Ag déanamh m’anama i gCoill Chreatlaí


An áit úd inar aoibhinn binnghuth éan

Mar shámhchruit chaoin ag caoineadh Gael...

Ar deoraíocht i dTalamh an Éisc óna dhúchas i gCreatlach, Co an Chláir, a bhí Donnchadh Rua Mac Conmara nuair a scríobh sé a dhán clúiteach Bánchnoic Éireann Óighe: "Is ard a coillte is is díreach réidh/Is an bláth mar aol ar mhaoilinn ghéag..."

Ar ghnás le Donnchadh a dhul ag spaisteoireacht i gCoill Chreatlaí, má bhí coill inti an t-am údaí? Coill bhuaircíneach is mó anois í cé go bhfuil an fheá is an dair, an learóg is an fhuinseog, an bheith is an draighean, in éindí leis an gcoll is an gcuileann scaipthe ar a fud chomh maith.

READ MORE

Ach cé go bhfuil sí i bhfogas cúpla míle bealaigh do chathair Luimnigh is tearc an líon daoine a théann ag siúlóid inti; faitíos orthu.

Ní hamhlaidh domsa, ámh. Le corradh is ceathracha bliain gabhaimse go dtí í go han-mhinic agus is go fiontrach a thaistealaim í seachas go forimeallach. Níor bhraitheas-sa eagla ná imní riamh inti, mé á coisíocht i bhfiarláin nó díreach; í chomh sábháilte, mothaím, le lár na cathrach i lár an lae ghil agus i bhfad níos anamúla.

Coisím inti ins chuile shéasúr, ins chuile chineál aimsire, agus dheamhan babhta nach bhfeicim éagsúlacht is nach bhfaghaim ardú meanmnan: “Biolar is samhadh i ngleanntaibh ceo/’S na srutha sa tsamhradh ag labhairt ar neóin...”

Is álainn liom an geimhreadh, go mbuailim liom amach leis an luathmhaidin sa chaoi is gurb iad mo phriontaí cos féin is túisce a bheas sa phuiteach fliuch nó sa sneachta úrbhán; cé is moite de rianta chréatúirí an dúlra a mbím ag faire amach dóibh.

Bíonn gnúsacht na bhfiach dubh le cloisteáil sa spéir agus clampar na scréachóg coille ag déanamh folach bhíog i measc na gcrann.

Castar an corrchoinín orm; an mada rua sé nó seachrán; an corriora rua is an chorreasóg. Bíonn an corrthréad fianna rua ag fánaíocht sna bólaí; an corrchúpla gabhar fiáin ag fáiteall; an chorrchaora ar strae; gamhna beithíoch ag bradaíl: “Ba bhinne ná méara ar théadaibh ceoil/Ag seinm liom géimneadh a lao is a bó...”

Ach thar aon ainmhí eile a gcuirim spéis ann tá an cat crainn; ainmhí cúthail ar i ndorchadas na hoíche is minice amuigh ag fiach é. Ach tá a chineál sa choill seo agus, buíochas le Dia, idir mháithreacha, fhireannaigh is puisíní feicthe agam. Meamhlach na bpuisíní cloiste agam, iad feicthe agam ag súgradh eatarthu féin, ag spraoi ar stoic chrainnte nó ag primceam rinceam ar an talamh.

Scaití cuirim eolas chuig Ethna is Michael Viney agus bíonn comhráite agam leis an Ollamh Breandán Ó Madagáin a bhíonn ar an ealaín chéanna liom, eisean i gCoill na Cúile i ngar do Ghort Inse Guaire.

Níl tráth a leagaim súil ar chat crainn nach ar Thomás Bairéad a chuimhním.

Ach gur coill í seo freisin ina sonraítear préacháin na gcearc mar go bhfuil blár sléibhe i ndeas di. Donn le prompa bán í an baineann, í níos mó ná an fireannach agus i bhfad níos díbheircí. Glas atá an fireannach.

Tráth goir déanann ceann acu buachailleacht ghéar i gcomharsanacht na nide agus fágaim le huacht agat é go dtabharfar go tréan fút má mheastar gur contúirt thú.

Ach ní taobh leis an bpréachán áirid seo a bheas tú i gCoill Chreatlaí mar go mbeidh mórán préachán eile le sonrú agat; móide colúir, dreoilíní, gealúin, ríthe rua, corcráin, creabhair chaocha, siscíní, caislíní, ceolairí, spideoga, lasracha coille, feadóga buí is feannóga liatha is pilibíní; go gcloisfidh tú gairm na cuaiche ina huain féin.

I dtaca le lusra táid flúirseach: duáin an tseanchais, duáin chaorach, méiríní sí, donnlusra, lusanna úcaire, buachalláin bhuí, dréimirí Mhuire, sailchuacha, cloigíní gorma, saileacháin, créachtaigh.

Tig leat fraocháin, sméara dubha is sútha talúna a phlacadh. Nó a dhul i gcomhluadar Polannach is Liotuánach ag cruinniú beacán, nó ag iascaireacht sa loch in aice láimhe. Is sa choill seo a fhaghaimse mo chrann Nollag, mo chuileann dearg is m’eidheann.

I gcroílár na coille sníomhann abhainn dorcha agus in aimsir fhuarlach bíonn sí chomh tréan is go samhlófá í le bairillí pórtair dá scaoileadh le sruth; an gabha dubh síos is aníos aisti ag cuardach cruimheanna. Tús an earraigh sceitheann luascáin lathaí a gcuid eochraí sna locháin.

Ar uairibh tugaim mo gharchlann go dtí dlúthlár na coille seo chun éisteacht le casúr leipreácháin nó sin cnagaire i gcrann. Ó am go chéile tagann marcach an bealach ag aclú capaill. Buaileann formad an t-am sin mé leis an té atá ar bord.