Castro, mo chara

Níl sé i gceist aige cianóg rua ná nicil bhán a fháil ó bhilliunaí ar bith

Julian Castro. Grianghraf: Daniel Acker/Bloomberg

Julian Castro. Grianghraf: Daniel Acker/Bloomberg

 

Bhí bá áirithe riamh agam le Fidel, mar tar éis an tsaoil chuir sé deireadh le deachtóireacht ghránna Batista agus dhíbir na geallghlacadóirí agus árais an dúshaothraithe as Cúba, fara litearthacht a fhothú ann laistigh de shuim bheag blianta agus dochtúirí leighis a scaipeadh ar fud an domhain d’fhonn cabhraithe leis na daoine ba mheasa as. Is fíor nárbh aon naomh é, agus chuir sé naimhde polaitiúla chun báis nuair nach raibh aon ghá leis, agus níor mhaith leat seacht n-uaire an chloig a chaitheamh ag éisteacht le hóráid uaidh.

Ní chuige sin mé, áfach, ach Uachtarán Castro eile, nó duine ar mhaith leis a bheith ina Uachtarán Castro. Ráinig de sheans glan gur shínigh mé rud éigin ar líne a chuir Páirtí Daonlathach Mheiriceá amach na blianta ó shin. Rud éigin a bhain leis an bpianós báis, b’fhéidir, nó in aghaidh ionsaí a dhéanamh ar thír bhocht éigin eile (ar éigean gur tháinig sin ón bPáirtí Daonlathach), nó cur i gcoinne leictreoidí a cheangal le caidirní choirpeach nó neach bocht ar cuireadh sceimhlitheoireacht ina leith as tír bhocht. Ba bhotún é sin. Pé ní é, tá stuif á sluaisteáil chugam ón bpáirtí céanna ó shin i leith.

Faraoir ghéar, d’fhiafraigh siad díom tá tamall ó shin ann, cé acu de na hiarratasóirí a bhfuil éileamh acu ar ainmniúchán an Pháirtí Dhaonlathaigh ba rogha liom. Chuaigh mo mhéar ar an scáileán síos siar tríothu. Th’anam an diabhail ba liosta gan áireamh iad! De cheal aon eolais mórán a bheith agam orthu ina nduine is ina nduine agus gan faic eile a bheith ar na bioráin an mhaidin áirithe sin, mheasas cnaipe a bhrú. Rud contúirteach i gcónaí é cnaipe a bhrú, go háirithe an cnaipe contráilte. Botún eile.

Ghluais mé tríothu go mear in ord aibítre, a n-ainmneacha ag cur mearbhaill ar mo chloigeann bocht: Joe Bydeyourtime, gan amhras, an t-Iarleasuachtarán, Steve Bollock, Pete Bootleg, Tulsi Grab Ard, Seán Ó Dúshláine, Comeallye Harris, Betty O’Rourke, Tomás Ó Riain, Burny Sanders, Joe Sextalk, Elizabeth Coinicéar, Andy Yingyang agus eile. Bheadh orm a gcuid dintiúirí a léamh is bhí an coileach ag glaoch is an mhaidin ag fógairt an lae.

Is ansin a leag mo shúil ar Julian Castro. Conas a tharlódh go mbeadh sé de dhánaíocht i nduine ar bith a raibh an sloinne Castro air éileamh a dhéanamh ar an gCasa Blanca? Chuireas an tic lena ainm le teann diablaíochta sa bhosca cuí agus sheolas ar aghaidh é.

Táthar chugam ó shin i leith. Gach aon lá donais cuireann Julian teachtaireacht chugam. Ag lorg airgid formhór an ama, óir ar éigean is féidir liom an suíomh a oscailt gan é féin agus a chamthaí os mo chomhair ag iarraidh orm téada mo vallaite a scaoileadh. Braithim go bhfuil aithne agam ar Julian, mar bíonn sé chugam chomh rialta sin, agus n’fheadar nach bhfuil aithne aige siúd ormsa faoin tráth seo. Mar sin féin, agus ní le teann sprionlaitheachta mar is eol daoibh, tá leisce orm an $15 sin a chur chuige ar maidin, mar is $30 a bheidh uaidh tráthnóna le ‘chipeáil isteach’, mar atá ag an mbéarlagair.

Ina dhiaidh in is uile fuaireas amach nach dona an boc é. Níl sé i gceist aige cianóg rua ná nicil bhán a fháil ó bhilliunaí ar bith, tá ar son tuairimí Cumannacha ar nós cúram sláinte a bheith ar fáil do chách, in aghaidh peataí gadhair a mharú, agus molann go mbeadh an chéad dá bhliain den oideachas tríú leibhéil saor in aisce.

Is ea, b’fhéidir nár mhiste liom go mbeadh Uachtarán Castro i gceannas ar na Stáit Aontaithe, mura mbeadh ann ach le smuilc a dhúiseacht ar phus daoine áirithe.