Bás in Éirinn

Saghas ceapaire is ea an bheatha

’Is fíor go bhfuil daoine sna tíortha rófhorbartha nach cás leo ligean le páistí bás a fháil gan dínit le hocras agus le cuileoga ar a mbeola de dheasca a gcuid polasaithe leithleasacha féin.’

’Is fíor go bhfuil daoine sna tíortha rófhorbartha nach cás leo ligean le páistí bás a fháil gan dínit le hocras agus le cuileoga ar a mbeola de dheasca a gcuid polasaithe leithleasacha féin.’

 

Chuaigh bille Gino Kenny maidir le bás in Éirinn tríd an gcéad chéim eile sa Dáil an tseachtain seo caite. ‘Bás le Dínit’ an t-ainm deas atá air agus cén duine carthanúil a chuirfeadh ina choinne sin? Dá mbeifeá féin, nó gaol leat, nó duine a raibh grá agat dó, nó daonnaí ar bith i bpian gan teorainn, cad fáth nach mbeifeá sásta deireadh a chur leis an bhfulaingt sin? Ní dócha go mbeadh. Is fíor go bhfuil daoine sna tíortha rófhorbartha nach cás leo ligean le páistí bás a fháil gan dínit le hocras agus le cuileoga ar a mbeola de dheasca a gcuid polasaithe leithleasacha féin. Óir, cad ina thaobh go mbeadh aon bheann agat ar dhaoine nach raibh aon rath i ndán dóibh de réir toisí úsáideacha an tsaoil?

Nílim á mhaíomh go bhfuil lucht tacaíochta an bhille shleamhain seo ar son na bpolasaithe a chuirfeadh as go furasta dóibh siúd nach bhfuil aon fheidhm eacnamaíochta acu, nach bhfuil acu ach ón láimh go dtí an mbéal, ná ón méar go dtí an smig, súmairí sócmhainní; ach is cuid de dhíospóireacht níos leithne í timpeall ar chearta an duine.

Saghas ceapaire is ea an bheatha. Is tú atá slán ina lár, ach mura bhfuil ionat ach taoibhíní an cheapaire bun nó barr, is rómhór an baol duit, óir níl feidhm leat níos mó. Ní mír feasta tú den mheáisín mór a chinnteoidh agus a dhaingneoidh forbairt na heacnamaíochta arb é a chríoch ná deireadh an domhain féin.

Tuigim go maith go séanfar sin, mar cad eile a dhéanfaí? Ach tá dlúthcheangal idir séanadh chearta daonna na lag agus boilsciú na heacnamaíochta a dhéanfaidh ciorradh má gcuach orainn go léir.

Ar an gcéad instealladh isteach ba dhóigh leat gur ar son chearta an duine aon mholadh a mhaolódh pianta agus easpa dínite an bháis. I gcásanna áirithe, i gcásanna eisceachtúla, níl aon amhras ná gurb ea. Ach tuigimid go léir gur bille níos fairsinge ná sin atá i gceist anseo. Tuigimid go maith gur cuid den chogadh léanmhar cultúir é ina bhfuil luachanna áirithe faoi ghlas i mbosca amháin agus luachanna eile i mbosca eile thall mar mhalairt orthu.

Tá an cró á chur suas cheana eatarthu siúd atá ‘forásach’ agus iad siúd atá ‘cúlánta’.

Poll is ea Éire ina gcaitear gach tuairim amuigh ansin isteach ann, agus is mairg don té a fhágtar laistiar den ghaoth.

Is é oighear diachrach an scéil é, áfach, ná gur tíortha nach bhfuil cáil na gcearta coitianta acu is túisce a thug isteach cead dúnmharaithe le cabhair. B’ait ar fad leat go nglacfaí lena reachtaíocht siúd ag cuimhneamh duit ar a moille le bunéilimh eile.

Is í Eilbhéis an Óir Naitsígh, mar a bhíodh, an tír is túisce a shamhlaítear leis an eotonáis ghníomhach. An Eilbhéis, an tír Eorpach is déanaí í inar deonaíodh vóta a thabhairt do mhná, gach duine díobh, deacair a shamhlú, go dtí 1991! Is an-léir gur mór acu cearta daonna! Gan trácht ar Cheanada binn nár ceadaíodh vóta do gach bean ann go dtí 1960 féin!

Cuimhnítear gur ag caint ar bhás gníomhach atáimid anseo; tá an eotanáis fhulangach forleathan cheana, is é sin, nach dtugtar aon chabhair bhreise, seachas maolú péine, d’othar nuair atá sé i mbéal an bháis agus gan téarnamh i ndán. Beart sibhialta atá againn.

Is í an cheist atá le freagairt, áfach, cad fáth nach bhfuil an marú gníomhach seo i bhfeidhm sna tíortha eile sin a samhlaítear liobrálachas agus forásachas agus dul-chun-cinniúlachas leo, mar atá, abraimis, an Iorua, an Fhionlainn, an Íoslainn, an Danmhairg, an Nua-Shéalainn, agus mo leithscéal, nach mór gach tír sa domhan bréanach?

Tá tuairim agamsa, pé scéal fútsa é.