An Fear Dearg

Is suaithinseach a nuálaí is atá cuid de na traidisiúin seo

Bhagraítí cnap guail anseo, ach ar éigean go n-aithneodh páistí anois cad a bheadh ansin dá bhfaigheadh siad é. Grianghraf: Getty

Bhagraítí cnap guail anseo, ach ar éigean go n-aithneodh páistí anois cad a bheadh ansin dá bhfaigheadh siad é. Grianghraf: Getty

 

Nach ait mar a bhunaítear agus mar a scaiptear nósanna? Tá glacadh leis anois gurb iad Gaeil Éireann a thug féile na Samhna chun na Stát Aontaithe agus gur déanadh Halloween as lena puimcíní agus lena taibhsí agus lena cnámharlaigh dhaite. Ar an gcuma chéanna b’iad na Dúitsigh ar a dteitheadh dóibh a thug Sinterklass trasna na farraige go dtí Nua Eabhrac agus tá leathnaithe ar fud an tsaoil ó shin, le cabhair ó Choca Cola agus cumhacht an airgid.

Ní hé nach raibh traidisiúin éagsúla ar fud críocha fairsinge an domhain a bhain le seanchrúnca éigin a dháil maitheas agus bronntanais tráth chasadh na bliana, ach níorbh aon fhear ramhar beathaithe é ina fheisteas Chorcaí ag gabháil timpeall ar charbad aeir faoi chumhacht réinfhianna ag labhairt hó-hó-hóis a bhí ann.

I dtíortha áirithe ba gheall le duine as greannán uafáis é, agus d’aon ghnó. Ba mhó de bhagairt a bhí ann a réalaigh an t-amhrán sceimhliúil sin a thugann foláireamh do pháistí beaga go bhfuil sé ag faire ar iad a bheith ‘naughty or nice.’ San Ungáir ba bhaol gurb é spúnóg adhmaid a gheobhadh an leanbh dalba, agus cá bhfios cén t-aimhleas ab fhéidir a bhaint as an airnéis chéanna ina dhiaidh sin. Bhagraítí cnap guail anseo, ach ar éigean go n-aithneodh páistí anois cad a bheadh ansin dá bhfaigheadh siad é. Rud éigin snasmhar a bhfuil bréagán istigh ina lár, is dócha.

Ach tá sin athraithe thar aitheantas anois. Bodach mór gránna ba ea Joulupukki na Fionlainne, agus cé go bhfuil an t-ainm sin fós air tá sé éirithe an-chineálta le blianta beaga anuas, go háirithe toisc gur fiú airgead mór é d’eacnamaíocht na tíre. Dhein an Ghraonlainn iarracht ar Shanta a éileamh dóibh féin, ach ar chúis éigin ní shamhlaím na mílte eitleán ag cur thar maoil le cailíní agus le buachaillí draíochtshúileacha ag tuirlingt in Nuuk nó Kranni, gan trácht ar Uummannaqq féin. Agus ar chúis eile ar fad, teipeann ar an tsamhlaíocht smaoineamh ar an damh áitiúil ag eitilt tríd an spéir oíche Nollag.

Is suaithinseach a nuálaí is atá cuid de na traidisiúin seo. Bíodh go mbíodh crainn Nollag coitianta sa Ghearmáin sna meánaoiseanna níor tosnaíodh ar an bhfaisean abhus go dtí gur tógadh grianghraf de ríon Victoria na Breataine, na hÉireann agus Banimpire na hIndia agus í ina seasamh os comhair crann Nollag d’fhonn a dúchais Teotanaich a léiriú. Bunaíodh nós ar feadh tamaill craobhóg den chrann a chaitheamh ar chóta nó ar hata ach fuarthas amach go dtiteadh an spíonlach isteach ar fud na colainne a d’éileodh tochas, gnó nach raibh róbhanríonúil.

B’fhearr é sin go mór is go fada ná aigne Chromail, fad a ritheann. Chuir sé siúd deireadh le gach saghas ceoil agus ceiliúrtha am na Nollag, seachas freastal ar an teampall. Ní ligtí ba na caoirigh i ngar don áit ach oiread, ar eagla go ndáilfeadh teas beag bláth ar a raibh istigh. Leathnaigh an nós sin go Meiriceá lena linn, óir ritheadh dlí in Massachusetts in 1659 a choisc aon sórt pléaráca ná meidhréise mar chuimhne ar theacht an tslánaitheora. Dá mbeadh Santa ann an t-am sin chaithfí a uaigh a thaispeáint do leanaí na críche, óir ní oirfeadh go mbeadh siad ag súil le rud ar bith seachas bábóg mhaide le bioráin agus Bíobla dubh.

Ní móide go mbeadh aon choinne ag na piúratánaigh sin le saturnalia an lae inniu. Sa traidisiún ortadocsach is ar an 6ú nó an 7ú d’Eanáir a thugtar amach na bronntanais, agus i dtíortha eile fós is ar Lá Caille a dhéantar sin. Ach is fada iad sin ó fhéile mhór na siopadóireachta, na tomhaltóireachta, na ráistéireachta is na scannán siúcrúla atá againn inniu.