Cén uair dheireanach ar léigh tú leabhar Gaeilge?

Chun tuiscint a fháil ar shláinte earnáil na leabhar Ghaeilge, labhair Tuarascáil le beirt fhoilsitheoir

 

FOCLÓIR: Malairt - opposite, fiúntach - worthwhile, foilsitheoir - publisher, earnáil - sector, brú - pressure, acmhainní - resources, réimse - range, beachaire - bee-keeper.

Cén uair dheireanach ar léigh tú féin leabhar Gaeilge, a léitheoir?

Más ‘nuair a bhí mé ar scoil’ nó ‘nuair a bhí mé i mo ghasúr’ an freagra atá agat ar an cheist seo, b’fhéidir go mbeadh ionadh ort mar sin nach ar líne amháin atá ábhar léitheoireachta atá fiúntach ach go bhfuil rogha leathan leabhar agus ábhar le fáil.

Mhaithfí don té a cheapfadh a mhalairt, áfach, mar ní bhíonn mórán leabhar Gaeilge le feiceáil ar sheilfeanna na ‘mór shiopaí. Ach cén fáth atá leis seo? Cén fáth gur glacadh go forleathan leis le fada an lá nárbh áil le daoine a mbíonn an scoil fágtha acu leabhair Ghaeilge a léamh.

Chun tuiscint a fháil ar shláinte earnáil na leabhar Ghaeilge, labhair Tuarascáil le beirt fhoilsitheoir.

“Bíonn míthuiscint ann a bhaineann le leabhair Ghaeilge - nach bhfuil siad ar fáil nó go bhfuil siad seanfhaiseanta nó rud éigin,” arsa an scríbhneoir agus foilsitheoir Darach Ó Scolaí.

“An dream atá dhá rá seo, ní chuireann siad an brú orthu féin fáil amach an bhfuil sé seo fíor.”

“Tá ardú tagtha ar an díolachán gach bliain le blianta beaga anuas. Tá mé an-dóchasach,” arsa Ó Scolaí a bhunaigh an comhlacht foilseacháin an Leabhar Breac in Indreabhán i gCo na Gaillimhe.

Tugann roinnt siopaí aird ar leabhair Ghaeilge agus díolann siad níos mó dhá bharr. Ach is minic go bhfágtar é faoin léitheoir féin teacht ar leabhair nua.

“Tá dornán siopaí ann a thugann aird orainn,” ar sé.

“Go leor eile, tá siad breá sásta brabach a dhéanamh ar leabhair Ghaeilge ach níl siad sásta aon anró a chur orthu féin agus na leabhair is fearr díola a chur chun cinn, cuir i gcás, agus díolachán a ardú. Arís agus arís feicimid leabhair mhaithe á ndíol amach ar sheilfeanna sna siopaí agus in áit na leabhair sin a ordú arís líonann siad na seilfeanna le ‘hébí céard a tá agaibh ansin’.

“Ach sna siopaí a gcuireann díoltóirí anró orthu féin éiríonn leo i bhfad níos mó leabhar Gaeilge a dhíol.”

Agus is léir go bhfuil fianaise ann go bhfuil tóir ar leabhair Ghaeilge.

“Nuair a chuimhníonn tú ar fhoilsitheoireacht na Gaeilge, cé go bhfuil tú ag labhairt ar `niche’, tá sé níos folláine ná mar a bhí sé aon uair cheana riamh, sílim,” arsa Bridget Bhreathnach atá ina Feidhmeannach Margaíochta le Cló Iar-Chonnacht.

Fás suntasach

Tá fás suntasach tar éis teacht ar líon na leabhar atá dhá fhoilsiú le roinnt blianta anuas.

“Tá a fhios agam féin go pearsanta , nuair a bhí mé b’fhéidir deich mbliana nó dhá bhliain déag d’aois go raibh b’fhéidir ceithre nó cúig leabhar Ghaeilge ann - nár leabhair scoile iad - a bhí feicthe agam riamh!”

“Tá triúr gasúr agam agus tá níos mó leabhar Ghaeilge feicthe acu siúd anois ná mar a bhí agamsa nuair a bhí mé bliain agus fiche d’aois,” ar sí.

“Tá sraitheanna ar nós Cúigear Cróga agus Seachtar Stuama ann. Tá aistriúcháin déanta ar Roald Dahl. Tá bun leabhair mhaithe ann do dhaoine óga ar nós na leabhair atá scríofa ag Anna Heussaff, ag Caitríona Ní Mhurchú agus Alan Titley.”

“Tá an t-uafás rogha ann. Sin rud atá an-fholláin, sílim féin.”

Creideann Ó Scolaí freisin go bhfuil ag éirigh go maith leis an earnáil.

“An té a bhfuil spéis acu ann anois pléann siad iad ar na meáin sóisialta agus ní bhíonn aon easpa leabhar acu le plé. Ní amháin sin ach tá muid ag cur leis an líon leabhar sin chuile bhliain. Sílim go bhfuil muid ag tógáil ar an bpobal léitheoireachta.

“Tá réimse mór millteach de leabhar do phaistí ann anois. Dá mbreathnódh daoine orthu go fuarchúiseach táim cinnte go dtiocfadh siad ar an leabhar atá ag teastáil.”

“Ina dhiaidh sin féin feiceann tú go bhfilleann go leor léitheoirí atá sna ficheadaí ar an nGaeilge. Agus sin an uair is mó a bhíonn leabhair dhá ndíol leo - nuair a bhíonn daoine críochnaithe le coláiste tríú leibhéal agus nuair a bhíonn jab acu agus airgead acu. Déarfainn gurb iad siúd an dream is mó atá ag ceannacht leabhar uainn.”

Ach, tá dúshláin ann.

“Teastaíonn acmhainní nach bhfuil ar fáil don ghnáth fhoilsitheoir Gaeilge - fógraíocht sna nuachtáin, ar an raidió nó ar an teilifís. Dá n-éireodh linn é sin a dhéanamh, agus a thaispeáint do léitheoirí amuigh ansin go bhfuil réimse mór leabhar againn a mbainfidís taitneamh astu, d’fhéadfadh muid an líon léitheoirí a ardú a thuilleadh.”

Aontaíonn Bridget Bhreathnach go bhfuil dúshlán ann.

“Tá an spás ar an tseilf chomh luachmhar sin agus tá foilsitheoirí agus díoltóirí móra in ann níos mó den spás sin a fháil mar go bhfuil siad chun na leabhair a dhíol agus airgead a dhéanamh don siopa,” ar sí.

“É sin ráite, tá éileamh ann do na leabhair Ghaeilge. Tá daoine ag iarraidh iad a léamh. Tá níos mó daoine, creidim féin, ag léamh i nGaeilge ná mar a bhí riamh.

“Beidh leabhar ann agus beidh suim mhór ag pobal áirithe inti. Mar shampla, d’éirigh go maith anuraidh leis an leabhar Blas Meala: An Bheachaireacht Shimplí le Simon Ó Cróinín as Ráth Cairn.

“Bhí gné phobail ag baint leis sin mar go bhfuil seisean tar éis a bheith i Ráth Chairn ina bheachaire ar feadh 25 nó 30 bliain. Bhí spéis áitiúil sa leabhar sin agus tá spéis ghinearálta sa leabhar de bharr na beachaireachta. Ní raibh a leithéid de leabhar fiú i mBéarla ar fáil ar an mbeachaireacht in Éirinn.

“Ceann de na margaí móra ná leabhair do dhaoine óga. Tá sé sin fíor i litríocht an Bhéarla chomh maith.

“Tá súil agam go mbeidh glúin nua atá cleachtach ar a bheith ag léamh i nGaeilge agus go dtabharfaidh siad é sin leo suas tríd na blianta. Sin ceann de na rudaí go mbíonn daoine ag caint air go minic - nach bhfuil an nósmhaireacht sin ann a bheith ag léamh trí Ghaeilge agus dhá bhrí sin nach mbíonn siad cleachtach air agus nuair a fhásann siad nach mbíonn siad ag léamh.

“Tá mé ag ceapadh má tá daoine cleachtach ar a bheith ag léamh leabhar Gaeilge an bealach uilig tríd a saol go bhfanfaidh sé leo.”

Gradaim liteartha

Dar le Ó Scolaí tá tábhacht ar leith ag baint le gradaim liteartha mar Ghradam Foilsitheoireachta Oireachtas na Gaeilge.

Tá fiche trí comórtas ar chlár na bliana seo le réimse leathan seánraí i gceist. Ina measc tá úrscéal, gearrscéal, ficsean d’fhoghlaimeoirí fásta, prós, filíocht, drámaíocht agus eile.

“Deis iontach iad le daoine a tharraingt i dtreo na léitheoireachta,” arsa Ó Scolaí. Ba cheart, dar leis, tuilleadh poiblíochta a dhéanamh orthu ar bhonn náisiúnta.

“Tá sé an-éasca againne scéal a chur amach ag ár gcuid léitheoirí dílse féin. Mar daoine iad sin a bhfuil spéis acu agus beidh siad ag faire amach, ach le dul taobh amuigh de sin, sin an áit a bhfuil cúnamh ag teastáil.

Glacadh leis le fada go raibh fadhb ann ó thaobh léitheoireacht na Gaeilge de tar éis do dhaoine an scoil a fhágáil agus b’fhéidir go raibh fírinne éigin ag baint leis sin. Is cinnte go bhfuil constaicí ann fós - easpa suime na mór shiopaí ina measc - ach, ar an iomlán tá cuma shláintiúil ar an earnáil. Ní gá ach cuairt a thabhairt ar shiopa leabhar Ghaeilge nó ar shuíomh idirlíne, an chéad chéim a thógáil agus leabhar a roghnú duit féin. Ní bheidh díomá ort.

Meascán Áiseanna

Cló Iar-Chonnacht - cic.ie

Leabhar Breac - leabharbreac.com

Love Leabhar Gaeilge - Loveleabhargaeilge.com

An Siopa Leabhar - siopaleabhar.com/

An Siopa Gaeilge - siopagaeilge.ie

Leabhair Gaeilge do dhaoine óga - Futafata.ie

An Ceathrú Poilí - anceathrupoili.com

Club Leabhar Gaeilge - Clubleabhar.com

Comórtais Liteartha - antoireachtas.ie/comortais-liteartha