An ród seo romhainn

Conas nach mbeadh seicteachas éigin i gceist i dtroid in éadan stáit a bhí seicteach?


Tá an comóradh mór thart le breis is bliain. Bhí an chuimhne sin ar 1916 tuisceanach go maith ar an mórchóir, fág go mbítear ann i gcónaí arbh fhearr leat go bhfanfadh siad ina mbosca searbh sa chúinne.

Tá na príosúnaigh á scaoileadh saor anois agus ag triall ar an mbaile d’fhonn an chéad chéim eile a thógaint. Agus ar an gcuma chéanna tá na staraithe agus na tráchtairí ag múscailt chun aghaidh a thabhairt ar chogadh na saoirse.

Chonaiceamar an chéad bhíogadh i bhFéile Staire Iarthar Chorcaí a tionóladh an tseachtain cheana.

Tá mar chuspóir aici, deirtear, cíoradh agus scrúdú a dhéanamh ar ar tharla sa tréimhse chinniúnach sin tar éis an éirí amach sna blianta seo amach romhainn.

READ MORE

Ní féidir nach dtiocfadh ach maitheas as aon scagadh stairiúil agus is cuid de bheatha na tíre an chonspóid leanúnach.

Ní raibh mé féin i láthair de cheal réamheolais, agus is deimhin liom nach bhfuaireas cuireadh, ach thug an fios scéil a fuaireas óm chuid spiairí gur ligeadh na conspóidí céanna den éill gan aon rómhoill.

Is é an ceann is suaitheantasaí díobh sin ná an cogadh ‘seicteach’ a bhí á fhearadh ag na hóglaigh, agus an raibh Protastúnaigh á marú de thoisc a gcreidimh amháin?

D'eascair an cheist seo cuid mhór ó obair an staraí Peter Hart agus ó thaighde eile de chuid Eoghain Harris a nochtadh sa scannán An Tost Fada.

Dhealródh gur shéan staraí eile fós, Andy Bielenberg, go raibh aon fhírinne sna háitimh seo agus tá ransú mion á dhéanamh aige féin ar na foinsí bunaidh faoi láthair.

Tá sé tábhachtach go n-aimseofaí agus go bhfoilseofaí an fhírinne, pé í féin, mar bíonn an bhréag, pé í féin, á reic go hilmhinic. Screamh ar screamh a nochtar an fhírinne, ach nuair atá nochtaithe, pé í féin, ceist eile ar fad is ea, cad is brí léi?

De chionn is nach bhfuil aon bhuntaighde d’aon sórt déanta agamsa ar an ábhar seo, agus nach bhfuil agam d’eolas ach buntaighde daoine eile, b’fhearr dá mbeinn im thost.

Ach ó thaobh na gnáth-thuisceana daonna de, ní chuirfeadh sé puinn iontais orm dá mba rud é go raibh imir éigin den ‘seicteachas’ i gceist i measc cuid de na hóglaigh.

Cén fáth nach mbeadh?

Is é atá laistiar den áiteamh ag daoine go raibh an seicteachas seo ann go láidir ná d’fhonn an bonn morálta a bhaint den chogadh féin. Bhí na colúin reatha seicteach, dá bhrí sin ní cogadh cóir a bhí i gcogadh na saoirse.

Mharaigh na saighdiúirí Éireannacha Protastúnaigh toisc gur Phrotasúnaigh ba ea iad, dá bhrí sin níor cheart dúinn neamhspleáchas a bhaint amach mar seo, ná ar chor ar bith.

Dhein na daoine a throid ar son saoirse an Stáit seo gníomhartha gránna sa chogadh, eolas nach bhfuil fachta amach go nua – bíodh go mbeidh ardinspéiseach an lúbarnaíl intinne a dhéanfar maidir leis an gcogadh cathardha. Bímis admhálach sa mhéid sin lom amach.

Ach cad leis a rabhthas ag súil?

Conas nach mbeadh seicteachas de shaghas éigin i gceist – má bhí – nuair a bhí siad ag troid in aghaidh ceann de na stáit is seictí ar chlár na cruinne?

Stát ar tháinig ann dó ina chrot nua-aoiseach le bheith frith-Chaitliceach go sonrach d’aonghnó. Stát ina raibh eaglais bhunaithe arbh éigean do mhuintir na n-óglach deachúna a íoc léi lena gcuimhne?

Bhí an seicteachas gránna dingthe sa choncas riamh, conas mar sin, a ráineodh go mbeadh taobh amháin saor glanscartha uaidh go naomhluanach?

Dá mbeadh greim scrogaill ag stát seicteach ar do sceadamán, cá hionadh dá mbuailfí smúcháil sheicteach éigin ar ais in ainneoin na reitrice poblachtánaí?