An Teicheadh

Shamhlaigh Seosamh ina aigne go bhféadfadh sé obair a fháil mar shiúinéir go furasta

 

Nuair a bhí na draoithe ón domhan thoir imithe, thaispeáin aingeal an Tiarna é féin do Sheosamh ina chodladh, agus dúirt sé: ‘Éirigh agus tóg leat an leanbh agus a mháthair agus imigh go hÉigipt, agus fan ann go n-inseoidh mé dhuit, mar beidh Hérod ag lorg an linbh chun a mharaithe’. Leis sin, thóg Seosamh agus Muire suas a gcip is a meanaithí is chlúdaigh an leanbh oiread is ab fhéidir leo agus chuaigh an mháthair agus an leanbh ar muin an asail agus ghluais siad leo i gcoim na hoíche.

Turas fada a bhí acu, mar bhí siad bocht agus gan chaoi acu ar chamall a fháil ar chíos nó imeacht i dteannta daoine eile a bhí ag dul sa treo sin. Óir b’áit chontúirteach an taobh tíre a raibh siad ag gluaiseacht tríd, agus ba mhinic gadaithe ag faire nó lucht trádála ag feitheamh lena dtabhairt ann ar phraghas.

Gaineamhlach tirim ba ea formhór na slí, sceach anseo is ansiúd faoi theas na gréine sa ló agus sioctha le fuacht istoíche. Agus ba mhinic thall is abhus daoine ag faire orthu ar íor na spéire, ach ar éigean gurbh fhiú baint leo a bhoichte is a bhí. Ó am go chéile théadh siad thar chrann uaigneach a bhí ag caoineadh teirce a ghlaise féin, nó laghairt ar chloch ag oscailt leathshúile de bharr gile na gréine.

Mhothaigh Seosamh go raibh a aghaidh ar nós mála uisce folamh, línte gearrtha faoina shúile ón taisteal gan chrích, a chraiceann chomh tirim le cailc, a bheola á gcogaint aige de dheasca íota tarta. B’fhearr an scéal do Mhuire é, óir bhí caille ag clúdach a haghaidh á cosaint ó theas na gréine, agus ní raibh le feiscint ach a dhá súil dhonna tríd an bhfuinneog chaol sin ar a ceann.

San oíche dhéanaidís liathróidí díobh féin, glúine go smig suas, lámha timpeall ar chaola na gcos, cnámh droma mar dhíon ar an gcorp thiar. Chodail an leanbh go sámh le teas na máthar timpeall air cé gur ghá é a chothú go minic is go rialta mar ba dhual.

Nuair a shroich siad an abhainn mhór ní raibh aon áis acu le dul trasna. Thall uathu chonaic siad na soilse geala ar lasadh agus chuala siad gleithearán na daonnachta. Shamhlaigh Seosamh ina aigne go bhféadfadh sé obair a fháil mar shiúinéir go furasta, mar bhí an cheird aige go paiteanta.

Nuair a chonaic fear báid go raibh siad i sáinn rinne sé tairiscint dóibh an t-asal a mhalartú ar phasáiste sall. D’fhág siad slán ag an asal uasal a raibh deora ina shúile aige, óir thuig sé go maith an saol sclábhaíochta a bhí i ndán dó feasta.

Agus fuair siad teach beag dóibe tréigthe ar imeall an bhaile, agus lonnaigh ann gan cur isteach ar aon duine. Agus bhí ocras orthu go laethúil óir ba ghairid gur tuigeadh do Sheosamh nach raibh aon duine sásta é a fhostú bíodh go raibh siad i ngátar siúinéirí agus go leor oibre le fáil insan áit.

Agus ba ghairid ina dhiaidh sin gur thug siad faoi deara go raibh daoine ag bailiú taobh amuigh den teach agus postaeir in airde acu. Iad ag siúl timpeall. Cuid acu ag glaoch, cuid eile agus manaí á gcantaireacht acu. ‘Giúdaigh amach!’ ‘Níl fáilte roimh chac!’ ‘Eigipt do na hÉigiptigh’, agus cuid eile bagarthach ar a seal.

‘Is léir nach bhfuil fáilte romhainn anseo,’ arsa Seosamh le Muire oíche dá raibh, ‘is trua nach dtiocfadh fáidh chun tosaigh a fhógródh go raibh gach duine cothrom i súile Dé agus gur chóir caitheamh le gach duine mar ba mhian le duine go gcaithfí leis féin.’