Ag cothú na hinchinne

Ní thar oíche a thagann an inniúlacht feasa chun inmhe agus tá eisceachtaí ann, mar a thaispeánann Fionn Mac Cumhaill

Foclóir: Inneal - engine, eisceachtaí - exceptions, tairngreacht - prophecy, laige - weakness, foinse - source, inchinn - brain, bradán - salmon, néareolaíocht - neurology, collchnó - hazelnut.

Nach iontach í inchinn an duine? Inneall foghlama, agus stóras domhain de thaithí, de thuiscintí agus d'fhios. Ní thar oíche a thagann an inniúlacht feasa seo chun inmhe. Ach tá eisceachtaí ann, mar a thaispeánann Fionn Mac Cumhaill.

Mar is go héasca is cosúil a fuair Fionn fios an tsaoil. Eisean is túisce a bhlais an bradán feasa, cé gurbh é Finnéagas a chaith na blianta fada ag iarraidh breith air. Bhí fáil ag Fionn ina dhiaidh sin ar pé saíocht, seanchas, tairngreacht agus a leithéid eile a bhí ag teastáil uaidh. ‘Fios táscach’ abraimis.

Ach dá fheabhas an foinse feasa é seo, dhealródh go ndeachaigh Fionn amú ó am go chéile. I gcead dó, chothaigh sé trioblóid mhór, nuair a fuair an t-éad an ceann is fearr air, aimsir thóraíocht Dhiarmada agus Gráinne, mar shampla. Ní raibh an saoi saor ó locht sa chás sin. Laige sa taobh mothúchánach nó sa bhfios pearsanta mar a déarfadh an síceolaí forbartha Meiriceánach Howard Gardner. Mar is fios é sin chomh maith agus é fite fuaite leis an gcineál eile feasa intleachtúil, cognaíoch.

READ MORE

Agus d’fhág an laige seo easpa feasa de chineál eile ar Fionn, a chuir an dallamullóg air i slite suntasacha.

An bhféadfaí cuid den mhilleán a chur ar an mbradán? B’fhéidir gur ró-éasca a fuair Fionn fios an tsaoil agus gur bac, seachas bua a bhí ann dá réir. Mí-ádh seachas ádh. An mbeadh sé níos fearr as dá mbeadh dua níos mó ag baint le foghlaim a chuid feasa, bunaithe ar thaithí thar tamall fada saoil. Seachas é a bheith bronnta air in aon bhabhta amháin gan aon stró.

Ceart go leor, d’fhág sé níos spéisiúla é mar charachtar is dócha. Agus díol spéis dúinne chomh maith is ea an bradán a bheith ina fhoinse feasa sa scéal. Ní raibh aon dul amú ar an scéalaí. Mar taispeánann an néareolaíocht go bhfuil cothú den scoth le fáil sa bhradán don inchinn, cothú ar a dtugtar Óimige 3. Geireach nó sailleach atá ann, ach é a bheith ina dhea-shailleach. Agus tá sé ina rogha bia ag an inchinn.

Ach fan. Mar níos túisce sa scéal a thit naoi gcollchnó ó naoi gcrann coill isteach san uisce. Shlog an bradán siar iad, agus pé próiseas néaró-ceimiceach a lean, fágadh an bradán ina bhradán feasa.

Bheadh na néareolaithe sásta leis an bpíosa sin freisin, de bharr an cnó a bheith aitheanta mar fhoinse Óimige 3 chomh maith. Agus, níos fearr fós - d’fhág sé sin meascán den dá shórt d’Óimige 3 a bheith ite ag Fionn in aon bhabhta amháin. Mar is meascán den dá shórt a mholann na heolaithe – ó na plandaí (cnónna agus síolta) agus ó na héisc.

Is mo deoir uisce atá gafa béal na Bóinne amach ó tharla an eachtra seo, agus bheadh tuairimí againn ar fad conas cur leis an scéal – nach é sin a tharlaíonn sa litríocht bhéil?

Cad faoin gcnó mar shampla? Mar tá cnó de chineál eile ann atá níos fearr fós ná an collchnó maidir leis an méid den Óimige 3 atá ann. Níos fearr ná aon chnó eile.

An gallchnó, nó cnó gallda nó cnó francach atá air, de bharr gur ón gcuid sin den Eoraip ar a dtugtar an Fhrainc anois air a thagadh an cnó seo anallód. Is cosúil gur on nGearmáinis a thagann ‘wal’ a chiallaíonn gallda a thugann dúinn an leagan Béarla, walnut.

Bheadh na néareolaithe lánsásta le leasú mar sin sa scéal. Agus ní bheadh aon ionadh orainn féin. Féach ar chruth an chnó seo féin atá ar aon dul le cruth na hinchinne - dhá leath ann mar a bheadh an leathsféar chlé agus dheis den inchinn, agus mórán cuar agus lúb iontu, amhail is gur gréasán de néaróga, artairí agus cillíní fola a bhí ann, iad ligthe in aimhréidh.

Nach éirimiúil máithriúil é an nádúr, a chuir an cothú bia seo ar fáil go nádúrtha agus é i bhfoirm a chuireann i gcuimhne an chuid sin den chorp is mó a bhainfidh tairbhe as – an inchinn?

Ró-luath do ré na Fiannaíochta b’fhéidir, mar is ón iasacht a thagann an cnó agus ní raibh an trádáil thar lear chomh forbartha sin ag an am.

Ach tá cor bealaigh ar strae déanta.

Slí fada chun a mheabhrú gur gá cúram níos fearr a dhéanamh den inchinn, agus í a choimeád ar deil agus ina máistir feasa. Tá an cúram sin ina dhá chuid. Is ga í a choimeád gnóthach agus gníomhach – an fhoghlaim fadsaoil a thugtar airsean. Agus maidir leis an dara cuid, an cothú bia? Iasc agus cnónna. Le meascán den dúchas agus den iasacht.