An Ghaeilge ar bhord na hidirbheartaíochta?

Bás nó beatha teanga is é a stádas

An Taoiseach Leo Varadkar. Grianghraf: Cyril Byrne.

An Taoiseach Leo Varadkar. Grianghraf: Cyril Byrne.

 

FOCLÓIR: Conlán - to be on one’s own, moill - delay, reachtaíocht - legislation, leasú - amend, ainneoin - despite, údarásach - authoritative, todhchaí - future.

Le trí bliana anuas, in oireachtais na dtíortha, in Éirinn, i Sasana agus sa chuid eile de Aontas na hEorpa, deineadh mórán plé ar an mBreatimeacht agus tá socruithe á ndéanamh i ngach tír, is dóigh don lá a mbeidh an Ríocht Aontaithe ar a chonlán féin.

Cuireann sin ar fad brú breise ar an obair in oifigí an stáit. B’fhéidir gurb é sin a ba chúis, leis an moill ar an mbille chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha atá geallta ag an Rialtas.

Ach tá an dá b’fhéidir ann-“b’fhéidir gurb é agus b’fhéidir nach é”.

Ainneoin Breatimeachta bhíothas in ann reachtaíochtaí nua eile ar mheas an rialtas práinn agus tábhacht a bheith leo a thabhairt ar aghaidh agus a achtú gan aon ró- mhoill.

D’fhógair an Rialtas arís agus arís eile go mbeadh an reachtaíocht nua Gaeilge i measc na ndlíthe agus na hachtanna nua sin. Mar is gnách do phobal na Gaeilge ní fada gur lean díomá na gealltanais agus ní mó ná sásta a bhí lucht na Gaeilge nuair a fógraíodh nach bhfoilseofaí an reachtaíocht in am.

Cáineadh an teip seo go géar agus gealltar anois go bhfoilseofar san Fhómhar í. Ach, meas tú an bhfoilseofar an t-ábhar bille seo go deo, nó ar a laghad an bhfoilseofar é i rith saol ré an rialtais atá ann faoi láthair?

Ráiteas

Tar éis dó labhairt ar Éirinn Aontaithe ag Féile an Phobail i mBéal Feirste ar 5 Lúnasa, bhí aird na meán ar ráiteas a rinne an Taoiseach Leo Varadkar.

Thug sé le fios go bhfuil stádas na Gaeilge mar “an teanga náisiúnta agus an phríomhtheanga oifigiúil” i mBunreacht na na hÉireann, ar chúis amháin go mbeadh gá le bunreacht úr nua a chumadh i gcomhthéacs Éireann Aontaithe a bheith á socrú.

Is a éigin gur deineadh ráiteas údarásach niba thromchúisí faoi stádas agus todhchaí na Gaeilge ón uair a chéad tugadh stádas bunreachta don teanga.

Mar a dúirt fear nach bhfuil baint aige le gluaiseacht na Gaeilge:

“Cén fáth gurb í an Ghaeilge an chéad rud a chaitear anuas ar bhord na hidirbheartaíochta, mar a bheadh ‘bargaining chip’ ann?”

Nach aisteach é gurbh iad díreach na focail sin “bargaining chip” a d’úsáid an Taoiseach, an Leo Varadkar céanna agus é ag tagairt don Ghaeilge, de réir tuairisce ar The Times, ar 15 Márta 2018. Faoin gceann teidil “Stop Politicising Irish language warns Varadkar” dúirt The Times: “Leo Varadkar has launched a broadside at parties in Northern Ireland for “politicising” the Irish language, insisting that it should not be used as a”bargaining chip” in talks”.

Céard a tharla ó shin? Bhfuil na hardstátseirbhisigh théis a bheith ag caint leis agus ag cur comhairle a leasa air?

Ceist eile: cén fáth go bhfuil pairtithe an fhreasúra, Fianna Fáil agus Sinn Féin ina dtost maidir le h-ais chasadh Varadkar agus ar ndóigh, céard é freagra Fhoras na Gaeilge ar a bhfuil beartaithe don teanga ag an Stát. Mar phríomh agus beagnach aon-sparánaí ghluaiseacht na Gaeilge is é Foras na Gaeilge príomh phleanálaí straitéiseach na Gaeilge. Céard atá le rá acu?

Nuair a bhíonn dhá theanga in iomaíocht lena chéile i dtír ar bith is é stádas comparáideach an dá theanga a shocraíonn sa deireadh thiar thall cén teanga a mhairfeas agus a labharfar mar theanga an phobail.

Bás nó beatha teanga is é a stádas agus is cuid bhunúsach den stádas sin a stádas i mbun-reachtaíocht stáit.

Caithfidh sé go dtuigeann Fianna Fáil, Sinn Féin teachtaí áirithe eile agus Foras na Gaeilge an méid sin, ach mar is gnách, fágtar an gearrán faoi na teachtaí Catherine Connolly agus Éamon Ó Cuív.

Foclóir leictreonach Ghaeilge na Meánaoise

Seoladh Foclóir leictreonach Ghaeilge na Meánaoise ag ócáid i mBaile Átha Cliath ar an Aoine. Clúdaíonn an foclóir forbairt na teanga thar tréimhse míle bliain ón 6ú céad go dtí an 16ú céad.

“Tá an-dul chun cinn déanta ar thuigbheáil na teanga ó foilsíodh an chéad imleabhar breis is 100 bliain ó shin,” a dúirt an t-Ollamh Greg Toner, ceannaire an tionscadail agus Ollamh le Gaeilge in Ollscoil na Ríona. Dúirt sé go bhfuil codanna den tseanfhoclóir as dáta dá bharr. “Mar gheall ar ár gcuid oibre, bhí muid in ann cuid mhór dúcheisteanna a fhuascailt, earráidí a dhíbirt ón fhoclóír agus teacht ar na céadta focal a bhí caillte go dtí seo,” a dúirt sé. “Bíonn scéal agus stair ag gach focal,” adeir an tOllamh Máire Ní Mhaonaigh, Ollamh le Ceiltis and Léann na Meánaoise ag Ollscoil Cambridge, “agus tugann an Foclóir léargas dúinn ar ghnéithe tábhachtacha de stair an tsaoil in Éirinn.”

Is féidir teacht ar Foclóir Leictreonach Sean-Ghaeilge ar líne ag dil.ie

Scéalta agus Seanchas

Cnuasach agallamh ó Ghaeltacht na Déise ina ndéantar cur síos ar shaol agus nósanna na ndaoine atá i Scéalta agus Seanchas - Potatoes, Children and Seaweed, leabhar nua de chuid Áine Uí Fhoghlú. Chuir an t-údar agallamh ar 21 pearsa idir na blianta 1991-1994 agus d’fhreastal beirt acu, Máire Uí Chúnúin agus Míchéul Seosamh, ar ócáid a sheolta. Seanchas agus scéalta a bhaineann le saol na ndaoine san am atá thart atá ann. Tá cur síos ann ar an saol roimh theacht na habhléise agus uisce reatha. Cuirtear síos ar bhaint fheamaine, teacht i dtír na bhFíníní i 1867, Cogadh na nDúchrónach, pisreoga agus araile. An tOllamh Pádraig Ó Macháin ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh a sheol an leabhar. Is féidir teacht ar an leabhar sa Siopa Leabhar, in mBaile Átha Cliath, The Book Centre i gcathair Phort Láirge agus Reader’s Choice i nDún Garbhán. Tuilleadh eolais: gaeilgebooks@gmail.com