Cúig fhocal le comhairle mhór a chur ort

Is fiú aire a thabhairt do gach gné den tsláinte


Tá an tsláinte mheabhrach ar aon dul le sláinte d’aon chineál eile sa mhéid is gur gá cúram cuí a dhéanamh di

Ní féidir a bheith róshiúrálta fúithi agus is furasta goilleadh uirthi. Is iomaí bagairt atá ann, cuid acu níos tromchúisí ná a chéile – lagar spride, buairt, fóibe, scitsifréine, gealtachas, galar Alzheimer, agus ar aile.

Úsáidtear téarmaí níos fileata – an lionn dubh, mar shampla. Cuid mhaith den am, bíonn an duine ábalta treabhadh ar aghaidh, ach i gcásanna eile, bíonn dianchúram ag teastáil i suíomh cliniciúil le tacaíocht ó fhoireann oilte leighis.

Go deimhin, bíonn sé deacair uaireanta idirdhealú a dhéanamh idir breoiteacht a bhfuil gá le cúram gairmiúil agus babhta gairid de lagmhisneach abair, nach mairfidh rófhada, agus ar fearr neamhaird a dhéanamh air.

READ MORE

Murab ionann agus an bhreoiteacht choirp, ní go héasca i gcónaí a aithnítear i gceart na comharthaí sóirt.

Sna cásanna sin, maireann an fhulaingt i bhfolach agus fágtar an duine ina aonar in umar na haimléise. Uaireanta, in aigne an duine féin, is beag réiteach nó faoiseamh atá ar fáil ar a chruachás, agus críochnaíonn cúrsaí go tragóideach.

Is maith ann é mar sin, an aird atá á tabhairt ar an tsláinte mheabhrach na laethanta seo in Éirinn – agus is dúshlán é don domhan chomh maith.

Mar chuid de Lá Idirnáisiúnta na Sláinte Meabhraí an mhí seo caite mhol Eagraíocht Sláinte an Domhain (WHO) cúig shlí chun cabhrú leis an tsláinte mheabhrach go laethúil.

Gan dul isteach iontu go mion, seo cúig fhocal thíos a chuireann in iúl go hachomair bunbhrí na comhairle seo: ceangal; gníomh; aird; foghlaim; tabhairt.

Go bunúsach, agus ag tosú dúinn léis an gcéad cheann, is é ata á mholadh ná ceangal a choimeád leis an saol mórthimpeall – le daoine go mórmhór.

Meabhrú ata sa dara ceann a bheith gníomhach, leis an gcorp agus an intinn.

Sa tríú ceann moltar aird a thabhairt ar ghnáthchúrsaí an tsaoil agus spéis a léiriú iontu, rud a chabhraíonn leis an gceathrú ceann, mar atá, leanúint leis an bhfoghlaim agus an fiosrú fad saoil.

Agus ar deireadh ar fad, moltar dúinn tabhairt uainn – rud ar bith, lámh chúnta, cluas éisteachta, am, maoin, sinn féin. Sa tabhairt atá an ghabháil cheart, mar a deirtear.

Níltear ag tabhairt le fios gurb iad seo íocshláinte an domhain nó gur réiteach iad. Tá an scéal agus an saol níos casta ná sin ar ndóigh.

Ach mar sin féin, tugtar suntas anseo dóibh mar tharlódh go bhfuil treoir nó cabhair éigin iontu chun sinn a choimeád ar bhóthar ár leasa.

Dhealródh gurb é an teagmháil idir an duine agus an pobal nó an timpeallacht atá mar thréith chomhchoitinn eatarthu ar fad. Is gá don duine idirghníomhú sa spás sin agus gan é a thréigean.

Gan amhras, bíonn ról nach beag ag an tsláinte chorpartha, meascán éigin de na céadfaí mar shampla, radharc, blaiseadh, boladh, éisteacht, agus tadhall.

Baineann comhairle mar seo go mórmhór leosan atá imithe in aois, daoine nach mbeadh chomh gníomhach agus a bhíodh.

Ach is ceist í an tsláinte mheabhrach do dhéagóirí chomh maith. Tréimhse atá sna déaga a bhíonn corraitheach uaireanta.

Cuirtear brú ar dhaoine óga i mórán slite, agus tá sé éasca dul ar strae. Ní bhíonn aon ghanntanas ar an míchomhairle nó drochshampla, sna meáin shóisialta mar shampla.

Beidh ceisteanna den tsórt seo, agus a thuilleadh nach iad, le plé i gCaisleán Bhaile Átha Cliath Déardaoin seo chugainn mar a mbeidh comhdháil oideachais faoi choimirce na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA).

I measc na mbeart oideachais atá á gcur i bhfeidhm ag an Aire Oideachais mar fhreagra ar an dúshlán, tá “An Fholláine” seolta mar ábhar nua sa tSraith Shóisearach ó Mheán Fómhair, agus an fholláine mheabhrach mar chuid mhór de sin.

Bhí go leor ábhar scoile ann cheana féin a dhírigh ar leas agus sláinte na ndaltaí, ina measc, an t-oideachas sláinte agus pearsanta, an corpoideachas, ach tabharfaidh an clár nua fócas ar leith ar an ngné seo d’fhoghlaim an dalta.

Cúig fhocal lán de bhrí agus suntas atá againn thuas, a bheadh ina ábhar maith teagaisc d’aistear foghlama aon duine, ar scoil nó in aon áit eile.

Is mó ócáid san aistear sin ina bhfágfar an duine idir dhá chomhairle maidir leis an rogha nó an cinneadh is fearr a dhéanamh – Eochaidh Ó hEoghusa a bhí fágtha, “i gcás idir dhá chomhairle,” mar shampla sa 16ú haois.

Ar an dea-uair, cúig chomhairle atá anseo againn nach gá aon roghnú a dhéanamh eatarthu.

Feidhmíonn siad i gcomhar agus i gceangal le chéile, agus is fearr go mór in éineacht iad.

An focal scoir? B’fhiú iad a chur de ghlanmheabhair.

Is léachtóir ar Choláiste Mhuire gan Smál, Luimneach, é an Dr Cathal de Paor