Ba ghnáth mé ag siúl le ciumhais na habhann..

Tá an ceantar seo gan mhilleadh cé go bhfuil fuaim rialta na habhann in iomaíocht fós le dordán an tráchta ón M50.

FOCLÓIR: Ciumhais - edge, tiuf-teaf - chiffchaff, cromtha - bent, dínit - dignity, droichead - bridge, truailliú - pollution, iascaireacht - fishing, cuimhne - memory, ialus - bindweed, crobhaingí - clusters, praiseach bhuí -field mustard, corcrán coille - bullfinch, bogadaíl - bobbing, dramhaíl - waste.

Is minic mé ag siúl ar luas, faoi bhruach Abhainn na Dothra ar na saolta seo le linn dhianghlasáil Covid - an Fitbit ar chaol láimhe liom ag áireamh 10,000 céim. Tagann línte cáiliúla Bhrian Merriman ar ais chun mo chuimhne:

Ba ghnáth mé ag siúl le ciumhais na habhann

Ar bháinseach úr is an drúcht go trom..

READ MORE

Agus muid sa mheánscoil, chuireamar línte brollaigh Chuairt an Mheánoiche de ghlanmheabhair ach níor ceadaíodh dúinn na línte is tábhachtaí a lean iad a fhoghlaim, de bharr is cosúil, go raibh siad ró-Raibiléiseach d’ógánaigh leochaileacha na Seascaidí!

Tá an ceantar seo gan mhilleadh cé go bhfuil fuaim rialta na habhann in iomaíocht fós le dordán an tráchta ón M50. Ag an tráth seo den bhliain feictear crobhaingí de sméara dubha súmhara ar na driseacha as a ngobann trumpaí an ialusa amach. Ar an dea-uair meallann na bláthanna móinéir féileacáin - atá ag dul i léig mar chineál, faraor. Cé is moite den fhéileacán cabáiste, tá an féileacán breac agus an t-aimiréal dearg rí-álainn feicthe agam, ag tuirlingt ar an mbuachalán agus ar an bpraiseach bhuí.

Tá an tiuf-teaf fós le feiceáil sna crainn anseo maraon leis an meantán fada agus an corcrán coille cúlánta. Seasann corr riasc ina staic san abhainn, a cheann cromtha ar leataobh agus, ar charraig san uisce reatha, aithním an gabha dubh, a cheann ag bogadaíl i gcónaí.

Is maith is cuimhin liom an abhainn seo: agus mé i mo ghasúr óg bhínn féin agus mo chairde ag iarraidh breith ar phincíní sna réimsí uachtaracha. Sna laethanta órga sin bhí Tamhlacht fós ina shráidbhaile agus páirceanna mórthimpeall air. Thógadh fir na háite i mBaile Uailcín slua páistí amach thar na páirceanna go Droichead an tSeanbhábhúin. Shiúlaimis ó thuaidh ar bhruach na habhann agus ansin thosaíodh an iascaireacht i ndáiríre. De ghnáth b’iad na buachaillí móra is mó a rug ar na pincíní lena líontáin a raibh slata bambú orthu. Faoi stiúradh na bhfear, roinntí an chreach go cothrom agus fuair gach uile pháiste a chomh chuid de phincíní.

Bhíodh na h-éisc bhochta i bprócaí nó i mbuidéil ghloine agus d’ardaímis suas iad chun lán na súl a bhaint astu. Cúpla lá ina dhiaidh sin ba léir go mbíodh siad ar an dé deiridh agus iad ag snámh go drogallach bun os cionn. Nuair a bhídís marbh chuirimis le dínit, sa chúl ghairdín iad. B’annamh a scairdeadh síos an leithreas iad!

Le déanaí tá glas bhealach á thógáil anseo a ligfidh do shiúlóirí réimsí uachtaracha na habhann a bhaint amach. Más maith is mithid. Siúlaim faoin droichead coincréite, an trácht ag tormáil os mo chionn, na ballaí smeartha le graffiti:

Covid probably won’t kill you but lockdown will!

agus

2020=1984

Bhí briathra an Phiarsaigh féin i bpéint trídhathach ina measc: ’Tír gan teanga, tír gan anam’.

Nuair a bhainim an chora amach feicim go bhfuil an sean-droichead coisithe deisithe as an nua. Ba mhinic a d’éalaigh mé féin agus mo chairde ón scoil chun teacht anseo le linn dea-aimsire. Shiúlaimis ar mheá chothrom thar an droichead ar bharr an ráille láimhe le tréan gaisce. Buíochas le Dia nár thit duine ar bith isteach san uisce breis is fiche troigh fúinn. Titeann an t-uisce le fána easa go torannach anseo ach, níos faide ó thuaidh, bíonn sé go ciúin suaimhneach arís áit a mbíonn aos óg na háite ag snámh go tráthrialta sa samhradh.

Fadó bhíodh an-chuid muilte anseo agus, ní nach ionadh, tharla truailliú, ach anois tá an t-uisce i bhfad níos glaine agus tá na bric rua go flúirseach ar ámharaí an tsaoil. Tarlaíonn diúscairt dramhaíola mhídhleathach ó am go chéile ach déantar glantachán go minic chun an fhadhb seo a réiteach. Ní thuigfeá choíche cén fáth a gcaithfeadh duine sean-tralaí no sean-rothar isteach san abhainn álainn seo ach níl teorainn le hamaideacht ná le dúire roinnt daoine.

Éiríonn an Dothra ar shleasa Chipiúir i Sléibhte Bhaile Átha Cliath agus buaileann leis an Life mar chraobh-abhainn ag an Rinn, sula dtéann san fharraige isteach. Tá an abhainn seo 16 míle ar a fhad ón bhfoinse go farraige. Buaileann an Poitéal leis an Dothra ag Cora Thí Giúise - a tógadh sa 13ú haois chun uisce a sholáthar do Chathair Bhaile Átha Cliath.

Má bhuanaigh Patrick Kavanagh cuimhne na Canála Móire ina chuid dánta deireanacha, roghnaím féin an Dothra chun mo mhachnamh féin a dhéanamh ar an saol agus mo línte féin a chumadh. Meabhraím fós ar línte buan Mherriman a bhainfeadh chomh maith le Sléibhte Bhaile Átha Cliath os mo chomhair amach:

Ba thaitneamhach aoibhinn suíomh na sléibhte

Ag bagairt a gcinn thar dhroim a chéile

* Ainmníodh Declan Collinge mar dhuine de ochtar scríbhneoir ar foilsíodh a bportráid sa tionscadal Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge le gairid. Fógraíodh liosta scríbhneoirí 2021 ag an ócáid freisin. Breis eolais: portraidi.ie