na sráide a bhfuil gach rud ar eolas acu a sheachaint, iarracht a dhéanamh smut beag éigin den chiall a bhíodh agat a choimeád agus na clichéanna go léir a fhoghlaim de ghlanmheabhair chun dallamullóg a chur a chur ar na daoine a thug guth duit i mbosca faoistine an bhotha vótála.

Cé a dhéanfadh é?

Ní foláir seithe thiubh, muineál ramhar agus dúil sa mhasacas a bheith agat d’fhonn dul le polaitíocht. Agus ar deireadh thuaidh theas siar thall, cad a bheidh agat dá bharra? Glaonna teileafóin i lár na hoíche, daoine ag tabhairt fút sa bhialainn áitiúil, sunc sna heasnacha le fearg ar chasadh na sráide, cráiteacháin d’iriseoirí ag lorg scéil, do chlann iníon is mhac faoi dhrochmheas má thacaíonn tú le dlí a chuireann as do dhaoine, litreacha le freagairt mar gheall ar chaora a chuaigh ar seachrán nó buinneán ar ladhar na méire bige den chois chlé ag vótóir, clinicí ina lorgaíonn daoine fábhair atá mídhleathach nó nach féidir leat iad a chur i gcrích, agus mar bhreis air sin, na clíchéanna go léir a fhoghlaim de ghlanmheabhair chun dallamullóg a chur ar na daoine a thug guth duit i mbosca faoistine an bhotha vótála.

Cé a dhéanfadh é?

Ó, mo dhearmad. Fairis sin, chaithfeá dul go dtí gach sochraid áitiúil agus comharthaí dobhróin a dhéanamh le gaolta a bhfuil fhios agat go bhfuil an dearg-ghráin acu ort, freastal ar gach dara seo is siúd imeacht san halla fuar ar imeall an bhaile agus buíochas a ghabháil leis an sagart paróiste ar son iasacht na háite, a bheith i láthair ag cluichí peile, iomána, camógaíochta ar ghoirt fhliucha shalacha phluideacha i gcorp an gheimhridh istigh nuair is beag duine eile a bheadh ann, a bheith inniúil ar mhil a chuimilt le gach duine a theangmhódh leat ar do shiúlta duit, labhairt go húdarásach ar ábhair nach mbeadh puinn eolais agat orthu, agus na clichéanna go léir a fhoghlaim de ghlanmheabhair chun dallamullóg a chur ar na daoine a thug guth duit i mbosca faoistine an bhotha vótála.

Cé a dhéanfadh é, agus cad chuige?

Nuair a thoghfaí tú, gheofá amach go raibh naimhde na bpáirtithe eile os do chomhair agus naimhde id pháirtí féin ar do chúl agus gur bheag an chumhacht a bhí agat lándáiríribh. Gheofá amach go raibh an státseirbhís ann chun smacht a choimeád ort, agus an saol mór mar a ritheann lena chúraimí gan chrích agus lena imeachtaí gan teorainn i gceannas ort.

Ach bheifeá i mbéal an phobail, agus b’fhiú sin.