Ar do rothar!

Cén fáth go mbíonn an oiread sin trioblóide i gceist le hachrann a réiteach?


Insítear scéal mar gheall ar Liam Mac Cosgair agus Breandán Mac Fheorais nuair a bhí comhrialtas 1973 á chur le chéile acu.

B’iad ceannairí Fhine Gael agus an Lucht Oibre iad san am, agus bhí a ndóthain suíochán acu chun rialtas a bhunú tar éis cúpla céad bliain d’Fhianna Fáil.

Ceart go leor, ní raibh ann ach sé mbliana dhéag, ach thaibhsigh sé mar sin do chách eile. B’fhéidir nach bhfuil ann ach seanchas agus béaloideas ach níor bhris srón duine a bhéal riamh.

Deirtear gur sacadh isteach i seomra iad i dteannta a chéile chun an bheart a dhéanamh. Bhí aontaithe acu ar an uile phonc tábhachtach tar éis deich neomat, nó mar sin.

READ MORE

Agus iad ar tí an áit a fhágaint ar an toirt, na páipéir aontaithe a luascadh san aer, agus ‘Eureka’ (nó pé focal a bhí i nDún Laoiris agus in Loch Garmainis acu san am) a ghairm chomh hard leis na feara, rith sé leo nach mbeadh sé cuí ná ceart ná cóir iad féin a nochtadh chomh mear sin.

Ba ghá a thabhairt le fios go raibh siad ag argóint agus ag áiteamh agus ag tabhairt na gcor ar feadh an lae.

Dá réir sin, fuair siad buidéal maith de rud éigin fliuch, chuir an teilifíseán ar siúl, d’fhéach ar na capaill ag capallaíocht, dhein bladar éigin cairdiúil le chéile ar feadh an ama, agus ansin nuair a bhí tuirse agus trí chéile ar an aos polaitíochta, tháinig siad amach ag fógairt an lae nua.

Ní gá a rá go raibh gruaim orthu beirt, go ndúirt go raibh sé achrannach teacht ar réiteach, nach mbeadh gach duine sásta, gurbh é leas na tíre an chloch mhuilinn ba mhó ar a bpaidríní troma, ach dá mbeadh an dea-thoil ann go bhféadfaí tarraingt le chéile…agus mar sin de.

Is mó is ionadh liom nach mar sin a réitítear aighnistí an lae inniu. Ní hé nach bhfuil socruithe níos casta ná sin le déanamh, go háirithe nuair atá an dá pháirtí ar bís agus ar scrobaig an gnó a chur i gcrích.

Cuireann sé mearbhall orm cad ina thaobh a dtógann sé seachtainí fada, nó míonna fada féin, achrainn tionsclaíochta nó polaitíochta a réiteach. Tá an t-ábhar feidhmeannais (a bhfuiltear ag feitheamh leis) sa chúinne thoir thuaidh den tír ag caint is ag comhrá is ag cabaireacht is ag coinbhearsáid is ag clabaireacht is ag cantain is ag cur amach le tamall maidir leis na coinníollacha is gá a bheith ann chun dul ar ais i mbun oibre.

Níl sin deacair. Ní bóthar fál go haerach é, más snámh in aghaidh measa é nuair is crua. Ach tá na ceisteanna díreach go maith. Arsene Woster a chur i leataoibh, fiosrú um bhreosla, agus rud éigin faoi theangacha. Sin uile.

Cad air a mbíonn siad ag caint ó mhoiche na maidne go dul siar na gréine thíos?

Maidir le Pus Éireann de, tá innealra an stáit snasaithe suas síos ag iarraidh an dá thaobh (go fóill) a thabhairt ar aon leathaigne.

Ach tá an fhadhb chomh soiléir leis an gcuileog sa bhainne.

Bhí an córas taistil phoiblí ag gluaiseacht leis go seoigh go dtí gur tugadh cead do na banditti príobháideacha gadaíocht oifigiúil a dhéanamh ar an bhfeoil ramhar.

Sin uile.

Níl na banditti príobháideacha chun bus a chur go rialta idir Béal na Mara Thiar agus Both na Sceiche Bige.

Is í an bhó ar an mbóthar ná gur seirbhís phoiblí is ea an taisteal. Sna cainteanna a dhéanfar luath ná mall is é an chéad mhír ar an gclár ná: ‘Caitear airgead leis!’