Bronnadh céime agus bóthar na beatha

Comhairle an chearrbhaigh – na cártaí a imirt nó a choinneáil?


Tá mórán ama caite ag Uachtarán na hÉireann ar ardán le tamall anuas. Agus is fíor é sin chomh maith i gcás na n-uachtarán.

Na huachtaráin ar na hinstitiúidí oideachais sa tír atá faoi chaibidil. Mar is um an dtaca seo den bhliain a bhíonn bronnadh na céime ar siúl i mórán de na hinstitiúidí sa tríú leibhéal. Agus is ar ardán a chaitheann na huachtaráin mórán dá gcuid ama agus iad i mbun an bhronnta.

Bíonn aitheasc an uachtaráin le tabhairt chomh maith. Ní foláir nó gur éasca tabhairt faoi sin i 2018 ná tamall gairid de bhlianta ó shin nuair a bhí an imirce agus an dífhostaíocht i ndán do mhórán de na céimithe a bheadh bailithe.

Mar sin féin, má tá cúrsaí feabhsaithe go mór do rang 2018, tá go leor deacrachtaí eile rompu, agus céimeanna casta eile le tógáil acu, ar bhóithre de shórt eile. Agus ar dhréimirí.

READ MORE

Maraon leis an tréaslú agus an fháilte, is gnách comhairle éigin a bheith in aitheasc an uachtaráin do na céimithe atá ag tabhairt aghaidh ar an saol mór anois nó ar ‘ollscoil an tsaoil’.

Beidh tagairtí ann b’fhéidir do cháilíochtaí nó tréithe a sheasfaidh leo – misneach, fiontar, réasún, dílseacht, foighne agus araile.

Ní ábhar nua na nithe seo do na céimithe – tá cloiste acu fúthu roimhe seo, a bheag nó a mhór, sa teaghlach, sa scolaíocht, san Eaglais, san ionad spóirt, agus áiteanna eile. Cuirfidh an t-uachtarán a chasadh féin ar chúrsaí ar ndóigh.

Ach is gá gan a bheith rófhadálach. Mar ní bhíonn fonn éisteachta i bhfad ar lá mar seo. Tá grianghrafanna le tógáil, comhrá agus comhluadar le déanamh, agus béilí le caitheamh.

Mórán a rá i mbeagán focal, sin atá ag teastáil. Agus sprid agus suim a choimeád sa chaint. Chuige sin, is gnách don uachtarán an chaint a bhreacadh le giota gearr filíochta nó seanfhocal chun saíocht nó léargas éigin a chur in iúl.

Nó meafar nó dhó. Is minic an saol a shamhlú mar thuras (seachas rás) mar shampla, agus gur cheart tabhairt faoi go réidh agus go foighneach.

Is mór an éifeacht a bhaineann le meafar, mar atá léirithe ag an eolaíocht ar chúrsaí inchinne agus intinne. Fágann sé cló nó lorg níos fearr ar aigne an duine ná mar a tharlódh b’fhéidir le gnáthchaint.

Carpe diem

Is cosúil gur fearr an cor agus an ceangal a dhéantar idir na néaróga. Agus is fearrde cuimhne an duine é dá bharr.

Ach pé meafar a úsáidfidh an t-uachtarán is gá a bheith cúramach sa roghnú. Is fearr meafar maith ná labhairt chun leadráin. Agus seachain na nathanna seanchaite nó an cliché.

Meafar a bhíonn in úsáid go minic is ea an saol a shamhlú mar lá. Carpe diem, mar a dúirt Horace. Dhá fhocal a bhfuil mórán céille ag baint leo. Tapaigh an deis. Téigh i mbun gnímh. Bain taitneamh. Níl aon ní le cailliúint.

Agus ní théann giota Laidine amú riamh nuair a bhíonn an t-aos léinn bailithe le chéile.

Is meabhrú iad chomh maith ar a ghonta is atá an saol.

Tiocfaidh an deireadh luath go leor, mar a imíonn an lá, uaireanta róthapaidh agus i ngan fhios dúinn. Tempus fugit.

Bhí léamh dá chuid féin ar an meafar seo ag John Henry Newman (JHN) i bpaidir dá chuid. I dtreo dheireadh an lae, tagann an tráthnóna, téann na scáthanna i bhfaid, titeann an ciúnas, agus téann fuadar agus fiabhras an tsaoil i léig. Tá an obair déanta agus tá sé in am teacht abhaile.

Shamhlófá duine ag siúl abhaile ó la oibre, tuirseach, an clapsholas ag titim, an ghrian ag dul faoi, agus sos ag teastáil.

Nó ar a mhalairt de nóta ar fad, cad faoin saol a shamhlú mar chluiche cártaí? Cuimhnigh ar an Gambler le Kenny Rogers agus an chomhairle a chuir an cearrbhach air – gur cluiche pócair atá sa saol, go mbeidh ócáidí ann nuair is fearr fanacht le háiméar (agus na cártaí a choimeád) agus uaireanta eile nuair is fearr scaoileadh leo.

Is cuma faoin lámh cártaí a bhronntar ort, is san imirt a bhíonn an rath nó an teip.

Is meafar é atá beagáinín ar chlé, déarfá, ach a bhfuil go leor de shaíocht an tsaoil ag gabháil leis. Agus nach ligfeadh na céimithe i ndearmad.

Nó an mbeadh sé de dhánaíocht in uachtarán meafar mar é a úsáid ar ócáid chomh léannta sollúnta? Is féidir é a choimeád níos simplí gan amhras, agus an bóthar agus beannacht a ghuí ar na céimithe sa tslí is iondúil.

'Go n-éirí an bóthar libh.' Is léachtóir é Cathal de Paor i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach – @cathaldepaor