An Eaglais Stáit

Níl, agus ní raibh riamh, eaglais stáit ag an bPoblacht. Léitear an Bunreacht.


Tá eaglais stáit in Éirinn. Tá i gcontaetha Aontroma, Dhoire, Fhear Manach, Thír Eoghain, Ard Mhacha agus an Dúin.

Is í an páipín atá i gceannas na heaglaise stáit sin a soilse, a maorgacht, a huasal Éilís II, Dei Gratia Magna Brittaniae, Hiberniae et terrarum transmarinarum quae in ditione sunt Britannica Regina, Fidei Defensor mar a baisteadh uirthi agus í ag dul i gceannas a banríochta.

Ba dhóigh leat ar an nuachtán seo, agus ar gach nuachtán caorach eile go raibh eaglais stáit sa chuid eile den tír. Níl a fhios agam an léann aon duine an Bunreacht níos mó.

Níl eaglais stáit ag an bpoblacht. Léitear an Bunreacht.

READ MORE

Cloisim an gheoin agus an t-olagón agus an caoineadh stracadh gruaige cheana féin.

'Ach bhuail na bráithre mé agus bhí na mná rialta gránna agus ní raibh cead agam féachaint ar scannáin agus bhí cosc ar Lady Chatterley's Lover agus bhí gach rud uafásach agus mura mbeadh an Eaglais bheinn im pheidhleacán saor chun eitilte agus gan aon phiseoga im chiseán agam agus mé inlightineáilte le solas an tsolais atá á shoilsiú ag gach dream eile amuigh ansin!'

Ach níl eaglais stáit ag an bPoblacht. Léigh tusa an Bunreacht.

Ach leanann an gheoin: ‘… ach bhí mé faoi chuing ag an Eaglais is faoi leatrom ag na mná rialta is faoi smacht ag na bráithre is faoi lasc ag na sagairt is bhí eagla orm féachaint orm féin sa scáthán mar dá mbeinn álainn bheadh peaca ann agus níor mhise mé féin…’

Ach níl, agus ní raibh riamh, eaglais stáit ag an bPoblacht. Léimis an Bunreacht.

Ó sea, tá tú ag rá go raibh ‘tionchar’ ag an Eaglais ar pholasaithe an Stáit, an ea?

Eachtraigh dom conas nach mbeadh? Conas nach mbeadh anáil ag an gCumann Lúithchleas Gael ar a raibh ar siúl? Na ceardchumainn? Cumann Fheirmeoirí Éireann?

An é gur shíl tú nach ndéanfadh an Eaglais Chaitliceach gach dícheall a srón a chur i ngnóthaí stáit ach an oiread le haon dream eile? Cén pláinéad saonta ar a bhfuil tú id chónaí?

Ach níl eaglais stáit ag an bPoblacht. Osclaítear an Bunreacht.

Ó sea, an leamhthuiscint sin eile. Táimid éagsúil. Táimid amuigh ansin ar an imeall agus sinn faoi chois ag Eaglais de chuid na meánaoise agus ní foláir dúinn cúbadh chugainn féin, fás suas, agus – brón orm – bheith réalaíoch!

Sinne faoi chuing ag traidisiúin na meánaoise! Féach leat!

Níl eaglais stáit ag an bPoblacht. Grinnigh an Bunreacht.

Ach tá eaglaisí stáit ar fud na hEorpa. An ceann is léire ná an ceann trasna an bhóthair ina bhfuil ní hea amháin an bhanríon ina páipín ach go bhfuil cead ag easpaig na heaglaise suí i dTeach na dTiarnaí!

Samhlaigh Diarmuid Martin nó Éamon Casey nó Cathal Daly sa Seanad…

Tá stáit ann ina bhfuil an Caitliceachas oifigiúil. An Vatacáin, gan amhras, agus ansin na bagairtí móra úd – Lichtenstein, Malta agus Monaco. Is mó is ionadh na stáit ó thuaidh, na stáit is liobrálaí, is forásaí, is oscailte meabhrach, is fearr córas sláinte, is measa aimsire, is mó is aidhm cháich a deirtear, ach a bhfuil eaglais stáit acu – An Danmhairg, an Íoslainn, an Iorua, an Fhionlainn, an tSualainn.

Is é a bhaineann preab asamsa, ná toisc go leanaimid Sasana agus stáit eile go madralathúil chomh fonnmhar sin, cén fáth nach bhfuilimid ag iarraidh eaglais stáit dár gcuid féin chun a bheith ‘in line’ leo?

Ceist agus freagra aicmeach í. Táthar sásta clann mhac agus iníon a chur go scoileanna lánChaitliceacha fad is nach dtadhlann siad le Micí Muc, le Siobhán Slabar, nó le Pádraig(ín) Pluda.

Fimíneacht eile, am baist!