An Cúlstad Mallaithe

Is de réir a chéile a thosnaigh an monabhar

Ar thug tú an t-athrú diaidh ar ndiaidh faoi deara?An bogadh beag ar gcúl? Ó thosnaigh na comhráití baotha maidir le himeacht nó le díbirt na Banríochta Móire as an Aontas Eorpach bhí guth an phobail anseo, agus guth na meán, agus guth na dtráchtairí a shocraíonn cad is fírinne ann a bheag nó a mhór daingean mar a chéile. Bhí ár gcosa i bhfeac agus ár smig leis an ngaoith agus ár n-ucht leis an aimsir fháistineach. B'é an cúlstad ár mbuachaill báire, ár gCathal Óg, ár Mac an Cheannaí. Bhíomar chun seasamh leis go héag fad is go bhfanfadh ár Leóghan i réim ina dhúnbhailte dúchais le sóchas agus é ag rúscadh na gcrónphoc amuigh le faobhar argóna.

Bhí sin go maith, mura raibh go holc go dtí gur thosnaigh an t-aos cabaireachta ar gach a raibh á rá ag an SunExpressTelegraphTimesStar a shlogadh. Is é sin, gurbh orainne a bhí an milleán nár chasamar níos mó den súgán leo, nár ligeamar beagán den ghort fúthu, nár ghéilleamar oiread na fríde, nó an oiread is ba ghá, nó ar fad dóibh, nár phógamar ladhraicíní a gcos. Mura mbeadh go rabhamar inár bPáidíní stuacacha bheadh an uile ní ina cheart, shocrófaí conradh réitigh gan mhoill agus bheadh gach aon duine slán sleamhain sásta go deireadh an aistir.

Is de réir a chéile a thosnaigh an monabhar. B’fhéidir go rabhamar ródhian. Dá ngéillfimis an t-orlach beag féin. Níl uathu ach gaoth an fhocail. Is dream réasúnta iad rialtas na Breataine tar éis an tsaoil (bíodh is nach luaitear cén saol é). Tugtar an seans dóibh. Dá réasúnófá le daoine nach réasúnódh daoine leat?

An é nár fhoghlaim daoine tada, nó faic, nó pioc nó gráinnín den chiall cheannaithe féin?

READ MORE

Níor bhain diúltú don chonradh a shocraigh Treasa na Bealtaine leis an Aontas Eorpach leis an gcúlstad riamh. Ní raibh ann ach leithscéal. Dá gcuirfí an cúlstad sa chiseán bruscair agus a sheachadadh in airde sa spás d'fhonn tuirlingte sa charn dramhaíle a dhéanfar de Mhars ar ball thuirlingeodh leithscéal eile ar ghob agus ar chleite an túisce is adéarfá Waterloo nó Plassey nó El Alemein. Is fíor nach luafaí Dieppe ná Spion Kop ná Isandlwana, ach scéalta eile iad sin.

Ach ansin, nocht Boris agus a phúca Jeremy Hunt sarar toghadh aon duine díobh á mhaíomh gur chuma faoi theorainn ama leis an gcúlstad, ní fhulaingeodh siad le cúlstad de shaghas ar bith go brách a choíche ná go deo d'aon dath ná saghas ná cuma ná crot ná caoi.

Tuigimid go maith go raibh caidreamh thar a bheith cuiditheach agus tuisceanach idir an stát seo agus Sasana (agus bainim leas as Sasana seachas an Bhanríocht d’aon ghnó sa chás seo) le suim bhlianta anuas. Tháinig a ceann stáit agus creidimh le hoidhreacht chugainne agus chuaigh an ceann stáit tuata tofa againne chucu. Malartaíodh béasa agus prótacail agus bhí cách go tuisceanach agus go milis le chéile, mar is ceart.

Is é nár aithníodh ná go raibh a mbíonn ag boirbeáil in íochtar ag fothromú an t-am ar fad. Is fíor go bhfuil traidisiún iontach liobrálach cearta daonna i Sasana, leis, an traidisiún sin a chomáin fuascailt sheisear Birmingham agus cheathrar Guildford nuair a bhí ár meáin féin rómheata agus ró-eaglach a nguth a ardú.

Ach ní hé an traidisiún sin atá in airde láin anois, ag amhrastraigh orainn de gach leith, ach traidisiún ghlóire na himpireachta nach bhfuil ach screamh thanaí, crústa caol taidhleoireachta idir é agus ráitis an rialtais thall. Tá sin dona go leor, gan cúigiú colún dár gcuid féin ag déanamh an-dhiongbháil dóibh.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar