Cad iad na ‘taboos’ seo nach bhfuil daoine ag caint fúthu?

Slat tomhais d’aon díospóireacht maith is ea caighdeán an phlé

Seán Ó Baoill agus Máire Bhreathnach i stiúideo An Focal Scoir.

Seán Ó Baoill agus Máire Bhreathnach i stiúideo An Focal Scoir.

 

Foclóir: Ilghnéitheach - diverse; iolartha - manifold; paiteanta - exact; sprioc - target, sraith - series, cáiréis - care, aoi - guest, aosú - ageing, míostraigh - menstruation

Ról ilghnéitheach iolartha é ról an láithreora. Bíonn raon leathan scileanna de dhíth orthu siúd a sheasann ós comhair an cheamara le scagadh údarásach a dhéanamh ar ábhar an lae.

Is gá dóibh a bheith in ann agallamh maith a chur ar aíonna agus na freagraí cuí a fháil: caithfidh cumas an teagascóra a bheith iontu freisin le gur féidir leo ceisteanna casta a mhíniú go beacht don lucht féachana, agus dar ndóigh, is gá dóibh a bheith in ann díospóireacht shuimiúil a spreagadh idir na haíonna agus an lucht féachana sa stiúideo - agus é ar fad a chur i láthair ar bhealach snasta dóibh siúd ar fad atá ag féachaint sa bhaile.

Scileanna iad nach bhfuil go paiteanta ach ag dornán beag láithreoirí sa tír seo - idir Ghaeilge agus Bhéarla - agus ina measc siúd tá Máire Bhreathnach, láithreoir An Focal Scoir, clár díospóireachta stiúideo ar BBC2 NI.

Dar léi siúd, an sprioc atá aici ná díospóireacht a spreagadh agus daoine a chur ag caint faoi cheisteanna b’fhéidir nach bhfuil siad ar a gcompoird leo.

“Má tá daoine ag caint faoi, is maith sin. Má tá daoine ag amharc ar an gclár agus ábhar den chineál seo dhá phlé, bheithfeá ag súil go n-osclófaí comhrá i gcíbe teach ina bhfuiltear ag amharc air”, a dúirt sí agus í ag caint faoi Comhthoil ghnéis, an t-ábhar atá á phlé sa chéad clár sa tsraith úr.

“Sílim go bhfuil muid ag plé comhthoil anois nuair nach raibh muid dhá phlé cúpla bliain ó shin. Má tá plé ar bith dhá dhéanamh air agus má chuireann sé daoine ag smaointiú faoi ‘an bhfuil mise 100 faoin gcéad cinnte gur mhaith leis an duine seo atá liom luí liom’ - achan rud mar seo a phlé, is rud maith é sílim.”

Ar nós an dá shraith a d’imigh roimhe, coinneofar an cruth chéanna ar an tríú tsraith. Beidh painéal iriseoirí agus tráchtairí sóisialta i láthair. Ina measc beidh na hiriseoirí aitheanta, Máire Treasa Ní Cheallaigh, Áine Ní Bhreisleáin, Dónall Mac Ruairí, Gearóid Ó Muilleoir agus Michelle Nic Grianna.

Athraíonn an lucht féachana de réir an ábhair atá idir lámha. Agus, braitheann sé freisin ar pé ceist atá dhá phlé.

Cáiréis

Más ceist phearsanta atá ann, is gá don láithreoir a bheith iontach cúramach faoin gcaoi a chaithtear leis an aoi.

“Is rud amháin é ábhar a phlé, agus a rá ‘seo h-iad na staitisticí, seo mar a tharlaíonn sé,” a deir sí.

“Ach, nuair atá duine os do chomhar amach sa stiúideo go ndearnadh ionsaí orthu agus go bhfuil siad ag inseacht a scéal pearsanta féin duit, caithfidh tú a bheith iontach cúramach faoin duine sin agus a bheith cinnte go bhfuil siadsan compordach fosta.”

Slat tomhais d’aon díospóireacht maith is ea caighdeán an phlé. Is gá ábhar suimiúil a bheith roghnaithe dar ndóigh ach is gá dóibh siúd atá ag glacadh páirte ann dul i ngleic go croíúil leis an t- ábhar freisin.

Beidh raon leathan ábhar á phlé ar an gclár thar thréimhse ceithre seachtainí. Ina measc beidh aosú an phobail, bochtaineacht míostraithe agus sábháilteacht ar líne.

“Tabharfaidh tuairiscí léargas ar na topaicí éagsúla chomh maith le dearcadh an phobail orthu,” a deir sí.

“Cad iad na taboos seo nach bhfuil daoine ag caint fúthu,” a fhiafraíonn sí.

Tá “míostrú ann agus tarlaíonn sé dúinn uilig - do mhná na tíre. De réir Plan UK, tá duine as deichniúr nach dtig leo táirgí sláinte a cheannacht. Tá sé sin iontach ard. Ó 2020 ar aghaidh beith Alba, Sasanna, an Bhreatain Bheag uilig ag cur táirgí saor in aisce chuig na scoileanna - ní bheidh ó thuaidh ach tá siad ag tosnú ar sin.”

Gaeilge

Dúshlán a bhíodh ann go minic do léiritheoirí ar chláir Ghaeilge cainteoirí a fháil a mbeadh an teanga ar a dtoil acu. Fadhb í seo atá ag dul i léig, de réir dealraimh.

“Deirimse i gcónaí, a dúirt Máire Bhreathnach, “an bhfuil duine ar bith fágtha nár labhair mé leo as Gaeilge?

“Chuireadh sé iontas ort - go dtagann tú ar dhaoine úra an t-am ar fad.

“Agus, cé go bhfuil daoine ag rá, ‘níl Gaeilge ar bith sa tír seo, níl duine ar bith ag caint as Gaeilge’, tagann tú ar dhaoine úra, ar dhaoine líofa agus fiafraíonn tú ‘cá raibh tusa agus cén fáth nach bhfuil aithne ag éinne ort’.

“Go leor daoine óga (ina measc) - sin rud a thóg mo chroí. Bhí an t-am ann go raibh na sean ainmneacha togtha amach arís agus arís eile ach bíonn go leor daoine óga ag teacht anois. Bíonn dochtúirí óga agus saineolaithe ar gach chineál ábhar, saineolaithe ríomhaireachta, na daoine atá sa chlár faoin comhthoil, tá go leor daoine úra líofa amuigh ansin.”

“Ni dóigh liomsa go bhfuil fadhb ar bith leis an teanga. Níl a fhios agam cén chaint atá orthu.”

Is léiriú teilifíse de chuid Below The Radar TV é An Focal Scoir do BBC Gaeilge, le maoiniú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann. Craolfar an chead chlár oíche Luain at a 10in ar BBC 2.