Caisleán Óir Dhroimeanaigh

Osclaíodh an bhunscoil nua go hoifigiúil sa bhliain 1958

"Bhí páirceanna imeartha taobh thiar den chaisleán agus ba ann a múineadh peil agus iomáint dúinn den chéad uair." Caisleán  Dhroimeanaigh. Grianghraf:  Bailiúchán Mason/Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

"Bhí páirceanna imeartha taobh thiar den chaisleán agus ba ann a múineadh peil agus iomáint dúinn den chéad uair." Caisleán Dhroimeanaigh. Grianghraf: Bailiúchán Mason/Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

 

FOCLÓIR: Cromghlinn - Crumlin; Bráithre Críostaí - Christian Brothers; scothaosta - elderly; scigaithris - parody; leannán - lover; uaigh - grave; lúcháir - rejoice; Caisleán Dhroimeanaigh - Drimnagh Castle; taise - ghost.

Nuair a chuala mé go raibh mé ag fágáil na sean-bhunscoile i Sráidbhaile Chroimghlinne, ní raibh aiféala ar bith orm. Bheinn ag dul ar aghaidh go dtí Bunscoil Chaisleáin Dhroimeanaigh agus bheadh na Bráithre Críostaí do mo mhúineadh. Thóg mo mháthair go dtí an caisleán mé agus chuir bráthair cneasta, scothaosta, faoi thriail ghearr mé. Cé nach raibh mé ach seacht mbliana d’aois, bhí ar mo chumas an sliocht Bhéarla agus Ghaeilge a léamh gan dua agus, nuair a d’fhiafraigh an bráthair de mo mháthair an raibh na leabhair sin léite agam cheana féin, bhí bród ar leith uirthi a dheimhniú nach raibh.

Faoin bhfómhar bhí mé i rang 2B. Bhí bráthair óg dár múineadh; fear darbh ainm Willie Joe Ó Conaill, Corcaíoch dathúil, deisbhéalach, taitneamhach. B’é a rinne scigaithris ar oráid Hamlet nuair a deireadh ‘2B or not 2B?’ Ní raibh tógáil na bunscoile nua críochnaithe ag an am sin agus, i ngeall ar sin, bhímís i mbothán Nissen dár ranganna.

Bhaineamar an-taitneamh go deo as a bheith ar scoil i sean-chaisleán. Tógadh an caisleán sa bhliain 1215 agus chosain sé Muintir Barnwall (Normannaigh) ó Mhuintir Uí Bhroin (na Gaeil) a thagadh anuas ó Shléibhte Chill Mhantáin i mbun ruathar ar an bPáil. Bhí móta mórthimpeall an chaisleáin fós agus, de réir an tseanchais, bhí taibhse san fhóirgneamh freisin.

B’í sin taibhse Eleanora Barnwall a bhí luaite lena col ceathrar Edmund Barnwall ach a bhí splanctha i ndiaidh Sheáin Uí Bhroin, dearg-namhaid Edmund. Tharla comhrac lá a pósta agus maraíodh an bheirt fhear sa troid. Briseadh croí Eleanora agus fuair sí bás ar uaigh a leannáin.

Ba mhinic a chualamar go bhfacthas taise Eleanora ar fuaid an chaisleáin in uair mharbh na hoíche.

Mhúin an Bráthair Willie Joe amhráin dúinn ar nós ‘Céim ar chéim linn,’ ‘The Mountains of Pomeroy,’ agus ‘Marianina,’ amhrán pobail Iodálach. Ag am lóin rugamar ar fhroganna a bhí go flúirseach san fhéar tais ar thaobh an mhóta.

Bhí páirceanna imeartha taobh thiar den chaisleán agus ba ann a múineadh peil agus iomáint dúinn den chéad uair. Bhí mé féin chomh ciotach sin nár fhéad mé breith ar an liathróid, ní áirím í a chiceáil, ach bhí roinnt do mo chomhscoláirí thar cinn agus níorbh fhada go raibh Craobh Chlanna Gael buaite ag foireann an Chaisleáin. Bhímis, na leantóirí, ar na busanna speisialta, na bratacha gorm, bán agus órga á gcroitheadh againn agus gach aon liú molta asainn ag gríosú na foirne. Bhíomar an-mhórtasach freisin, as Jerome O’ Shea, an peileadóir Ciarraíoch clúiteach a bhí mar bhall d’fhoireann bhunscoil an Chaisleáin.

Osclaíodh an bhunscoil nua go hoifigiúil sa bhliain 1958 agus is cuimhin liom boladh meisciúil na péinte ar na doirse agus an snas ar an urlár iontlaise. Ón mbliain sin amach bhí mé i rang lán-Ghaelach agus rinneamar na hábhair go léir as Gaeilge, mata san áireamh. Faoin séú rang bunscoile, bhí mé sa rang scoláireachta, blianta roimh shaoroideachas meánscoile, seift fhadradharcach Dhonncha Uí Mháille.

Ba mhinic a chuir na bráithre ceolchoirmeacha ar siúl agus iontu siúd bhí tóstail staire ina d’aithris scoláire óg darbh ainm Alan Stout, óráid cháiliúil Emmet ó ghabhann na cúirte. Cuid shuntasach den cheolchoirm freisin ba ea an taispeántas gleacaíochta inar ghlac mé féin páirt. Cé nach raibh mé thar mholadh beirte sa pheil bhí mé an-lúfar go deo sa ghleacaíocht.

Bhí lúcháir orm féin agus ar mo chompánaigh chogaidh nuair a bhuamar scoláireachtaí don mheánscoil agus, as sin amach, ní raibh ar ár dtuismitheoirí táille ar bith meánscoile a íoc.

Faoin am go raibh onóracha gnóthaithe againn sa Mheán teist bhí mé féin agus mo chara cléibh, Breandán Mac Giobúin, thar a bheith míshásta leis an smacht, leis na rialacha dochta agus, dar ndóigh, leis an bpionós corpartha. Sa chúigiú bliain d’aimsíomar poist páirt-aimseartha agus ba ghearr go raibh Honda Cub 50 an duine ceannaithe againn beirt. As sin amach ghabhamar chugainn saol liobrálach na Seascaidí!

Ní nach ionadh ba mheasartha go deo torthaí ár n-ardteistiméireachta. Mar bharr ar an donas agus muid ag fágáil Halla na Scrúduithe go luath le linn an scrúdú ceimice, bhuaileamar leis an bpríomhoide, an Bráthair De Búrca. Ní buíoch ná sásta a bhí sé agus níor chuir sé fiacail ann nuair a dúirt nach dtiocfadh ceachtar dínn in éifeacht choíche.

Sa bhliain 2004 nuair a chomóradh leathchéad bliain Mheánscoil Chaisleáin Dhroimeanaigh, tugadh cuireadh oifigiúil dom filleadh ar an scoil don ócáid tábhachtach.

Faoin am sin bhí mé féin i mo mheánmhúinteoir agus i mo léachtóir ollscoile, ní áirím a bheith ag saothrú na filíochta sa dá theanga.

Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an lá taitneamhach sin: bhí an tUachtarán Máire Mhic Giolla Íosa i láthair, príomhoide agus leas-phríomhoide na meánscoile agus iardhaltaí céimiúla - ina measc Frank Clarke breitheamh na hArd-Chúirte, mo dheartháir beag, Brian Collinge, Ceann Prótacail Roinn an Taoisigh, Séan Benton, Cathaoirleach Oifig na n-Oibreacha Poiblí, Niall Quinn, an peileadóir cáiliúil, Eamon Coughlan reathaí, Rick O Shea DJ agus mórán eile nach iad.

Bhí sé de phribhléid agam dán speisialta, dar chum mé don ócáid, a léamh don Uachtarán, dar teideal ‘Secrecies of Stone,’ mar gheall ar Chaisleán Dhroimeanaigh féin. Mhothaigh mé bród ar leith as a bheith ar ais ‘sa bhaile’ i m’alma mater ainneoin na mblianta cráite a chuaigh roimhe sin. Luaigh mé mana Laidin na scoile sa dán ‘Malo mori quam foedari’ (‘Is fearr liom bás ná easonóir.’) Ba bheag easonóir a chonacthas an lá stairiúil sin.

Athrú treo?

Fógraíodh an tseachtain seo caite go raibh €1.6m ceadaithe do Thuismitheoirí na Gaeltachta thar thréimhse 3 bliana chun tacú le teaghlaigh sa Ghaeltacht atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge. Ardú suntasach €600,000 atá ann ar an méid a ceadaíodh i 2018. Beidh na hacmhainní breise seo ar leas na dteaghlach sa Ghaeltacht atá ag tógáil a gclann le Gaeilge. Táthar ag súil go gcuirfear clár nua tacaíochta, an Clár Teaghlaigh Gaeltachta, i bhfeidhm leis an airgead seo. Is deá scéal é seo mar tá mianach maith i dTuismitheoirí na Gaeltachta agus tá práinn leis an obair.

“Leis an allúntas breise seo a bhí ar ár gcumas a fhógairt inniu, beidh deis ag Tuismitheoirí na Gaeltachta tógáil ar an obair thábhachtach a rinneadar le trí bliana anuas le cabhair leanúnach na Roinne,” a dúirt an Aire Gaeltachta Catherine Martin.

An athrú straitéise é seo freisin? An aitheantas é gur minic gur líonraí teanga seachas pobail iomlána teanga atá anois sa Ghaeltacht?

Tá fáil ar shuíomh idirlín an eagrais ag tuismitheoiri.ie.

Fógraíodh freisin go bhfuil plean teanga ceadaithe do chathair na Gaillimhe. Tá 36 beart le cur i bhfeidhm faoin bplean le linn imeacht tréimhse seacht mbliana faoi mhaoirseacht Ghaillimh le Gaeilge i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Tá sé beartaithe, mar shampla, go mbunófaí Lárionad Cultúrtha Gaeilge i measc rudaí eile. Cuirfear €100,000 ar fáil in aghaidh na bliana chun tacú leis an phlean agus tá sé i gceist go n-earcófar Feidhmeannach Pleanála Teanga lánaimseartha go luath. Tá míanach maith an eagrais seo freisin feicthe le blianta fada anuas. Go n-éirí thar cionn leo araon.

Tá fáil ar shuíomh idirlín an eagrais ag gleg.ie

- ÉÓC.