An Ghaoth Anoir Aduaidh

Is í fírinne shearbh gharbh dhearbh an scéil é gur beag an bhaint atá ag an eacnamaíocht le saoirse tíre nó fearainn nó dúiche.

Tá seans maith ann go mbeadh Alba níos fearr as ar fhágaint na Banríochta dóibh. Tá seans eile nach mbeadh... Grianghraif: Andy Buchanan/Getty Images

Tá seans maith ann go mbeadh Alba níos fearr as ar fhágaint na Banríochta dóibh. Tá seans eile nach mbeadh... Grianghraif: Andy Buchanan/Getty Images

 

Tá ar an aer arís mar a bheadh víreas eile fós gan ainm, cad a chosnódh Éire aontaithe? An méid seo de bharr páipéar Sinn Féin le déanaí ar an ábhar atá chomh cruthaitheach le síscéal ar bith. Ní de thoisc gurb iad Sinn Féin atá á scaipeadh, ach toisc nach bhfuil (a) aon tuairim againn maidir leis an aimsir fháistineach ag dul ar aghaidh amach anseo sna todhchaí féin, agus (b) toisc gach tuar a dhéantar faoin eacnamaíocht a bheith bunoscionn agus mícheart agus gan de bhailíocht aige ach an rud a léifeá sna réaltaí ar leathanach cúil Bladar an Lae.

Nuair a bhíos i bhfad níos óige ná mar atáim anois chloisinn an port ó dhaoine nach raibh de luach acu ach an phingin sa scipéad gréisceach, ‘Ó, sea, dá mbeimisne ó dheas níos saibhre, níos fearr as, dá mbeadh níos mó de na boinn óir sa sparán againn, bheadh an taobh ó thuaidh ag cur a mbundún amach ag iarraidh aontú linn.’

Agus mé in naíonán beag ag lámhacán sa láib bhí a fhios agam go raibh sin iomrallach agus botúnach agus go fiú bréagach, ní áirím mícheart. Aisteach go leor, is é sin a cheapaim fós.

Fág blianta ann is as i leataoibh, níl aon amhras ná go rabhamarna ó dheas i bhfad níos fearr as, i bhfad níos fearr as, i bhfad i bhfad níos fearr as i nóchaidí na haoise seo caite, agus i náididí na haoise seo, agus féach! anois féin go mór is go domhain is go leathan ná an stáitín soir ó thuaidh. Ní heol dom go bhfuil rúin á rith sna lóistí Oráisteacha mar: ‘Anois go bhfuil Saorstát Éireann i bhfad níos rafaire ná mar atáimidne agus go bhfuil siad ar cheann de na stáit is éirithí ar domhan de réir gach tomhas oibiachtúil idirnáisiunta idir bheatha shaoil agus theacht isteach agus chaighdeán oideachais agus fhás eacnamaíochta, molaimidne, Lóiste Dílis Oráisteach Bhaile Liam Bhuí go ndéanfaí an stát seo againne a aontú le Poblacht na hÉireann an túisce agus is féidir ar son sláinte ár muintire agus caighdeán maireachtála an phobail.’

Samhlaigh leat, a chara liom!

Is í fírinne shearbh gharbh dhearbh an scéil é gur beag an bhaint atá ag an eacnamaíocht le saoirse tíre nó fearainn nó dúiche. Cuimhním ar na heacnamaithe sin go léir san Eastóin a bhí ag éamh os ard - ‘má fhágaimid an tAontas Sóivéadach, beimid níos measa as!’, nó sa Tibéid, ‘Féach na buntáistí móra a fhearann na Sínigh anuas orainn gach lá, nach bhfuil an t-ádh linn nach bhfuilimid faoi smacht ag uaslathas sagart seachas ag an gcóras eacnamaíochta is forásaí ar domhan!’

B’é an botún ba mhó a dhein na hAlbanaigh ina bhfeachtas saoirse féin ná ligean don dioscúrsa eacnamaíochta dul lastuas den dioscúrsa dínite agus féinaithne agus féinmhuiníne. Tá seans maith ann go mbeadh Alba níos fearr as ar fhágaint na Banríochta dóibh. Tá seans eile nach mbeadh. Tá seans go mbeadh. Tá seans nach mbeadh. Siar is aniar, is soir is anoir. Cá bhfios?

Nuair a bhíomar féin ag iarraidh an naisc imleacáin le Londain a theascadh is a scaoileadh ba chaol an plé a bhí ann maidir le cúrsaí eacnamaíochta de. I saol seo an domhandúcháin cén tír neamhspleách atá thíos leis toisc gur fhágadar an impireacht? Cén tír neamhspleách atá ag iarraidh dul ar ais i mbachlainn a máistrí?

Ní mheánn brobh ná tráithnín ná sairdín féin figiúir fhada na n-eacnamaithe suas is anuas le tú a bheith id thusa tú féin, dá lofacht tú. B’fhearr francach caol breoite laistigh d’fhallaí Londaindoire ná uan ramhar ansiúd thíos ar Thaobh an Bhogaigh.