An cúl báire go deo

Ionad gan iomrá is ea a bheith id chúl báire

Ionad gan iomrá is ea a bheith id chúl báire, mura mbeadh cleas éigin sa bhreis agat ar nós a bheith in ann cúilíní a scóráil ó shaorchiceanna cúpla míle slí ar shiúl ar nós Stephen Cluxton.  Grianghraf: Dara Mac Dónaill/The Irish Times

Ionad gan iomrá is ea a bheith id chúl báire, mura mbeadh cleas éigin sa bhreis agat ar nós a bheith in ann cúilíní a scóráil ó shaorchiceanna cúpla míle slí ar shiúl ar nós Stephen Cluxton. Grianghraf: Dara Mac Dónaill/The Irish Times

 

Deirtear go bhfuil gach cúl báire as a mheabhair, cé go raibh aithne agam ar dhuine nó beirt a bhí iomlán ar a stuaim. Níorbh iad ab fhearr, áfach, ach sceacha sa bhearna de ghnáth go dtí go dtiocfadh gealt eile an treo mar mhalairt orthu.

Cé a sheasfadh idir dhá chuaille gan faic le déanamh formhór an ama seachas feitheamh go dtiocfadh ruathar chugat as ball ar bith agus ansin an liathróid a bhailiú ó thóin na heangaí? Ionad gan iomrá is ea a bheith id chúl báire, mura mbeadh cleas éigin sa bhreis agat ar nós a bheith in ann cúilíní a scóráil ó shaorchiceanna cúpla míle slí ar shiúl ar nós Stephen Cluxton, nó a bheith ábalta ar rialacha an Chumainn Lúithchleas Gael a athrú maidir le poc éirce mar a dhein Anthony Nash.

Rith cuid de na smaointe seo liom agus mé ag léamh mar gheall ar bhás Harry Gregg, an cúl báire a bhí ag Manchester United nuair a thuairt an t-eitleán in Munich inar maraíodh triúr is fiche sa bhliain 1958, agus a sheas an fód do Norn Aidhrlean i gcorn an domhain an bhliain chéanna. Fág na gaiscí a dhein sé oíche na tubaiste as an áireamh - agus gaiscí ba ea iad - agus na gaiscí eile ar phuiteach na peile, dúirt sé rud a d’fhan liom a bhain lena chuid cluichí go léir. Is é sin, nár thaitn an imirt féin leis beag ná mór!

Más buan, nó buan ar éigean mo chuimhne, dúirt cúl báire eile mór-le-rá de chuid Norn Aidhrlean an dearbhrud ceannann céanna. B’in Pat Jennings, a d’admhaigh go mbíodh sceimhle air agus a chuid néaróga ar tinneall gach cluiche dá n-imríodh. Agus cad ina thaobh nach mbeadh?

Rabhadh pearsanta: d’imríos mar chúl báire ann is as (ach ‘as’ is mó) i gcluichí éagsúla ar leibhéil éagsúla (íseal de ghnáth), idir iomáint agus shacar agus pheil ghaelach. Bhí rud éigin an-phearsanta ag baint leis an ionad. Ba leat na cuaillí, ba leat an dronuilleog, ba leat an eangach, ba leat an láib faoi do chosa, ba leat an fearann faoi leith seo, ba leat an paiste beag talaimh seo agus níorbh é do mhian go satlódh duine ar bith eile air. Feall ar iontaoibh ba ea iarracht aon duine teacht isteach id dhúiche féin, gan trácht ar chúl a fháil.

Ina choinne sin thall ní raibh aon bhaint agat leis an gcluiche go dtiocfadh an cluiche chugat. Mar adúirt Bertold Brecht ar ábhar eile - ‘B’fhéidir nach bhfuil aon spéis agatsa sa chogadh, ach tá an-spéis ag an gcogadh ionatsa.’

D’fhéadfadh cúl báire tráthnóna deas aoibhinn samhraidh a chaitheamh i staidiam ochtó míle duine agus ní thiocfadh an chaid ina ghaire beag ná mór; nó d’fhéadfadh go mbeifí á stealladh leis fad an ama. Ach is ar na móimóintí beaga sin nuair a thriailfí a mhiotal agus a scil agus a ealaín a mheasfaí é. Samhail den tsaol dá dtuigfí i gceart é.

Scríobh Peter Handke a bhuaigh duais litríochta Nobel anuraidh scéal dar teideal ‘Eagla an Chúil Bháire roimh an Speach Éirce’. Bhain cuid d’éirim na hinsinte leis an rogha nach foláir don chúl báire a dhéanamh agus an speach éirce ar tí a chiceála. An rachaidh sé ar dheis nó ar chlé, nó in airde nó go híseal, nó fanúint i lár an aonaigh? Samhail eile fós den rogha a bhíonn ag an duine, lá seachas lá eile.

Caithfear seo nó siúd a dhéanamh, agus ní fios cén toradh a bheidh ar an léim sa doircheacht, mar ní fút féin atá.

Is é fear na bróige a shocraíonn sin.