An chritic úr agus Irisleabhar Mhá Nuad

Tá ábhar machnaimh le fáil san eagrán is déanaí de Irisleabhar Mhá Nuad


Ag tagairt don chnuasach filíochta Taisí Tosta (Coiscéim), tugann an file Ailbhe Ní Ghearbhuigh léargas ar dhoimhneacht agus ar chinnteacht an fhile i léirmheas nua ar shaothar Sheosaimh Uí Mhurchú nuair a deir sí "ach ní haon phromhadh pinn atá ar siúl aige óir tá siúráil as an ngnáth sna dánta oilte seo a sháraíonn iarrachtaí an phrintísigh.

“Toradh a mharana chiúin atá anseo – tochailt aigne, cíoradh staire – agus tá na dánta fréamhaithe go daingean i dtraidisiún saibhir na filíochta in Éirinn”.

Ní féidir litríocht na Gaeilge nó critic na litríochta sin a thabhairt chun cinn gan a bheith nuálaíoch, ach san anáil chéanna, gan a bheith feasach ar thraidisiúin ábhartha. Seasann an triallachas a bhain le filí INNTI i gcomhthéacs cultúrtha níos traidisiúnta atá le sonrú ar shaothar chuid mhaith de na filí aonair a raibh lámh acu sa ghluaiseacht nó, go deimhin, san iris féin, thar na blianta sin ó 1970 go 1995.

Foilsíodh an léirmheas sin thuas sa dara heagrán sa tsraith úr de Irisleabhar Mhá Nuad a seoladh an mhí seo caite, agus tugtar aghaidh ar an dá chineál cúlbhrait – traidisiún agus nuálaíocht. Sa leagan athnuaite seo den irisleabhar, feictear ailt léannta, léirmheasanna litríochta, ábhar cartlainne, saothar nuachruthaithe, agus blaiseadh de shaíocht na Gaeilge sna hollscoileanna i Maigh Nuad sa bhliain atá imithe romhainn; ag cloí lena raibh san fhoilseachán riamh, ach rannóga sainithe a thugann spreagadh do scríbhneoirí na paraiméadair reatha, leathana scríbhneoireachta a bhreith acu féin.

READ MORE

Is ainmhí speisialta de thréimhseachán é an t-irisleabhar; é ar an bhfoilseachán Gaelach ollscoile is sine dá bhfuil againn sa teanga agus i léann na Gaeilge; á chur i gcló ó 1907, agus traidisiún fada ar cuireadh tús leis in eagrán na bliana 1898-99 de Record of The League of St. Columba. Spás faoi leith is ea é gur féidir scríbhneoireacht na mac léinn ollscoile (idir chruthaitheach agus acadúil) a phósadh go nádúrtha ar iarrachtaí léinn scríbhneoirí níos seanbhunaithe, in iris chlóite.

Mar sin atá san eagrán nua áit a fheictear iarrachtaí i gcló ó thriúr scríbhneoirí óga ó ghrúpa scríbhneoireachta a bunaíodh cúpla bliain ó shin san ollscoil, ‘An Ciorcal’, agus iad i mbun pinn sna samplaí seo i seánra na filíochta.

Mar a tharla le glúin INNTI i gCorcaigh, agus spás triallach ag an ngrúpa seo teacht le chéile le linn dóibh a bheith ag plé leis an nGaeilge mar fhochéim ar an ollscoil, d’fhás an mhuinín a bhí acu as an gcomhluadar sin; thug an saghas dáimhe seo misneach dóibh, agus cnuasaíodh a gcuid iarrachtaí cheana i dtréimhseachán inmheánach ollscoile, Meascra Mhá Nuad, a réitigh siad iad féin, agus rogha bheag den iarracht sin anois i gcló in Irisleabhar Mhá Nuad.

Ón taithí atá agam níor mhór cultúr léitheoireachta/léirmheastóireachta agus scríbhneoireachta a chothú lasmuigh de chúrsa ‘oifigiúil’ ollscoile le tabhairt faoi seo, agus ní mór go dtarlódh sé sin i dtiúin leis an aois fochéime i dtosach báire, le gur féidir leis na síolta seo fás in ithir thorthúil ina dhiaidh sin. Níl sé furasta teacht ar thoirt chriticiúil rannpháirtithe chuige sin.

Ach sa saol gnóthach ‘ildhisciplíneach’ ina mairimid, aimsítear scoláirí a bhfuil talann ar leith acu i dteangacha éagsúla agus le scileanna/spéiseanna inaistrithe.

Tá dualgas ar an lucht léinn, na spásanna, agus an toirt sin a lorg, agus a aithint, agus an spreagadh cuí a thabhairt. Is mar sin a chruthaítear an líonra liteartha a thacaíonn leis an scríbhneoireacht agus leis an gcritic araon sa saol mór lasmuigh de phobal na hollscoile.

Níor mhór beirt d’fhathaigh na Gaeilge a aithint agus an t-irisleabhar tagtha slán ar fhód na hollscoile – Breandán Ó Doibhlin (agus alt úr san eagrán reatha aige) a mhúnlaigh ciorcal critice scoláirí Mhá Nuad sna 1960í agus a thuill cáil fhorleathan don irisleabhar dá bhrí sin; agus Pádraig Ó Fiannachta, a chinntigh foilsiú an irisleabhair, idir chló agus ábhar, i mblianta nuair nach raibh na toscaí chomh torthúil céanna.

Agus foilsiú Calling Cards (Gallery Press) coicís ó shin, le blaiseadh de na filí Gaeilge is bisiúla den ghlúin reatha, ní mór an díospóireacht faoi mhianach na filíochta sin a athnuachan an athuair, le gur féidir le filí úra a stampa féin a chur ar an seánra, agus an cultúr mar a thuigimid anois é a sheachadadh i dtéarmaí pearsanta, liteartha. Ba chóir go gcuideodh leathanaigh an irisleabhair leis an gcuspóir sin amach anseo.

Sa bhfriotal atá ag Ní Ghearbhuigh, léirítear 'siúráil' nuair a leanann an printíseach leis an gceird faoi lán cluimhrí. Go bhforbraí muid na slata tomhais inár n-ionaid léinn, triallach agus foirmeálta, dár bprintísigh agus saoithe, le feoil na léirmheastóireachta a chur ar an gcnámharlach critice, áit a aithnítear luach an chomhluadair ollscoile agus a dtorthaí foilsithe. Is duine de lucht eagair Irisleabhar Mhá Nuad 2018 é an Dr Liam Mac Amhlaigh