‘Ba-cheartachas’ na Gaeilge

Cad ar cheart a dhéanamh chun iriseoireacht scríofa na Gaeilge a thabhairt slán?

’Tá sé chomh maith dúinn, mar phobal teanga, ár lámha a chur inár bpócaí féin chun tacú le suíomh neamhspleach más é sin go díreach atá uainn.’

’Tá sé chomh maith dúinn, mar phobal teanga, ár lámha a chur inár bpócaí féin chun tacú le suíomh neamhspleach más é sin go díreach atá uainn.’

 

Foclóir: Aicíd - affliction, tuairimí - views, iriseoireacht - journalism, suíomh - site, cónascadh - amalgamation, rannóg - section, saineolas - expert knowledge.

Tá galar ar leith i saol na Gaeilge agus is é an t-ainm atá air ná ‘Ba-cheartachas’. Is é sin le rá, bímíd i gcónaí ag maíomh faoin rud a ba cheart do dhuine éigin nó eagras nó foras a bheith á dhéanamh ar son na teanga.

Aicíd í seo atá tolgtha ag go leor daoine agus ní eisceacht é an scríbhneoir seo, mar a léireoidh an méid a bheidh le scríobh anseo ar an gceist úd, cad ar cheart a dhéanamh chun iriseoireacht scríofa na Gaeilge a thabhairt slán?

Tá an cheist seo i mbéal an phobail de bharr go bhfuil próiséas comhairliúcháin ar bun chun tuairimí an phobail a fháil faoi cheithre mholadh atá ag Foras na Gaeilge maidir leis an mbealach chun tosaigh don iriseoireacht scríofa.

Deir an Foras nach bhfuil ach €500,000 ag an institiúid teanga tras-teorainn chun infheistiú in iriseoireacht scríofa na Gaeilge agus molann siad go gcuirfí €360,000 in aghaidh na bliana i leataobh do shuíomh idirlín ina mbeidh ‘béim agus seiftiúlacht an tsuímh ag díriú, den chuid is mó ar nuacht agus ar ábhar léitheoireachta eile a dhíreofar go háirithe ar phobal na Gaeltachta, ar phobail eile na Gaeilge agus earnáil na Gaeilge - níl sé i gceist go rachaidh an suíomh in iomaíocht le mórsholáthróirí nuachta eile le hábhair lasmuigh de na réimsí seo a chlúdach.

Ar ndóigh ní fhéadfadh suíomh neamhspleach dul in iomaíocht le mórsholathróirí nuachta eile ar an bhuiséad atá á thairiscint. I gcead do leithéidí an Irish Times, is é RTE.ie an suíomh gréasáin is mó sa tír agus tá isteach is amach le €9m de bhuiséad aige sin.

Cé go bhfuil rannóg do nuacht Gaeilge ar shuíomh RTÉ, ní fheidhmíonn sé ach ó Luan go hAoine, 9-5. Tráth go raibh mé im eagarthóir ar Lá/Lá Nua, nuachtán laethúil Gaeilge a fhoilsíodh idir 2003-8, ní fhoilsímis ach ó Luan go hAoine freisin.

Sa lá atá inniu ann, áfach, tá éileamh ag daoine ar Nuacht 24/7. Mura mbíonn sé ar fáil i nGaeilge chomh maith céanna is atá sé i mBéarla, ní bheidh tóir air ag mórchuid an phobail Ghaeilge, gan bacadh le mórchuid an phobail ar fad.

Mholfainnse gur cheart go ndéanfaí cónascadh idir Tuairisc.ie - nó pé iris a mhaoineodh an Foras - agus RTÉ nó TG4. Molaim seo de bharr go mbeadh inneall bailithe nuachta ar fáil don suíomh nuachta seo 24/7 agus creidim go bhfuil sé práínneach go mbeadh seirbhís nuachta ar fáil i nGaeilge atá inchurtha le nuacht as Béarla. Is cinnte go gcosnódh sé sin níos mó ná €360,000 in aghaidh na bliana.

Ó mo thaithí bheith ag obair ar shuíomh nuachta BBC Tuaisceart Éireann ó 1999 go 2001, cé nach raibh ach ceithre iriseoir ag obair leis an seirbhís an tráth sin, bhí duine ann ó 6 rn go dtí meán oíche ón Luan go hAoine agus ó 9-6 ar an Satharn agus an Domhnach. Sin chun nuacht ó na sé chontae a thuairisciú. Bheithfeá ag caint ar iolrán de sin chun nuacht thar réimse catagóirí a thuairisciú - spórt, gnó, dlí agus cirt, ealaíon is cultúr, leigheas, teicneolaíocht, timpeallacht, idirnáisiúnta, náisiúnta agus, gan amhras, Gaeilge is Gaeltacht.

Más é an sprioc atá againn daoine a chur ag léamh iriseoireachta trí Ghaeilge, nó fiú ag léamh na Gaeilge pé saghas scríbhneoireachta atá i gceist, nach mbeadh sé ar leas na sprice sin dá mbeadh an cúigiú chuid den mhaoiniú atá ar fáíl le h-aghaidh aistritheoirí le h-ard chaighdeán Gaeilge a fhostú sa Bhruiséil chun cáipéisí nach léifear i mBéarla a aistriú ionas nach léifear iad chomh maith céanna i nGaeilge a chur ar fáil le go mbeadh scríbhneoirí oilte Gaeilge ag obair chun scéalta atá trathúil a chur ós comhair phobal leitheoireachta na Gaeilge?

Daoine ar luaigh mé an cur chuige seo leo, cháin siad mé is chaoin siad an deireadh leis an iris neamhspleach agus tuigim dóibh. Ach dá mbeimís ag iarraidh suíomh irise/nuachta neamhspleach, ní anseo a thosnóimís. Is é sin le rá ní bheadh maoiniú nach mór iomlán an tsuímh sin ag brath ar fhoras stáit ar nós Foras na Gaeilge.

Má theastaíonn uainn suíomh irise is nuachta neamhspleach, b’fhearr duínn féachaint ar mhúnla eile, múnla ina bhfuil an tacaíocht ag díriú ar mhargaíocht chun daoine a mhealladh le síntiús a ghlacadh don suíomh, mar a dhéantar leis an Irish Times agus The Guardian.

Tá sé chomh maith dúinn, mar phobal teanga, ár lámha a chur inár bpócaí féin chun tacú le suíomh neamhspleach más é sin go díreach atá uainn. Mura bhfuil fógróirí sásta tacú leis, mar a thacaíonn siad, mar shampla, le leithéidí the journal.ie, caithfidh duine éigean íoc as an neamhspleachas.

Tá daoine ann a deir nach bhfuil an múnla briste agus mar sin de ba cheart leanúint leis an dtacaíocht ar an mbonn reatha ach níl sin fíor. Tuigtear ó thuairiscí a rinne Séamus Daltún ó Fiontar i DCU ar son Foras na Gaeilge go bhfuil leithéidí Tuairisc faoi bhrú ollmhór mar atá ag iarraidh an méid atá á dhéanamh acu faoi láthair a leanúint.

Más é an t-aon rogha atá ann tacú leis an múnla reatha nó gan tacú leis, bheinnse ag moladh an t-airgead iomlán, €500,000 in aghaidh na bliana, a infheistiú i suíomh amháin agus cúramaí nós.ie agus Comhar a leagadh ar an suíomh sin.

Ní bheinn ag iarraidh an pota sin a roinnt tré bheith ag caitheamh pinginí le scéimeanna píolótacha ar nós tacú le nuachtáin áitiúla nó printíseachta.

Tá rud eile le cur san áireamh freisin agus is é sin an taithí agus an saineolas atá ag lucht riartha tuairisc.ie, nós.ie agus Comhar - a fhéadfaí a chailliúint do shaol na Gaeilge mura leantar leo i slí amháin nó eile. Níl sé éasca dul sa bhearna baoil arís is arís eile agus glacann sé airgead agus fuinneamh an roth a athchruthú arís is arís eile.

Nílim cinnte gur cheart go mbeadh Foras na Gaeilge sáite sa phróiseas seo. Táim amhrasach go bhfuil an saineolas agus an taithí cuí acu ar an earnáil le bheith ábalta beartú go stuama.

Is dócha go bhfuil sé ró mhall a rá go bhfuil an diospóireacht atá á reachtáíl faoi mholtaí an Fhorais, an tréimhse ama atá tugtha dúinn le freagraí a thabhairt agus an spás a bheadh ar fáil i nuachtán ar bith ró theoranta chun an cheist a phlé go h-iomlán.

* Tá tuilleadh eolas ar fáil ag: forasnagaeilge.ie/nuacht/comhairliuchan/