Bheir Mí Ó

Manach Éireannach nach raibh aige ach Gaeilge agus scríobh na Laidne a scaip an Chríostaíocht ar fud na críche

Táimid ag comóradh 1,500 bliain de bhreith Cholm Cille i mbliana. Grianghraf: Getty

Táimid ag comóradh 1,500 bliain de bhreith Cholm Cille i mbliana. Grianghraf: Getty

 

Tá an chuma air go bhfuil an DUP ag corraíl Sruth na Maoile arís. Tá rud éigin pianíoróineach ag baint leis seo toisc go bhfuil siad, nó go ndeir siad go bhfuil siad, mórálach as a ndúchas Albanach. Is fíor gurb iomaí sin dúchas Albanach atá ann, cuid acu gurbh fhearr gan a bheith rómhustarach astu, ach fós féin, síneadh ar Éirinn is ea an chuid is fearr di, agus síneadh ar Albain is ea an smut is luachmhaire de phlandóirí Uladh.

Glac is ordóg is ea an dá thír mar a thuigfeadh aon duine dúr a ghrinnfeadh logainmneacha is sloinnte na háite, gan an stair féin a bhac. Ceart go leor, admhaím go bhfuil an aimsir níos ainnise soir ó thuaidh agus go bhfuil a gcuid meanbhchuileog níos ocraí ná ár gcuidne, ach scaoilimis an méid sin tharainn go ciúin.

Is é nach dtuigeann an DUP agus a lucht leanúna ná nuair a bhainfidh Alba a neamhspleáchas amach go mbeidh cos dá gcosa teasctha, iad ar thrá fholamh dá ndéantús féin. Diúltaíonn siad go lom slán don oidhreacht phoblachtánach a fhothaigh a sinsir roimh 1798, agus gabhann leis an ríogacht Ghearmánach neamhstairiúil. Ach tá in aice láimhe cultúr saibhir Gaelach agus Béarlach ar de iad trasna na dtonnta uathu ach leathlámh a shíneadh amach agus breith uirthi.

Fág na deighilteanna buile úd sa Chríostaíocht as an áireamh, ní féidir a shéanadh gurbh é Colm Cille a chuir fóda an chreidimh síos nuair a d’fhág sé Londaindoire lena chompánaigh chun lonnaithe in Í. Seans maith go raibh an naomhóg inar ghluaiseadar mórán níos téagartha ná naomhóga na mBlascaod, ach níor fhág sin nár ghuaiseach an turas é. Ní ball é Í a mbíonn an ghrian ag dearsadh air ach go fánach is go glantseansúil, agus is minice ná a chéile go siabfaí an breacan díot ann agus tú ag déanamh do chúraim ar chúl sceiche.

Ach manach Éireannach nach raibh aige ach Gaeilge agus scríobh na Laidne a scaip an Chríostaíocht ar fud na críche, oidhreacht atá beo agus go minic beithíoch in oirthuaisceart na tíre. Sa chás is nach mbeadh a fhios ag na haineolaigh, táimid ag comóradh 1,500 bliain de bhreith Cholm Cille i mbliana, ach is dócha nach mbeidh oiread sin iomrá oifigiúil air ar eagla go mbeadh seicteach agus deighilteach.

Balsam beag amháin ar chor oirthuaisceart Éireann is ea an nasc Albanach sin a aithint, ach a aithint go hiomlán. Aithint Ghaelach agus aithint Bhéarlach. Aithint chultúir, fág is nach bhfeicim spéis dá laghad ag an DUP i gcúrsaí cultúir lasmuigh den pholaitíocht.

Le nach mór leathchéad bliain anuas tá dreamanna abhus is thall ar ndícheall ag iarraidh an naisc seo a neartú. Thosnaigh an Colonal Eoghan Ó Néill agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar thuras bliantúil a eagrú ina dtéadh filí agus ceoltóirí na hÉireann sall agus go dtagadh a n-amhlachas anall. Cuireadh deireadh leis an saibhriú cultúir seo de bharr sprionlaitheachta agus deargaineolais bharbartha an rialtais abhus suim bhlianta ó shin.

Tá an geataire lasta arís, áfach, ag Irish Pages/Duillí Éireann agus le cúpla bliain anuas eagraíonn siad féile litríochta ina mbíonn scríbhneoirí sna ceithre teangacha ag léamh a gcuid, Gaeilge, Gáidhlig, Béarla agus Albainis (ar canúint di an Ultais, ar beagspéis le hOráistigh í, le fírinne). Cé gur cimí ar nós cáich sinn go léir ar an neamhshaol seo, ní foláir féile na bliana seo a chur ar fáil go fíorúil. Má tá féasta éigse uait, gabh leat go dtí crosswaysfestival.org an deireadh seachtaine seo (12-14 Feabhra) agus gheobhaidh tú ardú meanman lasmuigh den bhladar oifigiúil agus i leataoibh ó dhrochnuacht an lae. Éire agus Alba aontaithe in aon tionscnamh liteartha agus cultúir amháin!