Cén fáth a bhfuilimid in Mali?

Ar chúis aisteach éigin, ní mheasaim gur baol dúinn Mali

Óglaigh na hÉireann. Grianghraf: Aidan Crawley

Óglaigh na hÉireann. Grianghraf: Aidan Crawley

 

Scríobh an t-úrscéalaí mór Meiriceánach, Norman Mailer, úrscéal dar teideal ‘Why are we in Vietnam?’ siar sna blianta sin nuair a bhí na Vítneamaigh chróga ag pleancadh na n-ionrathóirí go héag. Bíodh gur bheag an bhaint a bhí aige le Vítneam féin, seachas carachtar sa leabhar a bhí le dul ann, is suaithinseach an teideal é.

Rith seo liom nuair a d’airigh mé go raibh pleanáilte go sleamhain ag an rialtas buíon d’Óglaigh na hÉireann a chur go Mali. Ní móide go raibh an nuacht seo ar na cinnlínte ná plé laethúil á dhéanamh air ag Seán O’Rourke ná ag Pat Kenny ar an stáisiún eile sin. Mar sin féin, is cor tábhachtach i bpolaitíocht idirnáisiúnta na tíre é, go háirithe anois go mbeidh feidhm chogaidh seachas feidhm chosanta amháin ag na saighdiúirí sin againn. Na ‘Fórsaí Cosanta’ mar a thugtar orthu: ní fheicim aon dream ar ghaineamh leathan Mhali atá réidh ullamh, ná go deimhin ag smaoineamh, ná go cinnte siúráilte ag beartú ar ionsaí a dhéanamh orainn.

Ar chúis aisteach éigin, ní mheasaim gur baol dúinn Mali.

Thosnaigh an caolú seo i dtreo páirtíocht a ghlacadh in imeachtaí amhrasacha sé mbliana ó shin nuair a thoiligh an tAire Cosanta (mar adéarfá) go rachadh ochtar saighdiúirí Éireannacha le chéile in aon bheart amháin le fórsaí Sasanacha de chuid an Royal Irish Rigiment (is ea, iad sin, is ann dóibh fós) d’fhonn cuidithe le rialtas Mhali chun oiliúna a chur ar a n-arm féin. Is ea, tá an méid seo dona go leor, ach is faoi cheannas na Sasanach a bhí na saighdiúirí Éireannacha.

Dúirt an tAire Alan Shatter ag an am gur dul chun cinn ba ea é seo ar son ‘broadening and enhancing’ ar an gcaidreamh a bhí againn leis an mBanríocht Neamhaontaithe. Óglaigh na hÉireann ag glacadh orduithe ó dhaoine gur bhinn leo lastas marfach a sheoladh go dtí an Araib Shádaisteach, a bheith páirteach mar chúltaca le huafás mídhaonna Éimin, Libia a scrios, sráidbhailte na hAfganastáine a chloí…agus fan go bhfeicfidh tú an chéad chasadh eile tar éis don Bhreatimeacht teacht i bhfeidhm!

Déarfar nach cúis bhuartha an t-iomlonnú eile seo. Gan ann ach dáréag aspal de chuid na bhfiannóglach go dtí Mali, óir ba ghá díospóireacht Dála dá mbeadh tuilleadh. Sa chás san, bheadh ar Fhianna Fáil rud éigin a rá. Rud nach dual dóibh. Abraimis, labhairt amach as taobh amháin dá smut.

Bheadh ar Sinn Féin seasamh a ghlacadh sa pholaitíocht idirnáisiúnta nach meallfadh gean na meánaicme, gean nach bhfaighidh siad a choíche ná go deo. Bheadh ar Pháirtí na Luiche Oibre ligean orthu gur léigh cuid acu scríbhinní Shéamais Uí Chonghaile. Maidir le Finné Gall, nár bhreá leo a bheith in Nato agus ag saighdiúireacht leo ar fud an tsaoil in aghaidh daoine nach mbaineann lena n-aicme féin?

Is é dúshlán an rialtais agus na roinne gnóthaí seachtracha agus trádála agus airgid amú agus cairde gustalacha ná scagadh a dhéanamh idir na buíonta éagsúla idirfhillte in Mali féin. Cé a thuigfeadh iad?

Beidh cuimhne ag daoine d’aois áirithe ar Kunta Kinte, an chéad duine a thuismigh sliocht na sclábhaithe in ‘Roots’ Alex Haley. Ba den Mhandinca é, agus ba dhream leathan uileghabhálach iad sin. Ach conas is féidir le haon duine againn scagadh a dhéanamh idir na dílseachtaí agus na haighnistí stairiúla i measc na Mande, na Fula, na Senofo, na Tuareig (éagsúla), na Songhaíthe agus ar na tosca a chuireann chun airm iad?

Tá a dtuiscintí siúd ar an saol chomh bailí le tuiscintí Éireannaigh ar bith.

Ní dár gcúram a bheith sáite i gcogadh cathardha stáit bhréagaigh a chruthaigh na Francaigh ar mhaithe leo féin.