Aire Martin: ‘Caithfidh an Stát iarracht níos fearr a dhéanamh chun tacú leis an teanga’

Tá an rialtas nua ag gníomhú le roinnt seachtainí anois. Cén tionchar a bheas aige ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht?

Catherine Martin TD - An tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta.

Catherine Martin TD - An tAire Meán, Turasóireachta, Ealaíon, Cultúir, Spóirt agus Gaeltachta.

 

FOCLÓIR: Ionchas - expectation, an babhta seo - this time around, súil ghéar - close eye, impleachtaí - implications, athbhreithniú breithiúnach - judicial review, cuairt - visit, cruinniú - meeting, don chéad ghlúin eile - for the next generation.

Bhí ionchas an-ard ag pobal na Gaeilge go gceapfaí aire sinsearach le lár-fhreagracht as an nGaeilge agus an Ghaeltacht san rialtas nua. Cé nach raibh an lá leo an babhta seo táthar ag súil go dtabharfar aird níos mó feasta ar easnaimh mhóra san cur chuige rialtais atá le sonrú le blianta anuas.

Chuir Tuarascáil ceisteanna ar Catherine Martin atá ceaptha ina haire sinsearach ar Roinn na Meán, Turasóireachta, Ealaíne, Cultúir, Spóirt agus na Gaeltachta.

Tá conspóid ann faoi láthair faoi cead pleanála i Ráth Chairn. Tá faitíos ann go gcuirfidh an plean tógála deireadh leis an nGaeltacht i gCo na Mí. Cén leigheas a bheadh agat ar an bhfadhb seo?

“Ar ndóigh, is ceist don Roinn Tithíochta í cúrsaí pleanála ar an gcéad dul síos. É sin ráite, faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt tugtar an deis don Roinn agus d’Údarás na Gaeltachta tuairimí a thabhairt do na húdaráis phleanála faoi chásanna pleanála a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an nGaeilge sa Ghaeltacht. Chuir mo Roinn roinnt tuairimí ar fáil maidir leis an gcás sin i Ráth Chairn. Tuigtear dom go bhfuil an Bord Pleanála tar éis cead a thabhairt don fhorbairt i Ráth Chairn le déanaí agus go bhfuil an Comharchumann sa cheantar ag breathnú ar na féidearthachtaí Athbhreithniú Breithiúnach a lorg i leith an chinneadh sin. Beidh oifigigh mo Roinne ag coinneáil súil ghéar ar an gcás seo mar go bhféadfadh impleachtaí a bheith ann do cheantair Gaeltachta eile dá bharr.”

An bhfuil sé i gceist agat an maoiniú a ardú go suntasach do Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus Roinn na Gaeilge? Má tá, cén uair?

“Tuigim go maith go bhfuil na heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta tar éis teacht tríd roinnt blianta crua ó bhí an ghéarchéim eacnamaíochta deiridh ann, agus is féidir leat glacadh leis go mbeidh mé, feadh mo chumais, ag lorg acmhainní breise do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta ón státchiste.”

Ó thaobh an Údaráis de, an dóigh leat gur cheart go dtoghfaí na baill?

“Luaitear sa Chlár Rialtais go ndéanfar athbhreithniú ar struchtúir fheidhmiúcháin agus rialachais Údarás na Gaeltachta, agus ar an bpróiseas roghnúcháin do Bhord an Údaráis.

“Faoi láthair, tá cúigear comhalta a d’ainmnigh na hÚdaráis Áitiúla a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram acu ar an mbord. Cinntíonn sé seo go bhfuil bunús daonlathach le bord Údarás na Gaeltachta.

“Chomh maith leis sin, roghnaítear seachtar comhalta - bunaithe ar chomórtas poiblí a eagraítear faoi scáth na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí. Cinntíonn an próiseas seo go bhfuil daoine leis an saineolas agus na scileanna cuí á roghnú don chúram - rud atá ar leas an Údaráis agus an phobail ar a dhéanann sé freastal mar fhoras stáit.

“Is fiú dom a rá go mbeidh an Bord reatha ann go dtí mí Eanáir 2023. É sin ráite, gealladh sa Chlár Rialtais go ndéanfaí athbhreithniú ar struchtúir fheidhmiúcháin agus rialachais Údarás na Gaeltachta agus tá a fhios agam go bhfuil an tAire Stáit Calleary ag iarraidh go ndéanfar sin gan mhoill.

Rinneadh roinnt mhaith oibre le tamall anuas ar an mbille teanga a athchóiriú. Ach, dar le Rónán Ó Domhnaill, tá easnaimh ann. An bhfuil sé i gceist agat an bille a láidriú agus má tá, conas agus cén uair a dhéanfar é sin?

“Tuigim go maith an tábhacht atá le Bille Leasaithe na dTeangacha Oifigiúla. Bhí an Bille ag an dara céim sa Dáil nuair a glaodh an toghchán i mí Eanáir. Táim ag súil go dtabharfaidh an Rialtas nua an Bille ar ais os comhar na Tithe go luath, agus go mbeidh deis againn é a neartú agus a chur chun cinn roimh dheireadh na bliana mar atá geallta againn sa Chlár Rialtais. Bhí an Coimisinéir Teanga i dteagmháil liom cheana féin lena chuid moltaí chuige sin. Mar atá a fhios agat, tá an Teachta Dara Calleary ceaptha mar Aire Stáit Gaeltachta, Gaeilge agus Spóirt.

“Tá mé ag súil go mór le bheith ag obair as lámha a chéile leis an Aire Stáit nua ar mhaithe lenár gclár oibre leathan sa Roinn nua a chur chun cinn. Chuige sin, tá rún agam cuairt a thabhairt ar an Ghaeltacht in éineacht leis an Aire Stáit Calleary sna seachtainí amach romhainn agus tá súil agam go mbeimid ábalta cruinniú a shocrú leis an gCoimisinéir Teanga ag an tráth sin chun na nithe seo a phlé.”

Bogadh cúram na n-oileán ó Roinn na Gaeltachta chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí, Gnóthaí Tuaithe agus Oileán. Is Gaeltachtaí iad na hoileáin leis na daonraí is mó orthu, cén chiall atá le’n iad a scaradh amach ó Roinn na Gaeltachta?

“Tuigim go bhfuil feidhmeanna na n-oileán agus na Gaeltachta le chéile le tamall fada ach sílim go bhfuil ciall go mbeadh na hoileán faoin réimse forbartha tuaithe ar bhealaí go leor. Tá go leor do na dúshláin chéanna ag na hoileán is atá sna réigiúin tuaithe ó thaobh daonra, rochtain ar sheirbhísí, iompar agus eile.

“Tá go leor oibre déanta go fóill agus ag an Rialtas cheana féin chun dul i ngleic leis na dúshláin seo chomh maith le bheith ag féachaint chuig an todhchaí agus tús curtha leis an bpróiséis chun polasaí oileánda a ullmhú. Táim cinnte go leanfaidh an obair thábhachtach sin ar aghaidh faoin Roinn nua agus faoin Aire Humphreys a bhfuil taithí aici, ar ndóigh, ar na hoileán ón tréimhse a chaith sí sa Roinn sin ag dul siar.

“Ar ndóigh, ní bheidh mo Roinn gan ionchur ar na hoileáin Ghaeltachta mar go mbeidh muid ag plé leo i gcónaí ó thaobh na teanga dhe agus leanfar leis an ionchur láidir atá ag mo Roinn fhéin maidir le forbairt na n-oileán i gcónaí.”

An bhfuil tú dóchasach as todhchaí na Gaeilge/Gaeltachta?

“Cinnte, táim dóchasach. Creidim go láidir go bhfuil an Ghaeilge ar cheann de na hacmhainní nádúrtha is luachmhaire atá againn. Tá sí mar chuid lárnach dár bhféiniúlacht, agus is ceart agus is cóir go ndéanfar gach iarracht chun í a chaomhnú agus a neartú.

“Tá comharthaí dóchais le feiceáil dar liom sa mhéid daoine gur mhaith leo a gcuid gasúir a chuir chuig gaelscoileanna, sa mhéid daoine fásta anseo in Éirinn agus ar fud na cruinne atá ag foghlaim na teanga, san fhás as cuimse a fheiceann muid ar an teanga ar na meáin shóisialta agus an rath atá ar leithid na ‘Pop-Up Gaeltachtaí’ le roinnt blianta anuas.

“Níl aon dabht go bhfuil deacrachtaí ann chomh maith, agus dar liom, caithfidh an Stát iarracht níos fearr a dhéanamh chun tacú leis an teanga. Tá pobal labhartha láidir Gaeilge agus Gaeltacht ríthábhachtach má tá muid chun an teanga a thabhairt slán don chéad ghlúin eile. Má tá meas le bheith ag pobal na tíre ar an teanga, sílim go gcaithfidh an rialtas a léiriú go bhfuil meas ag an Stát ar an teanga.

“Tá orainn timpeallacht a chothú ina mbraitheann daoine muiníneach as a gcuid Gaeilge a úsáid.”

“Caithfidh mé a rá go bhfuil an-spéis agam sa teanga agus i bhforbairt na Gaeltachta i gcoitinne. Bhí sé an-gar do mo chroí sular ceapadh mé sa phost seo ach anois táim tiománta le mo stampa a fhágáil ar an ról agus rud éigean súntasach a dhéanamh ina leith.”