An laoch thar fóir

GnáthShasanach de bhunadh an lucht oibre nach raibh boladh ar bith den ardnós ag baint leis

Jack Charlton. Grianghraf: PA Wire

Jack Charlton. Grianghraf: PA Wire

 

Ceart go leor, ní raibh aon amhras faoi. Laoch de laochra na hÉireann ba ea Jack Charlton lenár linn. GnáthShasanach de bhunadh an lucht oibre nach raibh boladh ar bith den ardnós ag baint leis. Cén fáth nach dtabharfaimis gean dó?

D’éirigh leis mar bhainisteoir fhoireann na Poblachta arda a bhaint amach agus radharc a fháil ar bheanna nach smaoineodh mórán bainisteoirí eile orthu. Ina choinne sin thall, b’é a thug isteach an nath ‘to get a result’, arb ionann é agus gan cúl ar bith a fháil agus a bheith ar chomhscór.

Níorbh ionann sin agus fealsúnacht Bhriain Cody, mar shampla, arb í a mhian gach aon chluiche riamh is choíche a bhuachan. Ní shamhlaím riamh eisean ná Jim Gavin ag rá, ‘is ea, caithfimid “result” a fháil.’

Bíodh sin mar atá, d’éirigh leis foireann na poblachta a cháiliú do dhá chraobh chorn an domhain agus laethanta fada áthais agus gairdeachais a thabhairt dúinn agus d’fhormhór mhuintir na tíre.

Fear é nach raibh aon éirí in airde ag baint leis, duine gan puinn galamaisíochta, gan ruainne den searbhas spóirt a leanann an intinn sheicteach, gan rian den bhinb ann a bhíonn ag go leor de thráchtairí abhus nach maith leo spóirt eile (abair cluichí Gaelacha, go díreach ar eagla na míthuisceana).

Tá na cluichí caointe canta, tá na nótaí báis scríte, na forlíonta bailithe, gach aon cheann acu tuillte aige thar amhras anonn…

Ach…

Níorbh é a theacht inár measc an tarlú ba mhó riamh i stair na hÉireann mar a mhaígh colúnaí amháin lándáiríre i nuachtán Domhnaigh adeir go bhfuil sé indipindintiúil neamhspléach, ná

Níor athraigh sé bun barr meas mhuintir na hÉireann orthu féin mar a bhladair láithreoir raidió, ná

Níor fhothaigh sé an misneach náisiúnta dúinn a shaolaigh an tíogar Ceilteach is a thug cead dúinn a bheith chomh hamaideach le cách, ná

Níor chuir sé i gcuimhne dúinn cé sinn féin, ná

Níorbh é athair an náisiúin é sna blianta sin a raibh sé in ard a réime, ná

Níorbh é an rud ba réabhlóidí é a thit inár líon ó bhuilí slisnithe aráin sin an bhéaloidis, ná

Níor chuir sé athbheochan i bhfeidhm ar léig bhocht aimlithe an FAI a mbíonn an ola dhéanach uirthi ó bhliain go bliain, ná

Níorbh é an bainisteoir spóirt ab fhearr sa tír é riamh ón uair gur bhuaigh Cairbre Lifeachair ar na Fianna i gCath Gabhra sa bhliain 284 A.D.

Seachas an ceann deiridh sin, nathanna is ea an chuid eile a léigh mé nó a d’airigh mé ó dhaoine éagsúla a bhfuil teastas céille acu ó Theach na nGealt. Ní mise a chum ná a cheap, ach a chuir le chéile.

Féach: duine geanúil ardchumasach ba ea é ar thugamar gean ár gcroí dó toisc gur tharraing sé foireann leathchuibheasach de pheileadóirí idir eatarthu (seachas cúpla fathach, is fíor) chomh fada le cluiche ceathrú ceannais Chorn an Domhain. Ba chuma leis Daoi ná Dunphy ach lean a bhealach féin lena stíl peile a bhí feicthe againn ar fhaichí loma na tíre áit ar bith a raibh dhá fhoireann shóisearacha ag clascairt le chéile sa phluda maidin Domhnaigh.

Spreag sé amhráin mhaithe - ‘Joxer goes to Stuttgart’ - agus cinn arbh fhearr leat an adhairt a chur orthu - ‘You’ll never beat the Irish’ - teist ar a ionad i gcaint na ndaoine.

Mar oidhreacht: bhunaigh sé stíl dúinn a dhéanfaidh ár leas ceal scile as seo amach: peil Ghaelach gan lámha! Lasc leat an liathróid suas an pháirc, agus seans go dtitfidh sí ar bhróg de sheans a bhuailfidh de sheans an chaid de sheans agus go bhfaighfear cúl de sheans…Sin sinne go hiomlán.