An t-éan beag agus eachtra an uafáis

Féileacán. grianghraf: iStock/getty images

Féileacán. grianghraf: iStock/getty images

 

Dá áille an t-éan, dá lú é, baineann contúirt leis don neach atá níos lú arís agus chomh hálainn leis.

Is minic a bhíonn an ghlasóg shráide le feiceáil sa ghairdín. Aithníonn tú gan stró é ar na dathanna agus ar an eireaball chaol sin aici, eireaball a bíos ag drumadóireacht leis agus í ar talamh.

Is cuí an cur síos a dhéanann Éin (An Gúm) air: “...éiríonn an eitilt aici spadhrúil nuair a théann sí sa tóir ar fheithidí san aer”.

Is minic a chonaic mé sin agus is minic a rinne mé iontas de chumas an éin aclaí seo.

Agus feithidí? Nach cuma faoi fheithidí?

Ach... Chonaic mé an ghlasóg shráide an lá faoi dheireadh agus peitil bheaga bhuí ina gob aici. Nó sin a shíl mé. Bhí na peitil seo ag bogadh; bhí siad beo. Féileacán a bhí ann! Féileacán álainn i mbéal an éin ghleoite.

Shíl mé go mb’fhéidir go n-éalódh an féileacán. Bhí sé san fhaopach i ngob na glasóige agus na peitil bheaga sin de sciatháin sin aige ag bualadh leo. Níorbh fhiú an iarracht, ámh. Bhí greim an fhir bháite ag gob na glasóige air.

Tháinig suaimhneas ar na sciatháin sa deireadh agus d’alp an ghlasóg shráide siar é; d’amharc thart arís agus lean sí léi ar a turas.

Éan beag álainn atá sa ghlasóg shráide agus, oiread chéanna le mórán éan eile, itheann sí rudaí atá níos lú ná í féin, dá áille iad.

Briseann an dúchas trí shúile an éin.

póm