Bagairtí Báis

Ní féidir beag is fiú a dhéanamh de bhagairt bháis

Tá go leor spíde agus maslaithe fulangtha cheana féin ag an bpeileadóir Éireannach James McClean seachas go ndéanfaí an bás a bhagairt air. É seo toisc go ndiúltaíonn sé an poipín fola a chaitheamh. Tabharfar faoi deara go bhfuil caitheamh poiblí an phoipín seo ag dul in éigeantaí in aghaidh na bliana mar shuaitheantas cuimhneacháin ar na cogaí go léir a raibh an Bhreatain páirteach iontu ó chogadh na mBórach i leith. Ait go leor, ní léir ár gcuid tráchtairí síochána agus comhbhráithreachais ag seasamh gualainn le gualainn leis i gcoinne na binbe seo arb é an ciníochas is bun leis.

Is mó is coitianta daoine gorma agus daoine de bhunadh Áiseach faoin lasc ciníoch seo toisc iad a bheith níos infheicthe, ach is furasta dearmad a dhéanamh ar an ngráin i gcoinne roinnt de mhuintir na hÉireann toisc go mbíonn sé de dhánaíocht iontu seasamh a ghlacadh dóibh féin.

Ina choinne sin thall, ní féidir beag is fiú a dhéanamh de bhagairt bháis. Ach ní foláir é a mheas go ciallmhar is gach rud sa mheá. An bhagairt sin a déanadh ar McClean agus ar a theaghlach go loiscfí ina mbeatha iad ina n-áit chónaithe, ba ghá a fhiafraí ar rámhaillí buile aon gheilt amháin iad mar chuid den ghnáthfhuath a scaiptear ar fud na meán sóisialta, nó bagairt lándáiríre a bhí ann.

Sa mhéid is gur déanadh an bhagairt áirithe sin chomh fada siar leis an mbliain 2012 chaithfí a thuairimiú gur rámhaillí geilt den tsaghas atá róchoitianta in aghaidh duine ar bith a osclaíonn a ghob sa saol poiblí a bhí ann.

READ MORE

Tar éis an tsaoil, ní rófhada ó shin ar ghraffiti bhalla i mBéal Feirste gur fógraíodh go marófaí Leo dá leagfadh sé cos thar theorainn na sé chontaetha isteach. Ba bhagairt bháis í sin chomh soiléir agus níos poiblí ná foláireamh McClean. Bhí an modh maraithe chomh lom, chomh díreach, chomh neamhleithscéalach le haon cheann eile. Dhéanfaí é a chrochadh. Agus ba chuma, é seo in ainneoin go raibh Leo breá sásta an poipín fola céanna a chaitheamh, an ceann sleamhain sin a bhfuil seamróg timpeall air d’fhonn pobal na hÉireann a dhéanamh comhchiontach i gcogaí na himpireachta.

De réir suirbhé a dhein RTÉ bagraíodh bás ar bhreis is a leath de theachtaí dála an Oireachtais. B’ait an scéal é dá n-éireodh siad go léir as. Bheimis de cheal teachtaí dála go deo, óir ní bheadh le déanamh ach bagairt a dhéanamh orthu agus d’imeodh siad leo ina gcoileáiníní scanraithe. Tá go leor ar mhaith leo polaiteoirí a dhíbirt, ach ní mar seo.

Is dainséaraí go mór an chuil atá amuigh ansin in aghaidh iriseoirí. De ghnáth, áfach, is ón stát nó ó ghníomhairí fadláimhe an stáit a thagann an phúic sin agus is dóichíde go raibh cásanna mar sin i ngar dúinn féin. Ar éigean go mbeadh aon stát máguaird toilteanach iriseoir a ghabháil is a ghearradh suas ina mhion phíosaí mar a mhaítear a tharla do Jamal Khashoggi in ambasáid na hAraibe Sádaisticí in Iostanbúl cúpla bliain ó shin.

Níl aon spórt, ní áirím polaitíocht, saor agus glan ón drochaigne agus ón nimh seo. An rugbaí deas measúil, leadóg na mban, cispheil, haca oighir, snámh, níl aon cheann díobh gan a gcuid maistíneachta agus rabhadh oscailte, ní chuirfeadh iontas orm dá mbeadh sa ghalf friosbaí agus sa tidlíbhincs féin.

Dá ngéillfí do gach bagairt a chuirtfí in airde ar na meáin shóisialta lofa reofadh na heitleáin sa spéir, d’fhásfadh úlla ar an gcrann eidhneáin agus stopfadh an domhan ag dul timpeall.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar