An Tadhall Ríoga

Samhlaigh fuilaistriú ón ochtapas ar feadh nóiméad

 

Caithfead a rá go raibh sceimhle mo chraicinn orm fad is a bhí Diúc an Droichid Chaim, Iarla Shrath Éireann agus Barún Charraig Fhearghais inár measc an tseachtain seo caite. B’é sceimhle a bhí orm go dtarlódh timpiste nó bárthain éigin dó fad is a bhí sé abhus. Bheimis náirithe os comhair an domhain dá mbeadh orainn é a thabhairt go dtí ospidéal ar bith. Ní hé go mbeadh air luí ar thralaí ar feadh seacht n-uaire fichead - óir is dócha go bhfaigheadh sé fábhar nó dhó - ach toisc gan aon fhuil ghorm a bheith againn le tál air.

B’fhéidir, gan amhras, go bhféadfaí Brianach éigin, nó Conchúrach bocht, nó duine de mhuintir Uí Néill de cheal aon sliocht níos fearr a tharraingt amach, ach ba mhór é m’eagla go bhfuil méid na goirme dulta go mór ar gcúl ina gcuisleanna siúd. Ní bheadh sé chomh holc sin dá ráineodh gur ghortaigh Cáit Mhainistir na Corann a glúin, cé nach maífí sin uirthi, mar ní móide go bhfuil an fhuil ghorm ag rith tríthi chomh rábach céanna, mura bhfuair sí instealladh ríogúil sa phálás cheana.

Ar eagla na míthuisceana, tá fuil ghorm ag créatúir áirithe, mar shampla, an t-ochtapas agus an scuid, ach ar éigean go n-oirfeadh ceann ar bith díobh siúd dó. Samhlaigh fuilaistriú ón ochtapas ar feadh nóiméad. Is gairid nach mbeadh a fhios ag an nDiúc bocht (mo leithscéal, saibhir) cá gcuirfeadh sé a lámha.

Is trua nár tapaíodh an deis, áfach, ar Uilliam féin a chur ag obair dúinn fad is a bhí sé ag siúl thart agus gan a bheith díomhaoin. Tar éis an tsaoil, tá cumhachtaí faoi leith ag an bpearsa ríoga mar a mhúineann an soiscéal dúinn: ‘Cuirfidh siad a lámha ar dhaoine breoite agus beidh siad go maith.’ Ní raibh ach dornán beag daoine buailte síos leis an gcoróinvíreas an uair sin, ach cá bhfios cén leas a d’fhéadfadh sé a dhéanamh dá nglaoifí air beart éigin úsáideach a dhéanamh?

Is fíor go bhfuil an cheist íogair ann maidir leis na cumhachtaí atá ag ábhar rí seachas ag an rí féin, nó sa chás seo ábhar thánaiste rí. B’fhéidir go bhfuil uiscealaithe de réir is mar a ghabhann trí na féitheacha ar aghaidh. Agus tá tamall ann ó bhain na ríthe leas iad féin as a gcumas chun an gad brád nó an scrofula a leigheas. Ní raibh le déanamh ach lámh a leagadh ar an othar, agus húis, búm, bleaist, pócas hócas, bhí an galar imithe! B’in de thoradh an divinitus, nó an bua speisialta a bhí fachta acu ó Dhia. N’fheadar ach an oiread ar shín an chumhacht sin níos sia ná an gad brád amháin, ach b’fhiú é a thriail.

Mar iontas breise, bhíodh de dhualgas ar an bpearsa ríoga bonn óir a thabhairt uaidh don othar, bonn a chrochtaí timpeall an mhuiníl d’fhonn an draíocht a choimeád ag obair. Dá mbeadh dóthain mí-ádhmharach a raibh an scrofula orthu abhus agus dá mbronnfaí boinn óir orthu go léir tá seans maith ann go n-íocfaí as costas an turais.

Bhí go leor daoine ar bís agus ar tinneall agus dinglis tríothu siar síos d’fhonn an buinneán seo de theaghlach Saxe-Coburg agus Gotha a fheiscint, nó go deimhin teagmháil a dhéanamh le fáithim a bhaill éadaigh féin. Ní fios cad a tharlódh dá mba oidhre de chuid na Habsburgairí a bhí ann. Tá cumhacht acu siúd stadaireacht sa chaint a leigheas ach caithfear póg a thabhairt béal le béal agus go paiseanta.

Samhlaím sa chás sin go mbeadh tuilleadh fós ag plobaireacht agus ag slobaireacht níos neamhnáirí go deo ná mar a bhí siad an t-am seo.