An Céachta cruálach os ár gcionn

Gealach, réaltaí, filíocht, cíos agus uchtbhorrthóir


Cad chuige a gcaithfidh muid éirí chomh luath sin ar maidin ar chor ar bith?

Tugann an aip le fios nach mbeidh éirí na gréine ann go dtí 8.45 a.m. Ach tá an chuid is mó againn inár suí le fada faoin am sin agus muid ag tarraingt ar an oifig, ar an scoil, ar an mhonarcha, ar an ríomhaire, ar an obair sa bhaile.

Cad chuige a gcaithfidh muid éirí chomh luath sin an t-am seo bliana?

Tá sé dorcha. D’éirigh mé, d’amharc mé amach agus chonaic mé an ghealach agus an Céachta os mo chionn an mhaidin faoi dheireadh. Níl mise ag iarraidh an ghealach agus an Céachta a fheiceáil ar maidin. Ní spásaire mé. Níor cheart go bhfeicfinn ceachtar acu.

READ MORE

Níor cheart go mbeadh ar dhuine ar bith againn gealach ná réaltaí a fheiceáil agus muid ag dul ag obair. Ba cheart go mbeadh cead againn fanacht inár gcuid leapacha go dtí go dtagann Lá Fhéile Bríde.

Chuirfeadh sé eagla ort agus tú ag tiomáint ar maidin. Tá an oiread sin carranna ar na bealtaí móra, na soilse lasta agus an sioc ar dhá thaobh an bhealaigh mhóir.

Ach tá deifir orainn uilig. Tá dualgas orainn. Caithfidh muid an t-arán laethúil a shaothrú. Caithfidh muid a léiriú do na saoistí gur fiú an cúpla euro muid agus leanann muid linn tríd an dorchadas

Ach tá an ghealach os ár gcionn. Amharcann muid suas – más ar éigean é – ach ní thugann muid mórán suntais di.

An raibh lán gealaí nó ceathrú gealaí nó leath gealaí ann nuair a d’éirigh tú ar maidin?

An raibh an t-am agat an méid sin féin a fheiceáil?

Ar mhothaigh tú Véineas ar chor ar bith?

Ar thug tú na réaltaí faoi deara?

Seans mór nár thug.

Scríobhann Ó Dónaill: “Bhí gealach ina shúile/there was a frenzied look in his eyes.” Seans mór go raibh gealach i do shúile ar maidin – mar a bhíonn gach aon mhaidin – nó is trom agus róthrom na cúraimí atá ort.

Bíonn muid chomh gnóthach sin gur minic a bhíonn gealach inár súile, gealach chomh mór sin nach bhfeiceann muid an ghealach os ár gcionn.

Tá sé damanta ar fad, nach bhfuil, go gcaithfidh muid éirí ar chor ar bith an t-am seo bliana?

Ba cheart go mbeadh dlí ina éadan. Ba cheart go mbeadh cead againn fanacht sa leaba go dtí go mbíonn éirí na gréine ann. Ní Poncánaigh muid. Níl sé sa dúchas againn muid féin a íobairt ar altóir na hoibre. Beidh obair de chineál inteacht le déanamh i gcónaí.

Ba cheart go mbeadh níos mó measa ag na húdaráis ar an leaba shéimh theolaí an t-am seo bliana, ar chultúr dúchasach an chodlata, ar chearta ceannadhairte na nGael.

Tá an siesta ag na Spáinnigh, sos deas i lár an lae. Cad chuige nach mbeadh 'am luí go héirí na gréine' ag na hÉireannaigh, sos deas i dtús an lae?

Cíos ar an mbraon

Feiceann an file an fhírinne roimh fhinné ar bith eile. Is beag duine le Gaeilge nár léigh an dán

Stoite

le Máirtín Ó Direáin.

Cá bhfuil an Gaeilgeoir nach n-aithneodh na línte clúiteacha sin – “Thóg an fear seo teach/Is an fear úd/Claí nó fál/A mhair ina dhiaidh/Is a choinnigh a chuimhne buan”?

Scríobh Ó Diréain an dán sin agus é ina chónaí – nó ar deoraíocht más fearr leat – i mBaile Átha Cliath.

Mar sin féin, tá línte eile sa dán a bheadh fóirsteanach mar chur síos ar chúrsaí sa chathair sa lá atá inniu ann. Tá mórán cainte ann faoi láthair faoi chúrsaí tithíochta agus faoi chostas cíosa sa Stát – agus i mBaile Átha Cliath ach go háirithe.

Tráthúil mar sin roinnt línte eile as an dán a thabhairt chun cuimhne: “Sinne a gclann,/Is clann a gclainne/Dúinn is éigin/Cónaí a dhéanamh/In árais ó dhaoine/A leagfadh cíos/Ar an mbraon anuas.”

Beagnach 70 bliain ó shin a foilsíodh Stoite den chéad uair. Ní inniu ná inné a tháinig na daoine a leagfadh cíos ar an mbraon anuas ar an tsaol, is léir. Chonaic Ó Direáin iad agus é sa chathair sna 1940í.

Is é an t-iontas é go bhfuil iontas ar dhaoine gurb ann don ghnás go fóill.

Áis agus ucht

Áis thar a bheith úsáideach atá sa tsuíomh, téarma.ie. Is minic a bhíonn ceist ag an iriseoir seo ar an bhunachar sonraí ann agus focal nó, bhuel, téarma á lorg agam. Cuirim ceist agus faighim freagra.

Ní holc sin – ach amháin, b’fhéidir, nach gcaithim an oiread chéanna ama ag brabhsáil agus a chaithfinn i bhfoclóir Uí Dhónaill, abair. Tharla go raibh mé ar lorg focail in Ó Dónaill gur tháinig mé ar cheann eile de thaisme: uchtbhorrthóir, m, gym: chest-expander.

Is minic a bhím sa ghiom agus is minic a bhain mé úsáid as uchtbhorrthóir agus gan fios agam go raibh focal Gaeilge – uchtbhorrthóir – ar an phíosa sin trealaimh.

Focal ar tháinig mé air de thaisme – agus focal a léiríonn go bhfuil feidhm le seanfhoclóir go fóill.