Beartas Cliste

Tá a scéal féin ag gach duine agus gach ceann chomh bailí le ceann ar bith eile.

’An bhliain seo amach romhainn a bhfuilimid ina tús, is í an bhliain is tábhachtaí í maidir le cogadh na saoirse de, nó le cruinneas, an cheannairc mhídhleathach i gcoinne an rialtais bhunaithe de réir dlí agus gach aontú idirnáisiúnta de.’  Grianghraf: by Sean Sexton/Getty Images

’An bhliain seo amach romhainn a bhfuilimid ina tús, is í an bhliain is tábhachtaí í maidir le cogadh na saoirse de, nó le cruinneas, an cheannairc mhídhleathach i gcoinne an rialtais bhunaithe de réir dlí agus gach aontú idirnáisiúnta de.’ Grianghraf: by Sean Sexton/Getty Images

 

Tá solas éigin ag gealadh faoi dheireadh. Tá blianta fada na gcuimhneachán ar na cogaí ar an oileán ag teacht chun críche agus tuiscint bheag chaol ag bíogadh in intinn na n-údarás.

Bhí na cuimhní thar a bheith tomhaiste go dtí seo, seachas staraithe agus colúnaithe ag troid le chéile mar a bheadh easóga i bpoll tarathair. Tá an chuma anois air, áfach, go bhfuiltear ag teacht ar chomhréiteach, ar consensus deas compordach nach gcuirfeadh as do dhuine ar bith.

An bhliain seo amach romhainn a bhfuilimid ina tús, is í an bhliain is tábhachtaí í maidir le cogadh na saoirse de, nó le cruinneas, an cheannairc mhídhleathach i gcoinne an rialtais bhunaithe de réir dlí agus gach aontú idirnáisiúnta de.

Tharlódh an t-ádh a bheith linn le míonna anuas go raibh an chóivid mhallaithe i ngreim orainn agus nár ghá aghaidh a thabhairt ar an sceimhlitheoireacht gan mhandáid agus ar ghá leithscéal éigin a dhéanamh ar a shon.

Beartas thar a bheith cliste is ea a thabhairt le fios go raibh gach taobh mar an gcéanna. Bhí gach dream ceart, nó éigeart, de réir do mhéine féin. Chaithfí tuiscint d’Óglaigh na hÉireann agus do na Dúchrónaigh araon. Tar éis an tsaoil an bhuíon sin d’arm an rí a loisc cathair Chorcaí - mar shampla amháin - bhí mná céile sa bhaile acu, agus grá acu dá gcuid páistí, agus ní raibh siad ach ag leanúint orduithe. Agus bhí an t-airgead a dhíth.

Is maith liom féin é seo mar chur chuige. Tá a scéal féin ag gach duine agus gach ceann chomh bailí le ceann ar bith eile. Nó mar a deirtear anois tá ‘narratives’ éagsúla ann agus caithfear cluas a thabhairt dóibh ar fad.

Foirmle den scoth é seo ar son síochána agus comhthuisceana agus bráithreachais agus deirfiúrachais ar son na n-oileán go léir ar an domhan oileánda seo. Is féidir linne a bheith mórálach asainn féin gur sinne a thionscain an leagan amach maitiúir seo agus tá caoi anois againn é a leathnú ar fud na cruinne.

Tá dhá thaobh ar gach scéal, agus go minic trí cinn; agus ná tugtar breith ar an gcéad scéal go mbéarfaidh an ceann eile ort. Tá an saol ina chith nuance ag titim anuas orainn ina bhfrasa gan chrích agus táim ar crith ag coinne leo agus ag dúil leis an bprionsabal nua seo a chur i bhfeidhm soir is siar.

Dá dtarlódh ceist an oileáin seo a bheith ró-íogair agus ró-ghar dúinn agus míchompordach ag smaoineamh ar an ngarlach Coileánach ag cur daoine chun báis ina leapacha, b’fhearr an prionsabal a chur i bhfeidhm thall thairis i dtíortha nó go fiú ar oileáin eile.

Smaoiním go háirithe ar na buamaí agus na roicéid agus na sliogáin a bhí á ndiúracadh anuas ar Sairéavó sna míonna sin ina raibh sé faoi léigear nach mór lenár linn féin. Is cinnte go bhfuil dhá thaobh leis an scéal sin agus is minic nach dtuigtear i gceart do na Seirbigh a mbítear ró-dhian orthu abhus. Níl an fhírinne ar fad inste ach oiread mar gheall ar Srebinica, ach is cinnte go bhfuil ar a laghad trí thaobh leis an eachtra sin.

Is maith go bhfuil baicle staraithe anois ag cur a mbundún amach ag iarraidh cás na nHutúach in Ruanda a chosaint. Ceapadh ar feadh i bhfad gurbh amhlaidh gur ghabh siad i mbun sléachta ar na Tutsuithe gan chuireadh gan iarraidh, ach de bharr scrúdú na nuances agus tuiscint dá narrative féin, tuigfear ar ball go raibh an scéal níos casta ná go díreach slad gan trócaire agus búistéireacht le hairm tua agus le hairnéis gharraíodóireachta.

Cad a dhéanfá le taghd agus dhá thaobh?