Cómhalartacht chultúrtha i gcathair Spokane

Ghlac Deirdre Ní Mhurchú páirt i scoláireacht Fulbright i Spokane i dtuaisceart Stáit Aontaithe Mheiriceá

Deirdre Ní Mhurchú (sa lár) le mic léinn as Ollscoil Gonzaga - Grace Madden (ar chlé) agus Courtney Brown.

Deirdre Ní Mhurchú (sa lár) le mic léinn as Ollscoil Gonzaga - Grace Madden (ar chlé) agus Courtney Brown.

 

FOCLÓIR: Cómhalartacht - reciprocity, Bundúchasaigh Mheiriceánacha - Native Americans, seanóir - elder, anuraidh - last year, caidreamh leanúnach - ongoing relationship, oidí - tutors, scagdhealú fola - dialysis.

Cén chaoi ar tharla sé go ndeachaigh múinteoir bunscoile óna post lán-aimsireach i mBaile Átha Cliath go Spokane, cathair i dtuaisceart Washington, le Gaeilge a mhúineadh do mhuintir na háite agus do Bhundúchasaigh Mheiriceánacha?

Thug Deirdre Ní Mhurchú, ón gCarraig Dhubh i mBaile Átha Cliath, an t-aistear fada sin uirthi féin anuraidh.

Bhí sí i measc 36 duine a bhain scoláireacht FLTA (Foreign Language Teacher Award) Fulbright amach chun bliain a chaitheamh ag staidéar nó ag múineadh Gaeilge in ollscoil Mheiriceánach.

Tá sé mar aidhm ag Fulbright caidreamh leanúnach idirnáisiúnta a chur chun cinn. Bronnann Coimisiún Fulbright duaiseanna gach bliain ar shaoránaigh Éireannacha chun dul go Stáit Aontaithe Mheiriceá agus ranganna Gaeilge a mhúineadh thall. I mbliana faraor, de bharr an ráig ghalair coróinvíreas, bhí ar na hoidí teacht abhaile níos luaithe ná mar a raibh súil acu leis.

“Bhí mé ag obair i gColáiste Gonzaga i Spokane, Washington agus bhí mé in ainm is a bheith ann go dtí Mí an Mheithimh ach bhí orm teacht abhaile luath de bharr Cóivid-19,” ar sí.

Mhúin Ní Mhurchú rang Gaeilge do mhuintir na háite i dtosach báire. Daoine de bhunadh na hÉireann is mó a d’fhreastail.

“Gaeilge 101 a d’fhéadfá tabhairt air.”

Bhí naonúr ón ollscoil sa chéad rang a bhí á reachtáil i rith an lae aici ach mhéadaigh an tsuim tar éis di teagmháil a dhéanamh le The Society of The Friendly Sons of St Patrick (eagras neamh-shain-chreidmheach a bunaíodh i 1771 chun cabhair a thabhairt d’inimircigh as Éireann).

“Ní chuirtear mórán béime ar theangacha i Meiriceá. Níl an oiread sin suime acu iontu agus dhá bharr sin bhí mé iontach sásta leis an naonúr a tháinig.”

“Ansan thairg mé ranganna oíche a bheadh saor in aisce a chur ar siúl dá mbeadh suim ann. Cheap mé go mheadh b’fheidir thart ar 20 duine sa rang. Tháinig 36 an chéad oíche!

Ina dhiaidh sin dúradh léi gur bhuaigh sí duais le bheith ina ‘Irish Colleen 2020’ agus go mbeadh seans aici páirt a ghlacadh i bparáid Lá Fhéile Pádraig. Ach cuireadh an plean sin ar ceal de bharr Cóivid-19.

“Níor chuir mé isteach ar chomórtas nó aonrud ach ba mhór an trua é nach raibh mé in ann é a dhéanamh. Bhí mé ana-bhrónach - bhí mé le bheith sa pharáid agus mé i ngluaisteán - mar a bheadh Rós Thrá Lí nó rud éigin!”

Mar ullmhúchán don pharáid thug sí cuairt ar bhunscoil i Spokane.

“Bhí an-suim acu sa tír seo. Thuig siad ana-chuid. Toisc gur múinteoir bunscoile mé bhí sé go deas bheith ag caint le daltaí óga freisin. Bhí siad go hálainn.”

Mar chuid den scoláireacht bhí cead ag Ní Mhurchú freastal ar léachtaí san ollscoil agus is mar sin a tháinig sí i dteagmháil le Bundúchasaigh Mheiriceánacha.

“Ar an lá ar a dtugtar Lá na mBunduchasach (an lá céanna ar tugadh Christopher Columbus Day air) tugadh léacht ar na Bundúchasaigh Mheiriceánacha. Labhair bean faoin Salish (teanga dhúchasach Spokane) Bhí aiféala uirthi nach raibh daoine in ann í a labhairt. Bhí mé i mo shuí ansin agus cheap mé ‘God, tá an-chuid cosúlachtaí eadrainn’.”

“Labhair mé léi ina dhiaidh sin agus d’iarr mé uirthi an raibh ranganna Salish ar fáil. Mhol sí dom cuairt a thabhairt ar shuíomh idirlín an ‘Salish School of Spokane’ agus labhairt leis an bpríomhoide, fear darbh ainm Chris Parkin.

Salish School of Spokane

D’fhógair UNESCO, eagras oideachais na Náisiún Aontaithe, i 2012 go raibh Salish i mbaol a báis. Níl mórán fágtha anois a labhraíonn í ach tá iarrachtaí stuama ar nós an ‘Salish School of Spokane’ ar bun chun an teanga a chaomhnú.

Rinne Ní Mhurchú teagmháil le Parkin agus thug sí cuairt ar an scoil.

“Sheol mé ríomh-phost chuige agus chuir mé mé féin i láthair. Thug mé cuairt ar an mbunscoil agus bhí sé go hiontach. Tá físeán iontach ar an suíomh idirlín de Chris agus a bhean chéile, LaRae Wiley, ag caint faoin teanga. Is iad a thosaigh an scoil agus scríobh seisean an curaclam - rud nach raibh scríofa go dtí sin.”

Údar iontais agus dóchais é an scéal atá taobh thiar de bhunú na scoile.

“Níor thuig siad (Chris agus LaRae) go raibh Salish líofa ag uncail LaRae go dtí gur bhásaigh sé. Labhair seanóir ag an sochraid agus dúirt go raibh an fear marbh ar dhuine de na cainteoirí dúchais deireannacha a bhí ann.”

Chuir sé ceist ar an slua: ‘cé agaibh a thógfaidh a áit?’

Shocraigh an bheirt acu ansin go raibh orthu gníomhú agus bunaíodh an scoil.

Tá go leor fadhbanna sóisialta ag Bundúchasaigh Mheiriceánacha agus tugann an scoil cabhair phraiticiúil do na daltaí agus dá dtuismitheoirí.

“Tá sé iontach brónach. Tá go leor bochtanais agus fadhbanna drugaí acu. Tá an príomhoide tar éis rud iontach a chruthú. Is gá do thuismitheoiri na ndaltaí a fhreastalaíonn ar an scoil seasca uair a ‘chloig a chaitheamh ag fhoghlaim Salish. Nuair a thagann na tuismitheoirí, cuirtear cúram leanaí ar fáil agus tugtar béile saor in aisce dóibh.

Tá sé go hiontach.

“Caithfidh siad airgead carthanachta a fháil leis an scoil a choinneál oscailte.”

“Nuair a chas mé le muintir Salish rith sé liom go bhfuil siad cosúil le muintir na hÉireann. Bhí siad chomh fáilteach agus chomh deas sin. Bhí siad iontach sásta go raibh mé ann agus go raibh fonn orm a bheith sa scoil. Bhí sé iontach, iontach suimiúil.”

“Tá siad an-bhródúil go deo as a dteanga. Tá stair bhrónach acu. Nuair a bhíos ag caint leis an mbean úd a thug an léacht in Ollscoil Gonzaga bhí sí ag caoineadh agus í ag caint faoin teanga agus faoi gach rud a tharla dóibh. Tá sé uafásach. Bhí a lán nár thuig mé roimh ré faoi stair Mheiriceá.

“Tá siad an-bhródúil, casann siad a gcuid ceoil, múineann siad drumadóireacht do na daltaí agus fiú amháin an bia a itheann siad ann, ullmhaíonn siad béilí dúchasacha.

“Tá an-chuid nascanna idir Bundúchasaigh Mheiriceánacha agus na hÉireannaigh agus muintir na hAlban. Bhí daltaí ann a smaoiníonn orthu féin mar bhundúchasaigh ach a bhfuil ainmneacha ar nós ‘Murphy’ orthu.

Léiríodh suim i ranganna rince Gaelach a raibh sí ag freastal orthu agus d’fhreastal Chris Parkin agus cuid dhá fhoireann orthu sin. Leath an t-suim sa Ghaeilge ansin agus d’fhreastalaíodar ar ranganna oíche Dheirdre. Lean leis an cómhalartacht agus tugadh cuireadh di féin freastal ar rang Salish

Cé go raibh ar Dheirdre filleadh abhaile go hÉireann níos luaithe ná mar a bhí súil aici leis, chaith sí tréimshe ag obair go deonach le teifigh sular fhág sí. Théis teacht abhaile di, le cúnamh na teicneolaíochta bhí sí in ann leanúint ar aghaidh ag muineadh na Gaeilge do fhoghlaimeoiri Spokane.

Sheol Chris teachtaireacht chuici tar éis di filleadh inar iarr sé uirthi téacsleabhar Salish a aistriú go Gaeilge. “Ba bhreá liom go mbeadh na daltaí in ann an Ghaeilge a fhoghlaim,” a dúirt sé léi.

Bun leabhar atá ann le phrásaí, táblaí agus ceachtanna.

Agus í sa bhaile anois beidh sí ag filleadh ar an obair in ospidéal na leanaí i Sráid an Teampaill, áit ina múineann sí páistí atá ar scagdhealú fola.

Is féidir eolas ar na scoláireachtaí a fháil ag fulbright.ie.