An scríbhneoir Gaelach: coincheap an dóchais?

Bíonn tréimhsí in aon teanga nuair a bhíonn filíocht na teanga sin faoi bhláth

 

FOCLÓIR: Friotal - expression, seánra - genre, amhras - doubt, gasta - quick, cruthaitheacht - creativity, contanam - continuum, saoithiúlacht - wisdom, feidhm - function, suaitheantas - badge, comhthéacs - context, coincheap - concept.

The sounds of Irish ... poetry move us in mysterious ways. The language itself has a strange hold on us, beyond reasonableness. ... Its unfailing appeal has always been to affirm humanity, the human dimension of our being in this world and more often than not of our being in an otherworld ... This is not an appeal for ‘nativism’ …. merely a statement of belief in the intrinsic value of the poem itself  (Ó Muirthile 2008).

Focail an fhile Liam Uí Mhuirthile ón mbliain 2008 is ea iad sin agus tábhacht fhriotal na filíochta ina sheánra á dhearbhú aige.

Má tá cáilíocht aon seánra le dearbhú, níl amhras ach go gceistítear an scríbhneoir, an file féin, ina m(h)áistir ar an seánra sin.

Bíonn tréimhsí in aon teanga nuair a bhíonn filíocht na teanga sin faoi bhláth; nuair gur féidir léi an luach bunaidh, ach bog, sin, mar a bhí ag an Muirthileach, a thaispeáint go héasca. Sna tréimhsí sin, tuigtear ábharthacht an scríbhneora/an fhile níos mó, braithim, sa chultúr ina mairimid.

Ach, go háirithe le fiche bliain anuas, bogann pátrúin scríbhneoireachta agus léitheoireachta chomh gasta sin sa tsochaí mhór, nach féidir amharc ar choincheap an scríbhneora ina aon seánra go statach. Seoladh grúpa úr phortráidí sa tionscnamh Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge le déanaí (portraidi.ie) - an tríú grúpa bliantúil úr - agus is suaitheantais iad na portráidí sin de mheon agus do dhaonnú na scríbhneoireachta, áit a chuimsítear dhá chineál scríbhneoirí go praiticiúil: an scríbhneoir cruthaitheach nó liteartha agus an scríbhneoir faisnéise nó acadúil, más féidir contanam na scríbhneoireachta a shainmhíniú sna téarmaí sin.

Íomhá na scríbhneoireachta

Mar atá ráite cheana ag an Ollamh Regina Uí Chollatáin, tá feidhm ar leith le próiseas a nascann íomhá an duine le gníomh na scríbhneoireachta. Tagann ceisteanna chun solais faoi íomhá na scríbhneoireachta féin i saol nua-aoiseach ina bhfuil ábhar físe chun tosaigh agus nach mbíonn an oiread béime ar an bpróiseas scríofa agus a bhíodh in aimsir na lámhscríbhinní.

Is gné shuntasach go leor í an nasc idir íomhá an scríbhneora féin agus cruthaitheacht nó samhlaíocht an duine i bhfóram na scríbhneoireachta. Tagann an cheist freisin faoi úinéireacht na scríbhneoireachta chun cuimhne nuair a scaoileann an t-údar lena bhfuil scríofa aige agus an t-ábhar á sheoladh aige go pobal léitheoireachta níos leithne. Tagaim leis an áiteamh go gcuireann an phortráid leis an gcoincheap nó an tuiscint gur leis an údar féin an scríbhneoireacht agus go bhfuil íomhá an údair ina dhroichead idir iad agus an pobal léitheoireachta. Tá pearsanú áirithe á dhéanamh ar a bhfuil á scríobh sa chomhthéacs seo.

Léiríonn an togra seo go bhfuil ionad speisialta ag an scríbhneoir (agus a gcoincheap) i saol Gaelach na hÉireann go fóill. Ní gá ach breathnú ar na céadta blianta nuair a thug scríbhneoirí áirithe faoina gceird faoi phátrúnacht áirithe agus meas an phobail dá réir. Pléitear go forleathan an chaoi ar fhág imeachtaí stairiúla agus polaitiúla in Éirinn an seanchóras Gaelach briste agus pléitear freisin na himpleachtaí fadtéarmacha a bhí ann don tsaoithiúlacht Ghaeilge agus don litríocht.

Comhthéacsanna teanga

Ní mór don scríbhneoir Gaeilge san aois reatha dul i ngleic le comhthéacsanna teanga nach bhfuil chun leas na Gaeilge, mar a rianaíonn an tOllamh Máirín Nic Eoin nuair a deir sí a) gur i gcomhthéacsanna sóisialta ina bhfuil an Ghaeilge agus an Béarla á n-úsáid agus á meascadh atá formhór de phobal na Gaeilge ag feidhmiú; b) gur básaithe a bheadh an Ghaeilge cinnte murach tacaíocht leanúnach an Stáit; agus c) gur láidre ná riamh stádas an Bhéarla mar theanga dhomhanda.

Éiríonn leis an gcoincheap na deacrachtaí a shárú sa Ghaeilge nuair a chuimhnítear ar an rud rúndiamhrach sin ar a dtugtar ‘glór’ nó ‘guth’; an coincheap is teibí ar fad sa scríbhneoireacht chruthaitheach. Is leis an nglór sin, a dhéantar an ‘seachadadh’ bunúsach atá ina bhonn d’aon chinéal scríbhneoireachta agus a tharraingíonn an coincheap chugainn féin mar ghníomh. Téitear i ngleic le teoiric Roland Barthes, ‘Bás an údair’, ligtear maidí údarásacha an scríbhneora le sruth agus fágtar faoin léitheoir a mbrí féin a dhéanamh as an téacs.

Léarscáil

Ach chun an coincheap an scríbhneora sna heiseamláirí is nua-scríofa a scrúdú, ní mór breathnú ar thionchar an domhain agus na hEorpa ar scríbhneoirí cruthaitheacha mionteangacha, agus is é an nua-aoiseachas an téad tionchair is áitithí dar liom. Cás-staidéar faoi leith is ea coincheap an scríbhneora Ghaelaigh faoi anáil na leoithne idirnáisiúnta seo a iniúchadh, agus más fíor gur tharla ‘nua-aoisiú’ ar litríochtaí mionteangacha éagsúla an domhain ag ráta an-difriúil ó thús deireadh na haoise seo caite, braithim gur féidir ‘dénua-aoiseachas’ a aithint sa Ghaeilge - sruth Mheiriceá ag dul i dtreis ar scríbhneoirí i gcomórtas na sruth mhór-roinn na hEorpa. Tá cuid mhaith staidéir déanta ar na tionchair seo ar choincheap an scríbhneora go domhanda agus go hidirnáisiúnta, ach tá an léarscáil seo mar a bhaineann sé leis an scríbhneoir Gaelach le leagan amach níos fearr gan mhoill. Muna ndéantar, ba dheacair an luach, nó ‘intrinsic value’, mar a deir Ó Muirthile, choincheap an scríbhneora, nó go deimhin na scríbhinnní féin, a thabhairt chun conclúide. Níor mhiste sin, le hionad an scríbhneora sa tsochaí agus dóchas an ghnímh féin a chomóradh.

Tagróidh an Dr Liam Mac Amhlaigh don choincheap úr ‘an Dénua-aoiseachas’ nuair a thabharfaidh sé an Léacht Uí Chadhain 2019 sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath i bhFoirgneamh na nEalaíon (Áras Newman) an Déardaoin seo, 17 Deireadh Fómhair ar a 7pm. Fáilte roimh chách.