Ballaí móra an tsaoil - idir ‘sinne’ agus ‘siadsan’

Bhí mé ag déanamh iontais cén fáth ar gheall le galar an dúspéis atá ag daoine i mballaí móra a thógáil

Foclóir: greanta- engraved; dúspéis -obsession; fiagaí cnuasaitheoirí - hunter-gathers; neamhbhalbh -forcefully; foréigean buíne - gang violence; balla báite - sunken wall; talamh coisricthe - consecrated ground.

Tá íomhá an bhalla mhóir léith sin greanta i m’intinn. Chonaic mé é den chéad uair nuair a bhí mé an-óg. Bhí mé i mo phaisinéir cúlóige ar ghluaisrothar m’uncail ag dul thart ar Chaisleán Bhaile an Bhairéadaigh gar dár dteach i gContae Chill Dara. Bhí mé ag déanamh iontais faoi cad a bhí ar an taobh eile den bhalla sin.

B’iomaí balla eile a chonaic mé ó shin timpeall ar eastáit mhóra ina raibh tithe galánta de chuid lucht an rachmais. Thuig mé go hinstinneach go raibh na ballaí móra sin ann chun mé agus daoine den chineál céanna a choimeád amach - mura raibh freastalaithe nó sclábhaithe feirme de dhíth ar na boic mhóra a bhí ina gcónaí taobh thiar dóibh. Bhí mé ag déanamh iontais cén fáth ar gheall le galar an dúspéis atá ag daoine i mballaí móra a thógáil.

Tá ballaí móra fréamhaithe sa réamhstair: a luaithe a tháinig na feirmeoirí in ionad na bhfiagaí cnuasaitheoirí ar an bhfód thosaigh siad ar bhallaí a thógáil chun a dtailte mar lonnaitheoirí a leagan amach agus a mbarra agus a n-ainmhithe a chosaint óna naimhde.

READ MORE

Chualamar scéalta faoi bhallaí móra iomadúla an domhain: Balla Mór na Síne a tógadh sa 14ú aois chun deighilt a dhéanamh idir barbarthacht agus sibhialtacht dar leis na Sínigh. Is dócha gurbh cheann de na chéad siombail de ‘sinne’ agus ‘siadsan’ é an balla sin.

Insítear scéalta faoi dhaingin mhóra eile chomh maith, amhail Balla Haidrian agus Ballaí Iarúsailéim féin - ainm a chiallaíonn Cathair na Síochána!

Leagadh amach teorainneacha cosanta agus polaitiúla sa saol ársa in Éirinn freisin. Idir 390 - 370 RCh tógadh sraith de chréfoirt líneacha in oirdheisceart Uladh agus in oirthuaisceart Chonnacht ar a thugtar Claí na Muice Duibhe mar de réir an bhéaloidis thochail Torc Ollmhór Dubh an tuath lena starrfhiacla móra. Dúradh go raibh na créfoirt ann mar chosaint ar ruaig chreiche ar lorg eallaí a bhí an-choitianta i seansaol na hÉireann.

Tugadh Eiscir Riada ar chóras d’eascracha a théann trí lár na tíre ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh. Ba shil-leagan oighreach í a bhí déanta de ghaineamh, gairbhéal agus bolláin a bhí fágtha siar nuair a leáigh an t-oighearshruth ag deireadh na hoighearaoise 10,000 bliain ó shin.

Tar éis chath Mhaigh Nuad i 123 AD roinneadh oileán na hÉireann ina dhá shlánaonad polaitiúil ar nós na n-eascracha - ‘Leath Chuinn’ ó thuaidh agus ‘Leath Mhogha’ ó dheas.

Bhí an Eiscir Riada ina bealach trí phortaigh i lár na tíre mar go raibh an talamh níos airde ar na heascracha. Ón tseanaimsir i leith bhí an Eiscir Riada ina bealach mór a nasc iarthar agus oirthear na hÉireann le chéile. Go deimhin, tugadh ‘An tSlí Mhór’ uirthi a chiallaíonn ‘The Great Way’ san saol anallód.

Lean tógáil ballaí ó shin ar fud na cruinne. I Meiriceá sna 1860idí nuair a rinne na lonnaitheoirí Eorpacha éileamh ar thailte ar leis na Meiriceánaigh dhúchasacha iad ón tús; bhí claíocha de dhíth ar na coilínigh chun a gcuid áitreabh a chosaint. Baineadh úsáid as sreang dheilgneach a céadcheapadh sa bhliain 1870 chun é sin a dhéanamh - aireagán a rinne úinéireacht phríobháideach indéanta.

Ar aghaidh agus ar aghaidh a shíníonn na ballaí leis na cianta cairbreacha trí réigiúin agus cultúir go dtí ár linn féin. Tógadh Balla Bheirlín tar éis an Dara Cogadh Domhanda mar chuid den Chuirtín Iarainn idir Cumannachas agus Caipitleachas. Rinneadh an-dochar do shaoránaigh ar an dá thaobh dá bharr mar bhí baill chlainne agus teaghlaigh deighilte óna chéile agus b’iomaí duine a maraíodh nó a gortaíodh agus iad ag iarraidh dul trasna an bhalla go dtí Iarthar na Gearmáine. Sa bhliain 1989 leagadh an balla agus ath-aontaíodh Beirlín féin agus an Ghearmáin. Ach an bhfuil an aontacht seo i mbaol? Bheartaigh rialtas na hOstaire claíocha a thógáil idir í agus tíortha in aice láimhe amhail an Iodáil agus an tSlóivéin chun na himircigh ón Afraic a choimeád amach. Is é an eagla roimh an ‘duine eile’ is cúis leis an bhféinchosaint seo.

Is iomaí teorainn fhisiciúil eile atá tógtha ag tíortha cumhachtacha an domhain na laethanta seo a d’fhéadfadh dochar as cuimse a dhéanamh do dhaoine. Cuir i gcás imircigh nó teifigh a fhágann a dtíortha dúchais chun éalú ó chogadh, ó ghorta nó ó bhforéigean buíne agus a lorgaíonn tearmainn i dtíortha atá níos sábháilte agus níos saibhre. Is minic a chuirtear ó dhoras iad go cruálach agus a fhágtar ar an trá fholamh iad.

Táimid beo i ré na mballaí arís mar deirtear go bhfuil 65 thír ar a laghad nó níos mó ná trian de thíortha an domhain tar éis bacainní ar feadh a dteorainneacha a thógáil chun na ‘saibhir’ a chosaint agus na ‘daibhir a choimeád amach. Bhí an scéal i mbéal an phobail cúpla bliain ó shin nuair a gheall an tUachtarán Trump go dtógfadh sé Balla Mór idir na Stáit Aontaithe agus Meicsiceo chun cosc a chur ar shruth na n-imirceach ó dheas. ‘Sinne’ a choimeád istigh agus ‘iadsan’ a choimeád amach. Ní léir go bhfuil aon réiteach simplí ar an bhfadhb seo ach is cinnte mura gcuirtear an t-airgead agus na hacmhainní chuig na tíortha corraithe as a dtagann na himircigh agus na teifigh, tiocfaidh siadsan ar a dtóir i gcónaí chuig na tíortha saibhre

Tá an teorainn idir Iosrael agus an Bruach Thiar sa Phalaistín ar cheann de na ballaí is bagraí agus is naimhdí ar domhan. Le linn cuairt ar Bheithil 15 bliana ó shin, stop an bus ag an seicphointe agus os ár gcomhair amach bhí balla sé throigh is fiche ar airde déanta de leaca choincréite a raibh sreang dheilgneach ar a bharr. Chuaigh sé i bhfeidhm orm go neamhbhalbh go raibh ‘sinne’ ar thaobh amháin agus ‘siadsan’ ar an taobh eile.

Rinne an t-ealaíontóir graifítí Briotanach Banksy múrphictiúir a phéinteáil ar an taobh Palaistíneach den bhalla. Tá sé sa seanchas gur cháin fear Palaistíneach Banksy toisc go raibh sé ag iarraidh cuma álainn a chur ar an mballa - rud nach féidir a dhéanamh dar leis an bhfear mar bhí an ghráin aige ar an mballa agus dúirt leis an ealaíontóir gan bacadh leis agus imeacht abhaile!

Tá teorainn pholaitiúil inár dtír féin ó thuaidh idir an Phoblacht agus na Sé Chontae a bhí mar dheighilt eadrainn le céad bliain anuas.

Cé go bhfuil próiseas síochána i bhfeidhm ann le fiche bliain anuas, in ainneoin sin, tá gá in áiteacha le ‘ballaí síochána’ chun an dá phobal a dheighilt óna chéile. Ar thuras treoraithe go dtí Bóthar na bhFál (balla eile!) roinnt blianta ó shin d’fhoghlaim mé gur osclaíodh Reilig Chathair Bhéal Feirste sa bhliain 1869 mar láthair adhlactha do Chaitlicigh agus do Phrotastúnaigh. Níor aontaigh an chléir Chaitliceach leis an socrú sin, ámh, mar mhaígh siad nach mbeadh an talamh coisricthe dá roinnfí í le Protastúnaigh.

Agus de bharr na hagóide sin, b’éigean do na húdaráis balla báite naoi dtroithe ar airde a thógáil faoin talamh ionas go mbeadh mairbh an dá phobal deighilte óna chéile.