Bua níos mó, dua níos lú

An féidir leis an oideachas a bheith ina mheaisín chun maitheasa seachas ina mheaisín dúnmharaithe?

Focloir: Dúnmharú - murder, táirgiúlacht - productivity, daonnacht - humanity, acmhainní - resources, béim - emphasis, forleathan - widely, cuí - appropriate, anuraidh - last year.

Tá na mílte ar ais ar scoil tar éis briseadh na Nollag. Agus tá na codanna éagsúla den chóras ag gluaiseacht in athuair, mar a bheadh meaisín, agus é ar lán-luas.

Ní inniu ná inné a thosaíomar ag trácht ar an oideachas mar mheaisín. Tá níos mó ná céad bliain ann ó rinne an Piarsach trácht ar an Murder Machine. Cháin sé an córas oideachais as an daorsmacht agus an dúnmharú, dar leis, a bhí ar siúl go laethúil i scoileanna na tíre.

Agus cad ba bhun leis an dúnmharú? Dar leis go raibh easpa saoirse agus easpa daonnachta ann, agus an náisiún agus an cultúr curtha ar leataoibh. B’fhacthas dó go raibh béim ró-mhór ar ‘éifeacht’ i gcóras na scolaíochta amhail is go raibh soláthar oideachais an pháiste ar aon chineál le táirgeadh tionsclaíoch. Táirgeadh guail nó gáis an sampla a luaigh sé.

READ MORE

Ach an drochrud é an éifeacht san oideachas?

Agus an Piarsach ag scríobh faoin oideachas mar mheaisín éifeachtach dúnmharaithe, bhí Franklin Bobbitt i mbun pinn timpeall an ama céanna i Chicago. Ach bhí teachtaireacht níos dearfa aige-siúd faoi ‘éifeacht’ agus faoin gceangal idir an t-oideachas agus an táirgiúlacht tionsclaíoch.

Ag an am, bhí monarchana Mheiriceá ag iompú i dtreo na teicneolaíochta, ón táirgiúlacht lámhdhéanta go meaisíndhéanta. Bhí béim ar chruinneas, ar spriocanna, agus ar chaighdeán sa bhainistíocht agus sna nósanna oibre. Thar aon rud eile, bhí béim ar éifeacht - ba ghá níos mó a dhéanamh le níos lú.

Agus ba ghá dar le Bobbitt, an modh eolaíoch seo a thabhairt isteach sa chóras oideachais. Bhí meaisín an oideachais gan treoir, gan stiúir, agus gan éifeacht. Bhí líon na bpaistí ag dul i méid agus bhí éileamh mhór ar na hacmhainní. Cuimhnigh ar a leithéid seo de theideal ar alt dá chuid ó 1912 - The Elimination of Waste in Education. Chuirfeadh sé cáipéis ó Bhord Snip i gcuimhne!

Ach taobh amuigh den chaiteachas, bhí spéis ag Bobbitt san éifeacht san oideachas trí chéile, an teagasc ranga san áireamh. Sa leabhar, The Curriculum ó 1918, mhol sé go mbeadh cuspóirí an teagaisc níos cruinne, níos beaichte. Ní amháin sin, ach chreid sé gur ghá dul ar thóir na héifeachta i saol pearsanta an duine agus an phobail ar bhonn níos ginearálta. Chuirfeadh sé le beocht, fuinneamh agus anamúlacht an duine dar leis.

Bhí ‘éifeacht’ in úsáid aige le brí níos leithne mar sin, agus rinne sé idirdhealú sa sainmhíniú, i ngeall ar sin. Táirgiúlacht ard theicniúil ar ábhar a bhí i gceist ag leibhéal amháin, mar a bheadh ar siúl sa mhonarcha.

Ach ba í an a ‘éifeacht’ a theastaigh uaidh i ndeireadh thiar ná ‘éifeacht i gcothú an leasa daonna.’ Ní raibh san éifeacht theicniúil, ach caoi chun an chríoch sin (leas an phobail i gcoitinne) a bhaint amach. Sa chás nár scaip tairbhe na táirgiúlachta sa mhonarcha go forleathan i measc an phobail, teip a bhí ann. Ní raibh sé éifeachtach.

Ní dócha go raibh Bobbitt léite ag Peig nuair a cuireadh i gcló a leabhar cáiliúil i 1936, ach bheidís ar aon fhocal gur, ‘ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.’

Ach ar ais sa seomra ranga, chreid Bobbitt go gcuirfeadh cur chuige níos tomhaiste sa churaclam ar chumas an mhúinteora aird níos mó a thabhairt ar an ngné dhaonna, mar shampla, aithne a chur ar an bpáiste agus an teagasc a leasú dá réir. Ba í an ‘tseirbhís dhaonna’ an fócas a bhí ag Bobbitt san oideachas agus sa saol trí chéile.

Agus téarma nua den scoilbhliain díreach tosaithe, tagann cuid mhaith de na ceisteanna seo chun cinn. Agus taobh amuigh de chúrsaí oideachais, bíonn machnamh á dhéanamh ag mórán ar rún na hathbhliana agus ar éifeacht phearsanta. Bua níos mó, dua níos lú.

D’fhéadfaí a áitiú, mar is minic déanta é, go bhfuil go leor den “mharú’ fós ar siúl, i rás na bpointí CAO, sna ranganna agus sna scoileanna dian-teagaisc a dhéanann freastal ar an rás sin.

Agus an bhfuil fórsaí eile ann a chreimeann an dúil san bhfoghlaim, san díograis, san chruthaitheacht, san áthas agus i bhfiúntas na foghlama í féin?

Is maith ann é an meaisín agus an mheicníocht chun an saol a éascú. Agus is maith ann í an éifeacht. Ach is gá a chinntiú gur chun leas an phobail é agus go bhfanann an t-oideachas ina sheirbhís dhaonna seachas ina tháirge le ceannach.

Cad é do bharúil ar seo - an aontaíonn tú leis an údar? Más mian leat do chuid tuairimí a nochtadh, seol nóta chugainn ag tuarascail@irishtimes.com nó fág teachtaireacht linn ag irishtimes.com/