An Chéad Chéim

Seo é an éagóir nach luaitear sa tráchtaireacht ach nach bhfuil cead againn a ainm a lua

Seán Mac Diarmada

Seán Mac Diarmada

 

Gheall mé do na mílte sin dem léitheoirí dílse (seachas dílseoirí) go leagfainn amach an réiteach d’Éirinn Aontaithe. Is é is gátaraí, áfach, ná go léireofaí cad é go díreach nach socrú réitigh a bheadh ann.

Tá an feachtas faoi lánseol cheana féin ag iarraidh go n-athrófaí buntuiscintí agus bunshiombalachas stát na hÉireann d’fhonn aontachtóirí a mhealladh. Athraítear an bhratach náisiúnta, cuirtear deireadh le hamhrán na bhFiann, tugtar prime minister ar an Taoiseach agus parliament ar an Dáil, gabhtar isteach sa Chommonwilt ar ais. Is ea, bhogfadh sin intinn na n-aontachtóirí chun dul i bpáirt linn, dar leis an tráchtlathas.

Ná maslaítear iad!

Tugtar breab dóibh agus géillfidh siad mar a dhein Pairlimint Bhaile Átha Cliath in 1800, agus Pairlimint na hAlban in 1707. Is é sin, tá siad incheannaithe dar leis an meon neamhmheabhrach seo. Tá sin bunaithe ar an tuiscint chéanna dá mbeadh Sasana deas agus béasach linn ar feadh cúpla céad bliain go mbeimis sona sásta a bheith laistigh den Ríocht/Bhanríocht Aontaithe.

Mar fhadú as Seán Mac Diarmada, ‘Damn your concessions Ireland, we want our connection with Britain!’

Sin é an t-asachán is mó is féidir a chaitheamh le haontachtóirí, go mbeadh siad deonach glacadh linn, nó leagan uiscealaithe dínn. Cad ina thaobh nach n-éistítear leo? Níl spéis dá aduaine acu, beag ná mór, idir ná eatarthu, glas ná flannbhuí, dubhbhán ná riabhach, seo ná siúd, liom ná leat, stéig ná bradán, aon bhaint dá laghad a bheith acu le hÉirinn aontaithe. Tugtar an chreidiúint sin dóibh. Ná ceaptar nach bhfuil a fhios acu cad tá á rá acu.

Tiomáint eile ar fad atá faoin daoscar ar mhaith leo gach a mbaineann leis an stát seo a chur ceann thar tóin agus cloigeann os bun, óir níor thaitin sé riamh leo. Sean Home Rúlairí nach raibh ar a socracht a bheith iomlán ar deighilt ón Ríocht Aontaithe, bíodh sé ag titim as a chéile nó ná bíodh. Ná géilltear dóibh ach oiread.

Is measa ná sin ná gur ag magadh fúinn a bheadh aontachtaithe dá mbeimisne toilteanach gach a raibh bainte amach againn a ghéilleadh ar a son siúd. Ní bhíonn aon bheann ag an mbullaí ar an meatachán. Teist an phriompalláin a bhíonn aige air, é ag iomlasc sa bhualtrach nár dá dhéantús féin é. Ceap magaidh a bheadh ionainn dá gcaithfimis aithisí linn féin d’fhonn iad siúd a shásamh.

Ní hí an fhadhb is mó atá le réiteach ag Éirinn (nó ag an ‘oileán’ óir tá náire orainn anois ainm na tíre féin a lua) na haontachtóirí a chur ar a gcompord. Is é an dúshlán is mó ná na daoine arb Éireannaigh riamh iad dá ráiteachas féin, dar leis an stair, dar leis an tír eolas, dar leis an mbunreacht, dar le Comhaontú Aoine an Chéasta, dar leis an dlí idirnáisiúnta, dar leis an gceol is an litríocht is le cop on, an éagóir a déanadh orthu siúd a chur ina cheart. Seo é an éagóir nach luaitear sa tráchtaireacht ach nach bhfuil cead againn a ainm a lua.

Chuirfí beagán éigin den éagóir sin ina cheart ach iad a bheith ina gcónaí i stát Éireannach a aithnítear mar stát Éireannach, ar nós na coda eile againn. Tá ag dul dóibh go ndíbreofaí an meon críchdheighilteach a d’fhás i measc aicmí áirithe anseo, an aicme sin a mhaífeadh le cúl na láimhe, ‘tá siad go léir mar an gcéanna!’, nó is measa ná sin, ‘ach, is Briotanaigh iad siúd chomh maith!’

D’fhágfadh sin ceist na n-aontachtóirí nach mó ná sásta a bheadh siad in Éirinn Aontaithe. Tá réiteach air sin chomh maith agam, ach fanfaidh sé.