An Foscéal de réir Lúcáis

Cé acu díobh siúd is dóigh libh ba chomharsa don duine a seoladh in bhur measc?

Grianghraf: Getty

Grianghraf: Getty

 

Agus chuir an pobal ceist ar Íosa, óir bhí mearbhall orthu cé go dtéadh siad ar Aifreann, agus bhí an cháil orthu a bheith ina gcríostaithe maithe agus go gcoinníodh siad smut éigin de na deich n-aitheanta, agus d’fhiafraigh siad de cérbh iad a gcomharsana, bíodh go raibh fios an fhreagra go daingean ina gcroí féin istigh acu, mar dhea.

Agus dúirt Íosa á bhfreagairt: ‘Bhí duine ag dul siar ó hOiráise go hIúróipe, agus do seoladh i measc bithiúnach é. Agus do robáil an slua é, agus do mharaigh a bhean is a chlann, is fuair a mhuintir bás ar loch na marbh, agus diúltaíodh dó teacht i dtír, agus ar deireadh caitheadh in airde ar an ngaineamh é, agus rinne sé a shlí anseo, agus do ghabh daoine air agus d’imíodar agus d’fhágadar ina ndiaidh é leathmharbh. Agus do tharla go raibh daoine as Uachtar Ard ag gabháil síos an bóthar céanna, agus chonaic siad an duine, agus dúirt siad le chéile -

“N’fheadar nach Afracach é seo atá ag teacht chugainn chun súmaireacht a dhéanamh ar ár gcuid seirbhísí sóisialta, nó b’fhéidir gur ball d’ISIS é, nó fear a bhfuil ceathrar ban cheana aige agus é i gceist aige iad a thabhairt anseo i ngan fhios i gcoim na hoíche, nó cá bhfios, sceimhlitheoir de dhath éigin. An fhuil sin leis, níl ann ach sú tráta” Agus d’aontaigh siad d’aon ghuth le chéile agus bhuail siad thairis.

Agus ina dhiaidh sin, mar an gcéanna, tharla go raibh scata daoine as Rúscaigh in aice na háite, agus chonaic siad an duine, agus mhachnaigh siad ar an gcuma sin le chéile: “Ní bheadh a fhios agat. B’fhéidir go gcuirfeadh sé tine lenár gcuid tithe. Ní tine go deatach, nó a mhalairt timpeall. Níl aon aithne againn ar an duine seo. Ná eolas againn ina thaobh. Ní dúirt an rialtas linn riamh cérbh é. An fhuil sin leis, níl ann ach sú tráta”. Agus nuair a bhí siad sásta ina n-aigne féin gur bhaol dóibh an fear leointe, bhuail siad thairis.

Ach bhí daoine as Béal Átha hAmhnais ag gabháil an bóthar, agus chonaic siad é, agus tháinig trua acu dó, agus chuaigh siad anonn chuige agus cheangail siad suas a chneácha tar éis unga agus bindealáin a chur orthu agus chuir siad ar muin a n-asal bochta féin iad, agus smaoinigh siad gur stróinséirí ba ea leath a mbaile féin, agus go raibh siad go díreach ar a nós féin, agus gur chabhraigh siad le beatha na háite, agus gur chuidigh siad le cultúr a bhí bochtaithe agus tanaithe agus i mbéal an bháis, agus gur dhein siad gáire ar maidin agus dobrón san oíche ar nós cách a chéile, go raibh idir naoimh agus bhligeaird ina measc cosúil le pobal ar bith eile, go raibh súile a gcuid páistí chomh geal le súile pháistí an bhaile, go raibh ár muintir féin tráth ina ndíbeartaigh bhochta as Éirinn ar mhuir mhór an léin agus na gorta, is gur tugadh isteach sinn toisc go raibh ocras orainn, is gur tugadh dídean dúinn toisc go rabhamar faoi uisce an cheatha, is gur cuireadh giobail orainn toisc go rabhamar lomnocht.

Agus thug siad leo é go dtí a mbaile féin agus thug siad aire dó agus an amárach a bhí chucu thóg siad amach a gcuid pinginí beaga bochta féin agus d’íoc siad a gcuid cánacha dlisteanacha agus tharstu chun cuidithe leis.’

Is ansin a d’fhiafraigh Íosa díobh ‘Cé acu díobh siúd is dóigh libh ba chomharsa don duine a seoladh in bhur measc?’

‘Muintir Uachtair Aird agus Rúscaigh, gan amhras,’ arsa na críostaithe, ‘nach é sin atá scríte?’