Ceannairc agus cuimhne

Tar éis an tsaoil, dream beag gan chead, gan mhandáid ba ea na daoine seo

Ba mhíchibhiúil an mhaise don uachtarán seasamh thíos i Sligeach an tseachtain seo caite agus comóradh a dhéanamh ar cheannairc gan dealramh in aghaidh na n-údarás oifigiúil. De réir tuairisce labhair sé go binn is go fileata ar ócáid chomórtha cheannairc na Connaught Rangers san India a chuir in aghaidh polasaí an rialtais sa chogadh cathardha a bhí ar siúl sa Ríocht Aontaithe sa bhliain 1921.

Tar éis an tsaoil, dream beag gan chead, gan mhandáid ba ea na daoine seo, murab ionann agus na deicheanna de mhílte d'Éireannaigh dhílse a throid i bhfad agus i gcéin ar son na sibhialtachta agus nár iarr de bhuíochas riamh ach scilling an rí. Dheineadar an íobairt mhór in Gallipoli agus ag Suvla agus ag Sud el Bar. Thug siad an tseirbhís sin uathu go deonach, seirbhís a bhíonn á comóradh gach bliain anois le poipíní dearga. Cuid mhór den maturité an t-aitheantas sin a thugtar dár muintir a dhaingnigh na campaí géibhinn san Afraic Theas ina bhfuair na deicheanna de mhílte bás, agus nach náir linn sin níos mó.

Cad chuige an t-uachtarán ag glóiriú an bheagáin sin a shíl go raibh sé de chead acu cur i gcoinne a gcuid oifigeach agus a gcomhshaighdiúirí in éirí amach nach raibh seans ar bith faoin spéir ghorm Indiach go n-éireodh leis? Mar Ardcheannasaí an airm, conas mar a réiteodh sé leis dá músclódh dornán beag de bhligeaird ceannairc ina measc toisc nár thaitn sé leo go rabhamar amuigh san Afraic ag cabhrú le rialtais a bhí ag cur smachta ar cheithearnaigh bhuile dá gcuid féin?

Tá leacht cuimhneacháin le nochtadh i gCearnóig Wolfe Tone i dTobar an Choire ar son na ndaoine seo. Ainm na cearnóige féin, is masla é do na hÉireannaigh sin go léir a chuidigh leis an éirí amach léanmhar sin a thionscain an Tónach céanna a chur síos. Chuaigh go leor acu amach ina dhiaidh sin chun poblachtánachas na Fraince a chloí faoi stiúir an Éireannaigh mhóir sin Wellington nár rugadh in stábla agus nárbh aon each é.

READ MORE

Cé go bhfuil spuaic chomórtha air a mhúsclaíonn spadhar i ndaoine áirithe in airde i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath, tá an saol ar tuathal nach ndéantar aon searmanais ina thimpeall go bliantúil níos mó. B’fhéidir gurb amhlaidh go bhfuil a chuid gaiscí dulta i léig i measc an phobail.

Ach má tá comóradh le déanamh ar cheannarcaigh Fhiannóglaigh Chonnacht, nach mbuafadh glan ar an méid sin scéil comóradh a dhéanamh ar an Ridire Michael O'Dwyer, an tÉireannach dílis, a dhein cosaint chomh fíochmhar sin ar an tsibhialtacht san India agus in Amritsar go ró-áirithe?

Agus dá nochtfaí plaic chuimhneacháin nó colún (níor ghá é a bheith chomh hard le ceann Wellington) i nGabhal Luimnigh dó, an mbeadh an t-uachtarán, nó an Taoiseach, nó an Tánaiste é féin, nó an tAire Cosanta agus Cogaidh toilteanach teacht agus óráid a thabhairt ag moladh na seirbhíse oiní a thug sé uaidh ar son an rialtais? Agus mura mbeadh, cén fáth? Sinn gan a bheith maitiúir go leor fós?

Tá polaiteoirí áirithe sásta an poipín a chaitheamh anois agus go ceann cúpla seachtain, go fiú an ceann leithscéalach le suaitheantas seamrógach na nDúchrónach air, ach glacann neamhfhonn iad nuair a iarrtar orthu seasamh ar son na dlí agus an chirt sna cásanna sin nach bhfuil aon siar ná aniar ag baint leo.

Táimid náirithe ag an uachtarán tacú le ceannairc san arm dleathach breis agus céad bliain ó shin. Is mithid do na polaiteoirí anois seasamh go daingean agus ‘thundering disgrace’ a thabhairt air d’aon ghuth.

Ní féidir é a bheith ina Thadhg agus ina Sheán againn.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar