Amhras ar Ó hEochaidh faoi cheapadh cathaoirleach nua ar Údarás

Faoin rialtas a bhí sé an Cathaoirleach agus beirt bhall ainmnithe a roghnú ar bhord úr Údarás na Gaeltachta

Bhí Cathal Ó hEochaidh  ina Thaoiseach i 1989.  Grianghraf: Matt Kavanagh/The Irish Times

Bhí Cathal Ó hEochaidh ina Thaoiseach i 1989. Grianghraf: Matt Kavanagh/The Irish Times

 

FOCLÓIR: Comhairle - advice, cáipéisí stáit - state papers, pobalbhreith - plebiscite, tacaíocht - support, ard-aighne - attorney-general, tólamh - always, ceapachán - appointment.

Bhí oiread amhrais ar Thaoiseach an ama, Cathal Ó hEochaidh, faoi cheapadh cathaoirligh nua ar Údarás na Gaeltachta i Meitheamh 1989 gur lorg sé comhairle faoin ábhar ón státseirbhíseach a ba shinsearaí sa tír ag an am.

Léiríonn cáipéisí stáit ó 30 bliain ó shin go raibh Ó hEochaidh, idir dhá chomhairle an raibh sé de cheart ag Aire Stáit na Gaeltachta, Donncha Ó Gallchobhair, é féin a cheapadh mar Chathaoirleach ar Údarás na Gaeltachta díreach sular éirigh sé as a chuid cúraimí rialtais.

Ghlaoigh an Taoiseach olltoghchán gan choinne ar an 25 Bealtaine 1989. Bhí rialtas mionlaigh ann ag an am agus buaileadh iad i rún Dála a bhain le ciste a bhunú do haemaifiliaigh a fuair ionfhabhtú ó tháirgí fola truaillithe. Ní raibh aon dualgas dlíthiúil air an Dáil a scor mar thoradh ar an vóta seo ach bhí na pobalbhreitheanna ag maíomh go bhféadfadh Fianna Fáil móramh a fháil ins an olltoghchán.

Ghairm sé an toghchán don 15 Meitheamh 1989 ach chaill Fianna Fáil ceithre shuíochán agus b’éigean do Chathal Ó hEochaidh dul i mbun idirbheartaíochta lena shean-namhaid, Des O’Malley, chun comhrialtas a bhunú leis an Pháirtí Dhaonlathach. Ghlac sé ionann is mí orthu bailchríoch a chur ar na cainteanna agus lean an sean-rialtas i gcumhacht ins an idirlinn mar is iondúil ina leithéid de chás.

Ní hamháin go raibh Ó hEochaidh ag feidhmiú mar Thaoiseach sa tréimhse seo ach bhí cúraimí Aire na Gaeltachta air fosta. Ba é Aire Stáit na Gaeltachta, Donncha Ó Gallchobhair, a bhí i mbun na Roinne ó lá go lá. Bhí sé bliana déag caite ag an Ghallchobhaireach sa Dáil agus dhá thréimhse caite aige mar aire sinsearach. Cé gur bheartaigh sé gan seasamh ins an olltoghchán i 1989 bhí sé fós ina aire stáit ins an idirthréimhse idir scor na Dála agus bunú an chéad rialtais eile.

Toghchán

Reáchtáladh toghchán do Bhord Údarás na Gaeltachta ar an lá céanna leis an olltoghchán, 15 Meitheamh, agus cé gurb é Fine Gael an grúpa polaitíochta ba mhó ar éirigh leo ionadaithe tofa a fháil ar an bhord úr, is faoin rialtas a bhí sé an Cathaoirleach agus beirt bhall ainmnithe a roghnú.

Ag deireadh mhí Mheithimh 1989, fuair Donncha Ó Gallchobhair tacaíocht rialtais dá chinneadh é féin a cheapadh mar Chathaoirleach úr Údarás na Gaeltachta chun teacht i gcomharbacht ar Phádraig Ó Dochartaigh. Ach is cosúil go raibh an Taoiseach in amhras faoi dhlisteanacht an chinnidh sin.

Bhí imní air go mbeadh sé mídhleathach dá mbeadh an Gallchobhaireach ag feidhmiú mar Aire Stáit agus mar Chathaoirleach ag an am céanna. Tar éis an tsaoil, is d’Aire na Gaeltachta a bhíonn Cathaoirleach an Údaráis freagrach. Bhí amhras ar an Taoiseach fosta ar cheart go mbeadh Ó Gallchobhair ag feidhmiú mar Aire Stáit nuair nach raibh sé tofa mar Theachta Dála. Ar ndóigh mura raibh sé de cheart aige a bheith ag feidhmiú mar Aire Stáit, ní bheadh aon údarás aige dá réir sin é féin a cheapadh mar chathaoirleach ar fhoras stáit.

Bhí cinneadh foirmiúil déanta, áfach, go dtosódh tréimhse chathaoirleachta Uí Ghallchobhair ar an 29 Meitheamh ach níor eisíodh fógra poiblí ina leith sin.

Rinne Údarás na Gaeltachta teagmháil le Seirbhísí Eolais an Rialtais ag fiosrú faoin cheapachán a fhógairt ach ba léir go raibh an Taoiseach míshuaimhneach faoi agus d’iarr sé comhairle ó Dermot Nally, Rúnaí an Rialtais, faoin cheist.

Ar ndóigh ní raibh dea-chaidreamh idir Cathal Ó hEochaidh agus Donncha Ó Gallchobhair i dtólamh. I 1979, thacaigh Ó Gallchobhair le George Colley, céile comhraic Uí Eochaidh san iomaíocht do cheannaireacht Fhianna Fáil agus tugadh ísliú céime dó go haireacht sóisir mar thoradh.

Comhairle

Rinne Dermot Nally nóta ar an 30 Meitheamh 1989 den chomhairle a chuir sé ar an Taoiseach. Ba é an t-adhmad a bhí le baint as an chomhairle sin ná nach raibh aon ní mídhleathach ag baint leis an cheapachán ach ó tharla nár foilsíodh é nuair a rinneadh é gur fearr fanacht “especially in current circumstances” go dtiocfadh deis leis an eolas a fhógairt go poiblí. Ní fios cad a bhí i gceist ag Nally le “current circumstances” ach bhí idirbheartaíocht ar bun idir Fianna Fáil agus an Páirtí Daonlathach faoi bhunú rialtais úir.

Thagair Nally fosta don chomhairle a thug an tArd-Aighne ar an 17 Meitheamh 1959, a dúirt go raibh sé de cheart ag Taoiseach leanstan lena chúraimí tar éis scor na Dála, fiú mura mbeadh sé fós ina Theachta. “A fortiori, a Minister of State could carry on his duties as Minister of State even though he is not a member of the Dáil, until a new Taoiseach is appointed,” a scríobh Dermot Nally.

Mhol sé, áfach, nach bhfreastalódh an tAire Stáit ar chruinnithe de chuid an Údaráis go dtí go mbeadh rialtas úr ceaptha: “He would not be attending the meeting of the Údarás this morning and the current situation was unlikely to last for more than a few days so a conflict of interest was improbable.”

Bhí barántas ceapacháin don Chathaoirleach úr sínithe ar an 24 Meitheamh, a mheabhraigh Nally: “and that it seemed a bit late now, nearly a week later, to be making announcements”.

Mhol sé cur chuige úr sa chás - dá mbeadh aon fhiosrúchán faoina cheapachán, mhol Nally go ndíreofaí ar an bharántas ceapacháin agus an dáta a tháinig sé i bhfeidhm. Chaith Donncha Ó Gallchobhair dhá bhliain mar Chathaoirleach ar an Údarás.