Ar ár dtaisteal dúinn

Tá feidhm leis an ‘chúpla focal’ thar lear – ach seachain an drochaistriúchán!


Is í seo an bhiaiste ina bhfuil daoine ag gluaiseacht leo chun na gréine i dtreo Langerote, Cósaí Deasaí, Sancho Panza agus áiteanna eile dá sórt.

Is dócha go mbraitheann na daoine a bhí thall thairis gur buaileadh bob orthu toisc Sol na hannamhachta a bheith ag spalpadh anuas ar a muintir sa bhaile. Nó, neachtar acu, bhí áthas orthu brothall na hÉireann a mhalartú ar theas sibhialta na Sicile.

Bíonn gach duine ag taisteal ar na saolta seo, ach n’fheadar an sroicheann siad an tír a bhfuil a n-amas air riamh? Meabhraíonn dom an bhean óg ar fiafraíodh di ar an raidió cá raibh sí ar saoire go ndúirt sí ‘Torremolinos’. ‘Agus cá bhfuil sé sin?’ arsa an láithreoir ar son cainte a choinneáil léi. ‘Ó, níl a fhios agam,’ ar sise, ‘chuamar ar an eitleán.’

Cuid eile againn, áfach, is mian linn slisne bheag den teanga a shealbhú roimh ré, mura mbeadh ann gurbh fhéidir linn teach an asail a a bhaint amach tar éis an bhéile sin.

READ MORE

Ceannaímid leabhar frásaí agus nathanna, agus bíodh go dtéann dínn na leathanaigh dheiridh a fheiscint choíche, braithimid ábhairín níos fearr de bharr na hiarrachta.

Cheannaíos féin leabhar féinteagaisc Svahaílise nuair a bhíos ar chamachuaird in oirthear na hAfraice.

Leabhar athláimhe a bhí ann, faraoir, agus beagán as dáta. Nuair a shroich mé an ceacht a d’iarr orm an abairt seo a aistriú – ‘The angry master killed the ungrateful cook’ – cheapas gurbh fhearr éirí as.

Ní fios chomh feidhmiúil is a bhíonn go leor de na leabhair seo, ach is dócha go bhféadfadh teacht áiseach anois is arís. N’fheadar, mar shampla, cén leas a baineadh as an gcéad leabhar dá chineál a scríobhadh do chuairteoirí chun na tíre seo?

Giolla agus spiaire de chuid Annraoi VIII ba ea Andrew Boorde ar cuireadh ag bailiú faisnéise é ar mhórthír na hEorpa, agus abhus anseo in Éirinn chomh maith. Níl deimhnitheach ar chuid dá ghnó é, nó de cheal aon obair eile a bheith idir lámha aige, ach scríobh sé leabhar a bhfuil an teideal iontach air: The First Booke of the Introduction of Knowledge, the whych doth teache a man to speake part of all manner of languages, and to know the usage and fashion of all manner of countrys, nó sin an leagan gairid de ar aon nós.

Smearadh scata teangacha

Is fíor go dtugann sé smearadh éigin de scata teangacha Eorpacha dúinn, an Bhreatnais agus an Ghaeilge ar a bhfud. Níor rómholtach ar aon chine a bhí sé, agus chun a cheart a thabhairt dó, na Sasanaigh féin ina measc.

Mar sin féin tugann sé comhairle agus treoir réasúnta uaidh sa chás is go mbeadh duine stiúgtha leis an tart nó airc ocrais air ar shroicheadh tábhairne cois bhealaigh dó san iargúltacht.

‘Benytee, toor haran!’ a aithneofar mar ‘A bhean an tí, tabhair dom arán’, bíodh is gur ‘Woman, bring bread,’ a leagan Béarla féin. Níor mheasa a chuid béasa leis an bhfear: ‘Faratee, toor fyen!’, cé nach sonraíonn sé ar fíon craorac nó fionn a bhí uaidh. Agus má thuigtear gurb é ‘Toor foeule’ gur stéig mhór mhairteola a bhí uaidh, ba léir nach raibh sé beo bocht.

Níor léir, áfach, go raibh The Book of the Courtier le Castiglione léite riamh aige, leabhar a chuireann roimhe dea-iompar agus beagán béasa a theagasc do dhaoine.

Dúnmharaíodh taistealaí Sasanach in Osraí dornán blianta ina dhiaidh sin, agus fuarthas leabhar Boorde ina mhála aige. Nílim ag áiteamh go raibh aon bhaint acu le chéile.

Ina dhiaidh sin is uile, fainic a bhfuil de ghibris fhrásaí foghlamtha agat, ar eagla na heagla is na scine.