An charóg liath a tháinig chun na cóisire

 

Déantar dearmad den arán a itear, deirtear. Bhí rud beag aráin agam a bhí stálaithe agus chaith mé amach sa ghairdín é. Níor luaithe sin déanta gur tháinig gealbhan nó dhó ar lorg na ngrabhróg, roinnt druideanna, cág agus snag breac. Níorbh fhada ina dhiaidh sin, ámh, gur scaipeadh an t-iomlán léir acu.

D’eitil caróg liath gan chuireadh chun na cóisire agus d’éirigh na héin ar fad, beag agus mór, den talamh go gasta. Tuigeann tú dóibh.

Éan mór atá sa charóg liath agus is furasta a haithint, an cloigeann dubh sin agus na cleití liatha thart air.

Le bheith macánta, níor thuig mé cé chomh mór agus a bhí sí go dtí go raibh sí faoi chúpla slat díom; mise ag stánadh amach an fhuinneog (faoi eagla!) agus sciatháin na caróige léithe sínte roimpi.

Dragan a bhí ann. Ní raibh moill ar bith ar an charóg liath a cuid féin a dhéanamh den arán. Thóg sí píosa amháin, an dara píosa, an tríú píosa agus rop sí lena gob iad. D’éirigh sí agus d’fhill na héin eile ar feadh tamaill. Ach tháinig scáil na sciathán mór sin ar ais agus d’imigh na héin bheaga arís go tapa. Thug an dragan seo d’éan an dara hiarraidh ar an arán agus d’alp siar a raibh ann agus d’amharc thart go fiata. Chuir sé radharc as Cluiche na Corónach i gcuimhne dom – an ceann sin ina n-itheann an dragan an gasúr beag d’aoire gabhar.

Níl a fhios agam an mbeadh deifir orm arán a chaitheamh sa ghairdín arís. Seachain! Is anseo a mhaireann dragain!

póm