Cearta na nAinmhithe

An bhfuil an t-am ann deireadh a chur le meafair a bhaineann le hainmhithe?


An tráth seo geimhridh is minic daoine ag caitheamh leathshúil an ghiorria ar dhaoine a fuair bás i rith na bliana seo caite.

Ní gá duit cuimhne na gcat a bheith agat d’fhonn seo a dhéanamh ná dul siar go dtí an t-am nuair a bearradh na róinte.

Is gnách gur polaiteoirí, neacha poiblí agus ceiliúráin a bhíonn á lua, nó neachtar acu, caora dhubh éigin a théann ar seachrán ón tréad.

Tháinig sé ar sodar chugam ar mo mharana dom, gur duine díobh siúd ba ea Alan Abel a d’imigh go ciúin uainn mar a bheadh sionnach san oíche.

READ MORE

Cealgaire

Cealgaire gairmiúil grinn a bhí ann a bhuail bobanna go minic ar phobal nach raibh ciall cuileoige acu don chuid is mó.

Poncánach ba ea é nárbh aon choinín i bpoll le teann eagla é, ach a bhain spraoi as guairí an phobail a tharraingt.

B’é ba cháiliúla dá chuid cleas, b’fhéidir, an Society for Indecency to Naked Animals a chuir rompu go gcaithfeadh ainmhithe éadaí oiriúnacha ionas go mbeadh cuma chuí agus gheanmnaí orthu.

Is féidir a áiteamh gurbh é an breac sa bhainne é, óir chuir sé as do dhaoine a shíl gur cúis scannail ba ea an tslí a n-iompraíodh ainmhithe iad féin agus a raibh dá mbaill bheatha le feiceáil gan chlúdach.

B’é mana ba tháscúla a bhí acu ‘A nude horse is a rude horse’, agus d’éirigh leis tacaíocht daoine measúla a fháil, daoine nár thuig go raibh sé ag iarraidh asail a dhéanamh astu.

Más gasta an míol, gabhtar é sa deireadh agus b’é a dhálta sin aige é.

Níor chuir sin stop leis, óir chuaigh sé sa pholaitíocht ar muin feachtais a chuirfeadh séiream na fírinne in uisce inólta an tSeanaid in Washington, arbh iarracht é reithe réabtha a chur tríd an gcóras lomdáiríre a ngéilltear dó.

Ba dhuine é a bhí chomh haerach le druid ina mheon féin agus a dhein talamh slán de go raibh formhór an phobail chomh ramhar le molt.

Mímheas ar ainmhithe

Chuimhnigh mé air nuair a chuala le déanaí go raibh dream éigin ag moladh nach mbainfí leas feasta as meafair agus as canúiní cainte atá mímheasúil ar ainmhithe.

Gach aon seans nach mbeidh anseo ach tórmach trom agus gan ann ach marbhlao ar deireadh, ach is cuid den ghluaiseacht ghinearálta í nár cheart aon rud a rá ná a scríobh a chuirfeadh adharca ar dhuine ar bith faoi thailte na bó finne.

Dar an ghabhair, ach tá seo láidir go maith in ollscoileanna áirithe, áit a chuirtear bac ar chainteoirí isteach a chuirfeadh dealg i gcrúba na mac léinn.

Shílfeá nach bhfuil san aos óg ach clúmh circín nó cleite colúir le héadroime mheabhrach agus go ndéanfadh aon smaoineamh aduain neamhfhaiseanta bia míoltóg díobh.

Is é nach dtuigtear ná go bhfuil sé contúirteach go mbeadh an duine agus na tuairimí ina thimpeall chomh mór lena chéile le gearrán bán agus coca féir.

Shílfeá gur amach faoi chearc a tháinig an óige agus go rachadh siad in adharc ghabhair dá dteangmhódh tuairim bhuile lena gcluasa boga.

Tá brí éigin leis an gceartaiseacht pholaitiúil, más é atá ann go díreach béasa an duine seachas béasa an bhroic.

Ach rómhinic an bhó is sailche eireaball is í is airde glam, agus is fíor gur mar a chéile an liobrálach a dhéanann cinsireacht agus an faisisteach a chuireann corc ionat, óir coileáin d’aon ál iad araon.

Is fearr a bheith ar muin na muice ná faoi bhois an chait.

Ní fiú paidir chapaill a dhéanamh den ghnó seo go léir seachas a áiteamh nach meánn sé ribe fionnaidh do na hainmhithe iad féin.