Breatimeacht, Britimeacht, Broimeacht nó Brotimeacht?

Ní hé is lú den uafás go bhfuil an focal ‘Breatimeacht’ ag dul timpeall im chloigeann

D’fhéadfadh scata bríonna a bheith le ‘Broidimeacht’ arb é an ceann is ansa liom ná go bhfuil siad á mbroideadh amach ag eite ghealtach an pháirtí Tóraí, ach gur cosúla gur ‘Bródimeacht’ is mó a thug ar Shasanaigh a nguth a chaitheamh ar son fágála sa chéad áit.   Grianghraf:  Georgia O’Callaghan/Getty

D’fhéadfadh scata bríonna a bheith le ‘Broidimeacht’ arb é an ceann is ansa liom ná go bhfuil siad á mbroideadh amach ag eite ghealtach an pháirtí Tóraí, ach gur cosúla gur ‘Bródimeacht’ is mó a thug ar Shasanaigh a nguth a chaitheamh ar son fágála sa chéad áit. Grianghraf: Georgia O’Callaghan/Getty

 

Ní foláir nó tá tú tinn tuirseach de faoi seo. Nó sa chás is nach bhfuil, tá tú bréan bailithe. Agus muran leor sin, ráineodh go bhfuil tú dú dóite. Nó d’fhéadfadh go mbeifeá scíth go sciathán, nó traochta go heireaball timpeall. Nó caite go craiceann. Nó tnáite go tóin…den rud ar fad!

Den Bhreatimeacht, atáim ag rá. Mar adúirt Cromail le Pairlimint an Phrumpa sa bhliain 1653: ‘Depart I say! And let us have done with you. In the name of God, go!’

Ní hé is lú den uafás go bhfuil an focal ‘Breatimeacht’ ag dul timpeall im chloigeann mar a bheadh saithe beach i ngliográn ag leanbh. Níl aon éalú uaidh mar fhocal gránna, agus is focal gránna siar amach é ar nós ‘struchtúr’, nó ‘todhchaí’, nó ‘síceolaí’, nó ‘critic’ ach níos measa.

Is measa fós ná sin go bhfuil fásra eile ag sníomh as go snámhraiciúil. Focail nach raibh riamh ann agus nach móide go mbeidh go brách arís.

Gan amhras, is é ‘Britimeacht’ an ceann is fusa. Cuimsíonn ‘Brits Out’ an t-imeacht, agus an focal coiteann aitheanta le chéile. Ní bheadh a bhac air maidir le litriú caighdeánta de na ceithre chaighdeán atá againn, ach go bhfuil boladh bhalla in Iarthar Bhéal Feirste air, agus ní fhéadfaí fulaingt leis sin.

Ar maidin go moch is mé ar mo leabain bhoig seolann ‘Broimeacht’ chugam le gaoith. Tá níos gonta ná aon rud eile, ach tá drochbholadh uaidh ar chúis éigin. Tá cruinn ceart dóibh siúd nach féidir leo an litir ‘t’ a fhuaimniú, agus ós rud é gur tufóga de chuid na hardchathrach is mó a chleachtann sin, ní gá dúinn dul ina ghaobhar.

Tá ‘Brotimeacht’, leis ann, ach baineann sin le muintir na hAlban a bhfuil ganntanas anraith ag cur orthu. Ach ní crá croí mór an méid sin, óir ghlac go leor acu an súp fadó gan bhuíochas dúinn. Ba mheasa an ‘Bratimeacht’ nuair a shéití a raibh ar a nguaillí acu le haer na gcnoc is na mbeannta.

Is ionann ‘Beirtimeacht’ agus Sasana agus an Bhreatain Bheag ag gluaiseacht leo le chéile, óir b’fhearr leis an Albain agus na Sé Chontaetha Gafa fanúint leis an Aontas Eorpach, dá laghad is atá an chaoi acu sin a dhéanamh. D’fhéadfadh ciall ar bith a bheith le ‘Beartimeacht’, mar ní heol do dhuine ná do dhaonnaí, ná do neach neámhaí féin cé na bearta de na bearta crua atá le réiteach.

D’fhéadfadh scata bríonna a bheith le ‘Broidimeacht’ arb é an ceann is ansa liom ná go bhfuil siad á mbroideadh amach ag eite ghealtach an pháirtí Tóraí, ach gur cosúla gur ‘Bródimeacht’ is mó a thug ar Shasanaigh a nguth a chaitheamh ar son fágála sa chéad áit.

Is chuige sin a chum duine éigin an focal ‘Sasamach’ ar Bhreggsit. Mar sin é, i ndeireadh na feide: nuair atá an comhaireamh déanta ar na huain, agus an bhean ramhar imithe den stáitse, agus an snáth déanach tarraingthe, agus an cúl deiridh san eangach, agus an tairne buailte isteach, sin é is brí leis. D’oirfeadh ‘Suasamach’ dá mba go raibh aon tseans ar fheabhas a theacht ar an saol, ach ar éigean é. Bheadh brí le ‘SASamach’ dá gceapfadh aon duine go raibh an dream mallaithe sin le himeacht den stáitse. Agus b’fhearr fós ‘Slánamach’ dá mbaileoidís leo in ainm na ndeamhan agus na seacht ndiabhal déag a bhí ar leaba bháis Alasdair Borgia.

Is é bun agus barr an scéil, gan amhras, gur ‘Glanimeacht’ an chríoch a bheidh ar ár bhformhór, sinn glan imithe as ár meabhair amach mura dtagann deireadh leis seo ar fad, agus go grod!