An Modh Coinníollach

Is é an modh coinníollach a chothaíonn an tsamhlaíocht, agus is í an tsamhlaíocht a chomáineann an machnamh

B’é an modh coinníollach an crá croí a bhíodh ag daoine ag foghlaim na Gaeilge leis na glúnta anuas. Ba mheasa ná an tuiseal ginideach féin é a bhféadfá teacht timpeall air ach focail eile a bheith agat. Níor thaise don chainteoir dúchais é, mar ba mhinic an modh coinníollach agus an aimsir ghnáthchaite ag dul in adharca a chéile ionas nárbh eol an mbeifeá ann nó an mbíteá ann sa chás is go mbeadh aon difear eatarthu.

Is leor é sin den ghramadaigh, adeir an t-eagarthóir liom.

Is chuige mé, mura mbeadh an modh coinníollach nach mbeimis in ann tuairim a chaitheamh ar conas mar a bheadh an saol sa chás is go n-athródh dálaí do bheatha. Is é an modh coinníollach a chothaíonn an tsamhlaíocht, agus is í an tsamhlaíocht a chomáineann an machnamh.

Ba nós le múinteoirí a ndícheall a dhéanamh an modh coinníollach a fháscadh as daltaí agus iad i mbun scrúduithe cainte - a dtugtar ‘béal trialacha’ orthu uaireanta, cé gur mó a shamhlaím sin le turas chun an fhiaclóra. Go deimhin, ba mhinic an chosúlacht sin eatarthu, mar ba gheall an stoitheadh fiacla leis an stoitheadh focal as béala dhaoine áirithe.

READ MORE

Is cuimhin liom cigire ag iarraidh an modh coinníollach céanna a lorg ó bhuachaill Gaeltachta - agus is maith liom cigirí, lándáiríre. ‘Cad a dhéanfá,’ ar seisean, ‘dá mbuafá an crannchur náisiúnta?’

‘Bhuel, tá’s a’t,’ ar seisean, ‘níor chuir mé isteach ar an gcrannchur riamh.’

‘Is ea, ach cuir i gcás go ndearna, cad a dhéanfá, dá mbuafá an crannchur náisiúnta?’ Bhí béim an-láidir ar an ‘fá’ sa dá bhriathar sin, fág nach bhfuil sin ceart ach oiread.

‘Bhuel, tá’s a’t,’ ar seisean, ‘tá’s a’t, níl spéis dá laghad a’m ann.’

Bhí ag dul den chigire an modh coinníolladh a fháscadh amach as an mbolg, ach ní raibh deireadh déanta fós.

‘Tá’s agum féin é sin, ach mar sin féin, éist go cúramach anois…Cad a dhéanFÁ DÁ mbuaFÁ an crannchur náisiúnta?’

‘É a chaitheamh, ‘deile?’ arsa an leaid.

Taobh eile den mhodh coinníollach is ea an toise tromchúiseach, an toise a éilíonn orainn dul faoin gcraiceann agus saol eile a shamhlú. In ionad a fhiafraí ‘cad a dhéanfá dá mbuafá an crannchur náisiúnta? nó ‘cad a dhéanfá dá mbeifeá id Aire Oideachais?’ cad ina thaobh nach bhfiafrófaí:

‘Cad a dhéanfá dá mbeadh ocras ort? Cad a dhéanfá dá mbeadh ocras ort agus gan bia ar bith id ghaobhar? Cad a dhéanfá dá mbeadh ocras ort agus na barraí go léir feoite? Cad a dhéanfá dá mbeadh ocras ort agus gan bia, ná radharc ar bhia, ná seans ar bhia ar feadh trí chéad míle de gach leith díot? Cad a dhéanfá dá mbeadh ocras ar do chuid páistí? Cad a dhéanfá dá mbeadh siad ag fáil bháis den ocras? Cad a dhéanfá dá mbeadh siad ag fáil bháis agus gan dóchas ar bith ar bhia ar bith in áit ar bith laistiar d’íor na spéire?

Is cad a dhéanfá dá mbeadh an spéir ghorm os do chionn agus gan dóchas báistí a choíche arís? Agus cad a dhéanfá dá mbeadh na saighdiúirí ag teacht chun do bhaile ag scrios agus ag marú agus ag éigniú deas is clé? Cad a dhéanfá dá mbeadh na heitleáin lasnairde ag caitheamh buamaí anuas go laethúil chun tú a mharú, nó chun géaga a bhaint díot? Agus cad a dhéanfá dá mbeifeá i gcampa teifeach ar chupán uisce sa lá agus tú id scadán i mbairille san oíche?

Nach rachfá ar naomhóg rubair trasna na mara? Nach rachfá i bhfolach faoi sciathán eitleáin? Nach snámhfá an fharraige mhór?

Nach gceapfá go dtuigfeadh an sách do scéal?’

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar